13 Feabhra 2016

bandacht

Tá cúnamh ag teastáil uaim leis an ortha seo!

Tá ortha ag bun an leathanaigh 129v sa LS 72.1.2 in Leabharlann Náisiúnta na hAlba. Deir an cuntas catalóige gurb é atá ann ná "charm to protect the vulva, beg. Bir Bran ar leor meor."

Tá an chéad chuid dá bhfuil scríofa sách éasca a léamh:

bir * bran * ar * leor * meor* Scríb so an slait caotrainn 7 cuir fo cosib mna 7 ni fathar banndacht …

Níl mé cinnte ach is dóigh liom gur leagan malartach de "faightear" is ea "fathar".

Ach maidir leis an gcuid eile de, ní féidir liom bun nó barr a dhéanamh de:

ortha grá



Seo ortha grá ón lámhscríbhinn 72.1.2, f. 33r i Leabharlann Náisiúnta na hAlba. 

Mo thras-scríobh: 


Ataid annso 4 litreacha agus gibe scribhus an slait iad agus in be
an do bualadh di agus carfaidh si thu .i. ioch. ceh. heo. non

Is cosúil nach bhfuil le déanamh agat ach na litreacha ioch ceh heo non a scríobhadh ar shlat agus bean a bhualadh léi agus tabharfaidh sí grá duit!  Maidir leis na litreacha, tá mé dall orthu.  An féidir gur litreacha oghaim atá i gceist?


02 Feabhra 2016

25 Eanáir 2016

aibítir álainn

Tá an t-abecedarium seo le feiceáil ar leathanach f158r i Leabhar Mór Leacain, lámhscríbhinn 23 P2 ag Acadamh Ríoga na hÉireann.



09 Lúnasa 2015

fuisce marfach & ceann faoi eite


Seo sliocht as Annála Chonnacht don bliain 1405: 



Seo é an téacs a bhfuil suim againn ann:



Risded Mag Ragnaill adbur taisig na nEolusach 
quieuit iar n-ol usci bethad co himarcach 
⁊ dob usci marbtha do Risded.

Agus an téacs céanna i nGaeilge an lae inniu:



Risteard Mag Raghnaill, ábhar taoisigh na nEolasach, 
fuair sé bás tar éisdó an iomarca uisce beatha a ól 
agus ba uisce marfach do Risteard é.

Ach má thugann tú iarracht ar an téacs a leanúint ar an bpictiúr thuas, feicfidh tú nach bhfuil an leagan amach chomh simplí sin.  Tosaíonn ár dtéacs leis an R mór (1), téann sé go deireadh an líne, ansin léimeann sé go dtí lár an líne os a chionn (2), ansin léimeann sé arís síos dhá líne go (3).  Níl an líníocht seo ró-mhaith, ach is féidir na gluaiseachtaí seo a leanúint uirthi: 


Cén fáth an léim suas? Toisc go raibh spás bán ar an líne sin, agus ba pheaca é gan spás bán a líonadh! Baintear úsáid as saghas noda ar a dtugtar “ceann faoi eite” le taispeáint gur lean an téacs thuas ansin. Tá an ceann faoi eite seo cosúil le S relaxáilte, ach bhí dóigheanna eile ann len é scríobh:


Feictear sna lámhscríbhinní go minic é.

09 Bealtaine 2015

Lemnaceae



Seo frog ag gliúcaíocht amach ó bhrat Lemnaceae, nó ros uisceros lachan i nGaeilge. Duckweed a thugtar air i mBéarla.

Tá an focal “ros” suimiúil toisc go bhfuair sé iontráil i Sanas Cormaic (ca. 900 AD). Bhí trí “ros” ann míle bliain ó shin, déanta na fírinne, díreach mar atá againn inniu:

ros = coill
ros = síol lín 
ros = ros uisce / ros lachan

Míníonn Cormac go dtáinig an tríú focal ó ró-fhos:



ro fos on ar ni bi acht for marbuisce

ró-fhos é sin óir ní bhíonn sé ach ar mharbhuisce

Is fíor do Chormac nach bhfasann ros uisce ach ar uisce ciúin - uisce a fhanann i bhfos. Ach ní fíor dá shanasaíocht, faraor.