11 Deireadh Fómhair 2017

Janus


Tá Oíche Shamhna ag teannadh linn arís. Deirtear gur teorainn atá inti, teorainn idir bliain amháin agus an chéad bhliain eile, agus teorainn idir an Ceantar (an gnáthshaol) agus an tAlltar (an saol eile). Tairseach in am agus i spás - spás de shaghas éigin - atá in Oíche Shamhna, más fíor.



Bhí dia ag na Rómhánaigh darbh ainm Janus. Dia a bhreathnaigh chun tosaigh agus siar san am céanna a bhí ann, dia an dorais agus na tairsí, dia a bhí ann ag gach tosach agus le gach deireadh.



Nuair a chonaic mé an íomhá seo ó Mheicsiceo, thuig mé ar an toirt go raibh Janus le haghaidh Oíche Shamhna agam!

10 Deireadh Fómhair 2017

caithréim


caithréim, f. 3. (Of speech) Flourish; ‘run’ in story-telling. [Foclóir Gaeilge-Béarla] 

Is i scéalta ón mbéaloideas a chuir mé aithne ar an gcaithréim den chéad uair. Más maith mo chuimhne is ag léamh sean-eagrán den scéal An Lacha Dhearg a bhí mé nuair a chuaigh caithréim amháin i bhfeidhm go mór ormr. Bhí beirt ag troid, agus ag troid, go dtí go ndearna siad "cruán den bhogán agus bogán den chruán."


Tá leaganacha eile den chraithréim seo ann agus is léir ón méid a d'úsáidtí í gur thaitin sí go mór leis na scéalaithe. Bhí an an leagan seo ag an seanchaí Seán Ó Domhaill:

Chasgair siad a chéile aníos agus síos, anuas agus suas, aniar agus siar, anoir agus soir, go dtearn siad creagán den bhogán agus bogán den chreagán.

Bhí gliondar orm nuair a casadh an caithréim chéanna orm arís i leabhar nua a foilsíodh i mbliana:

Rinne na laochra sin bogán den chruán nó gur scoilt glasleacracha na talún futhú le méid a gcuid mire.

An leabhar atá i gceist agam ná Conaire Mór: Seacht nDoras na Cinniúna le Diarmuid Johnson, athinsint ar scéal ó ré na Sean-Ghaeilge, tragóid atá inchurtha le Macbeth Shakespeare. Cé go bhfuil na carachtair agus na himeachtaí céanna againn sa leagan nuachumtha seo, tá Johnson tar éis insint úrnua a thabhairt dúinn, insint a gheofá ó úrscéalaí na haoise seo a bhí ina sheanchaí oilte dhá chéad bliana ó shin.


Mar is gnách don seanchaí, tá uaim go leor againn in Conaire Mór:

Ní dhearn Ingéal Caoch ach gáire tur tirim gan taise.

Tá intriachtaí a théann i bhfad siar:

Dar déithe na tuaithe!

Agus tá neart caithréimeanna lán le háibhéil álainn: 

Thug siad ruaig siar [i mbád] i dtreo na hÉireann a chuir an cúr go tóin na farraige agus an gaineamh buí go barr na toinne. 

San am céanna, tá scéal eachtrúil againn a bhogann chun tosaigh go sciobtha agus a chríochnaíonn go sásúil ar leathanach a nocha.


03 Deireadh Fómhair 2017

Gutaí Casta


Tá na litreacha Rómhánacha réasúnta gonta. Ní bhaineann siad úsáid, ar an mórgóir, as níos mó línte ná mar is gá le litir amháin a idirdhealú ó na litreacha eile. Tá cruth na ngutaí, mar shampla, sách simplí: A E I O U. Tá aibítrí eile ann, áfach, a bhfuil gutaí - agus litreacha eile - acu atá i bhfad níos casta. Seo samplaí de na cinn is fearr liom. 

ē Avestan

i Glagolitic

ō Sinhala

ē Svan

i Tamil

ū Telugu

e Tifinagh

Is dóigh liom, cé nach bhfuil sé éasca an ceann is casta a thoghadh, gur chóir an chraobh a thabhairt do "o fada" na Burmaise:

ō Burmese

01 Deireadh Fómhair 2017

"Teas" ó Phróta-Ind-Eorpais go Gaeilge



Ní dócha go mbeidh chuile scoláire a bhfuil baint aige nó aici le stair na dteangacha Ind-Eorpacha ar aon intinn go huile is go hiomlán leis na leaganacha a bhfuil réiltín rompu. Atógálacha atá iontu, tar éisi an tsaoil. Ach is cosúil go bhfuil an scéal ceart ar an mórgóir.


Adam Levine leis an bhfocal Sanscraite "tapas" mar thatú ar a bhrollach.

27 Meán Fómhair 2017

i measc na nGaidheal


- Agus maidir le Dolly?
- Oh, thit muid amach faoi dhó.
- Conas sin? 
- An chéad uair, dhíspeag sí an ceiliúradh Hogmanay a bhí againn.
- Agus an dara huair? 
- Ní bhfuair sí na bróga athláimhe Prada sa cheant ciúin roimh an gceolchoirm anuraidh.

15 Lúnasa 2017

ach



inis agus oileán


Tá dhá fhocal a chiallaíonn "island" againn.