24 Deireadh Fómhair 2017

Śvetāśvatara


Dhá rann as an Śvetāśvatara Upaniṣad (4:3-4)

Is bean thú, is fear thú. 
Is ógánach thú agus is iníon.
Is seanfhear le maide thú a shiúlann go corrach.
Saolaítear thú le d'aghaidh ar gach treo.

Éan gorm thú agus éan glas le súile dearga.
Broinn na tintrí thú. Ráithí agus farraigí thú.
Gan tús, is tú an uileláithreacht   
óna saolaítear gach uile neach.


त्वं स्त्री त्वं पुमानसि त्वं कुमार उत वा कुमारी ।
त्वं जीर्णो दण्डेन वञ्चसि त्वं जातो भवसि विश्वतोमुखः ॥३॥

नीलः पतङ्गो हरितो लोहिताक्षस्तडिद्गर्भ ऋतवः समुद्राः ।
अनादिमत् त्वं विभुत्वेन वर्तसे यतो जातानि भुवनानि विश्वा ॥४॥


20 Deireadh Fómhair 2017

Laoi an Chruthaithe


Nāsadīya Sūkta
Ṛg Veda 10:129


Ag an am sin ní raibh beith ann ná neamhbheith.
Ní raibh an t-aer ann ná an neamh thairis.
Céard a chlúdaigh, céard a chosain, cén áit?
An raibh duibheagán dothomhaiste ann?

Ní raibh bás ann ná neamhbhásmhaireacht.
Ní raibh lorg an lae ná na h-oíche ann.
D’análaigh an t-aon gan aer leis féin.
Ní raibh rud ar bith eile ann.


Bhí dorchadas fillte i ndorchadas ar dtús,
Uisce doiléir an méid seo uile.
As neamhní ceilte i neamhní,
rugadh an t-aon trí chumhacht teasa.

Tháinig mian ar dtús.
Céadsíol na hintinne a bhí inti.
Saoithe a scrúdaigh a gcroí go críonna
a d’aithin gaol na beithe le neamhbheith.

Shín siad a dtéad ó cheann go ceann.
Céard a bhí faoi, céard os a chionn?
Bhí síoladóirí ann. Bhí fórsaí móra ann.
Bhí cumhacht thíos, bhí tabhartas thuas.

Cá bhfios go fírinneach nó cé a déarfaidh
cár rugadh an uile agus cad as don chruthú?
Tháinig na déithe tar éis an tuismidh.
Cé aige a bhfuil a fhios cár éirigh sé?

Conas a tharla an cruthú seo,
má múnlaíodh nó mura múnlaíodh é,
an té a fhéachann anuas ó na flaithis,
tá a fhios aige. Nó b’fhéidir nach bhfuil.



नासदासीन्नो सदासीत्तदानीं नासीद्रजो नो व्योमा परो यत् |
किमावरीवः कुह कस्य शर्मन्नम्भः किमासीद्गहनं गभीरम् ॥ १॥

न मृत्युरासीदमृतं न तर्हि न रात्र्या अह्न आसीत्प्रकेतः |
आनीदवातं स्वधया तदेकं तस्माद्धान्यन्न परः किञ्चनास ॥२॥

तम आसीत्तमसा गूहळमग्रे प्रकेतं सलिलं सर्वाऽइदम् |
तुच्छ्येनाभ्वपिहितं यदासीत्तपसस्तन्महिनाजायतैकम् ॥३॥

कामस्तदग्रे समवर्तताधि मनसो रेतः प्रथमं यदासीत् |
सतो बन्धुमसति निरविन्दन्हृदि प्रतीष्या कवयो मनीषा ॥४॥

तिरश्चीनो विततो रश्मिरेषामधः स्विदासीदुपरि स्विदासीत् |
रेतोधा आसन्महिमान आसन्त्स्वधा अवस्तात्प्रयतिः परस्तात् ॥५॥

को अद्धा वेद क इह प्र वोचत्कुत आजाता कुत इयं विसृष्टिः |
अर्वाग्देवा अस्य विसर्जनेनाथा को वेद यत आबभूव ॥६॥

इयं विसृष्टिर्यत आबभूव यदि वा दधे यदि वा न |
यो अस्याध्यक्षः परमे व्योमन्त्सो अङ्ग वेद यदि वा न वेद ॥७॥

17 Deireadh Fómhair 2017

Éin


Dhá sheanfhocal agus beannacht:






15 Deireadh Fómhair 2017

lámhdhéithe




lámhdhia, m. (gs. ~, pl. -dhéithe). Lit. Household god, idol.


Tá a fhios againn go mbíonn chuile dhia níos diaga faoi thrí.

14 Deireadh Fómhair 2017

An bhfuil ciall uathúil ag gach aon fhocal?


A bhfuil na focail "aibhléis" agus "leictreachas" inmhalartaithe? An ionann an chiall dóibh? Céard faoi "gluaisteán" agus "carr"? "Guthán" agus "teileafón"? "Freisin" agus "fosta" agus "leis"?

Pléadh an cheist seo in Auraicept na n-Éces (Uraiceacht na nÉigeas) i bhfad ó shin sa mheánaois.

Is ed asbeir in Laitneoir cid leithiu i foclaib & i llitrib in Gaedelc, ni leithe i ciallaibh; ar cia bet ilanmann icon Gaedel ic sluinn na raet, tic in chiall relait asin uathadh focul fil icon Laitneoir. Ni fir on, amal asbert in Laitneoir fein: Nisi sciris nomen, cognitio rerum periit .i. atbail int aichnius inna raet meni aichnigther int ainm.


Is é a deir an Laidneoir, cé go bhfuil an Ghaeilge níos leithne i bhfocail agus litreacha, níl sí níos leithne i gcialla; óir cé go bhfuil mórán focal ag an Gael le rudaí a shloinneadh, tagann an chiall chéanna as an uathadh focal atá ag an Laidneoir. Níl sin fíor, áfach, mar a dúirt an Laidneoir é féin: Nisi sciris nomen, cognitio rerum periit.  Is é sin, éagann eolas ar rudaí mura n-aithnítear an t-ainm. 

Dar leis an Laidneoir, níl in "electricity" ach rud amháin, agus níl an Ghaeilge níos saibhre toisc go bhfuil dhá fhocal aici air. Dar leis an údar Gaelach, tá ciall dá chuid féin ag chuile fhocal. Tá chuile cheann acu uathúil, is cuma cé mhéad acu atá ann, agus tá chuile cheann acu luachmhar.

12 Deireadh Fómhair 2017

Leithghabháil Chultúrtha


“Leithghabháil chultúrtha” an Ghaeilge ar “cultural appropriation”. Céard is ciall leis an téarma?

1. Ní minic a mhaíonn daoine atá ina bhall de mhórchultúr go bhfulaingíonn siad leithghabháil chultúrtha. Nuair a labhraíonn eachtrannaigh Béarla nó nuair a dhéanann siad aithris ar cheol racanról, ní chuireann sé sin isteach ar an ngnáth-Mheiriceánach.

2. Is iad pobail beaga, pobail atá in mionlaigh, agus pobail a raibh smacht coilíneach orthu tráth, is mó atá thíos le leithghabháil chultúrtha.

3. Tarlaíonn an rud seo ón taobh amuigh de ghnáth. Tarlaíonn sé nuair nach bhfuil ach breaceolas ag an duine ar an gcultúr atá i gceist. Sracann sé píosaí de as a chomhthéacs agus baineann úsáid astu. Uaireanta bíonn airgead le gnothú as seo, uaireanta eile cáil, uaireanta an dá rud.

4. Toisc nach dtuigeann an duine seo an cultúr ina iomláine, toisc nach bhfuil sé fréamhaithe ná oilte ann, déanann sé botúin leis na píosaí a ghlacann sé chuige. An pictiúr a thugann sé don saol mór, is pictiúr lochtach é: neamhiomlán nó bréagach ar fad.

11 Deireadh Fómhair 2017

Janus


Tá Oíche Shamhna ag teannadh linn arís. Deirtear gur teorainn atá inti, teorainn idir bliain amháin agus an chéad bhliain eile, agus teorainn idir an Ceantar (an gnáthshaol) agus an tAlltar (an saol eile). Tairseach in am agus i spás - spás de shaghas éigin - atá in Oíche Shamhna, más fíor.



Bhí dia ag na Rómhánaigh darbh ainm Janus. Dia a bhreathnaigh chun tosaigh agus siar san am céanna a bhí ann, dia an dorais agus na tairsí, dia a bhí ann ag gach tosach agus le gach deireadh.



Nuair a chonaic mé an íomhá seo ó Mheicsiceo, thuig mé ar an toirt go raibh Janus le haghaidh Oíche Shamhna agam!