04 Samhain 2014

Conas dán a scríobh gan dua


1. Faigh leabhar. Bheadh úrscéal go maith, ach is cuma. Dán avant garde -- nó turgnamhach -- a bheas á chumadh agat.

2. Cuir do mhéar sa leabhar, áit éigin, go randamach.

3. Sin é an t-ábhar a bheas le múnlú agat. Chuir tú do mhéar air!  

Sa chás seo, thogh mé an t-úrscéal An Uain Bheo le Diarmaid Ó Súilleabháin.  



‘Ní raibh is dócha … Sin í mo mháthair, an tsamhlaíocht ag rith léi de shíor -- chuirfinn geall go raibh faitíos uirthi go gcuirfeadh sé sinn thar chlaí nó go n-éireodh sé cancrach …’

4. Bearr agus teasc é mar is mian leat, ach ná hathraigh ord na bhfocal. Ansin cuir bristeacha líne ann.

Sin í mo mháthair.
An tsamhlaíocht.
Rith léi de shíor.
Chuirfinn geall
uirthi.

5. Tá tú beagnach réidh. Níl ag teastáil anois ach teideal. Ní mór dó bheith débhríoch nó aduain, nó cliste más féidir. Is é seo an chuid is deacra den jab.  Hmmm.  Céard faoi:

Is í Máthair na nDánta an tSamhlaíocht 

Moltaí eile?

02 Samhain 2014

Ar chóir duit a bheith i do chrann ard?


Seo crann ard, crónghiúis i gCalifornia le bheith beacht.



Agus seo a bhfuil le rá ag téacs in Leabhar Buí Leacáin faoi chrann ard.


Armad ard in crand is móide co mór benaid na gaetha fris.

I nGaeilge an lae inniu: Dá airde an crann is ea is mó go mór a bhuaileann na gaoithe é.

Chuir sin nath Seapánach i gcuimhne dom:

出る釘は打たれる
Buailtear síos an tairne a ghobann aníos.

Is léir ón téacs thuas, tráchtas crábhaidh dar teideal Tegasc Rig Solmain meic David, gur rabhadh a bhí ann, ar nós an natha i Seapáinis. 

I ndánta saolta, áfach, bhaintí úsáid mholtach as an íomhá chéanna. “Rop éo uasind fhid” (crann iúir os cionn na coille a bhí ann) a scríobh file amháin faoina phátrún marbh, agus “crann os gach coill craobh” a scríobh file eile. Íomhá laochúil atá againn anseo. Seo fear ard diongbháilte a sheasann an fód.  Is minic a bhain na Sean-Ghaeil úsáid mheafarach as focail eile cosúil leis sin: clí, columna, tuir, úaithne, focail leis an gciall piléar, colún, cuaille.

29 Deireadh Fómhair 2014

scéilín goirt


Tá tráchtas beag Sean-Ghaeilge againn a phléann na saghasanna éagsúla aoire atá ann.  Tosaíonn sé leis na focail “Cis lir fodlai aíre?” Cé mhéad cineál aoire atá ann?

An chéad saghas aoire a phéitear ná “aisnéis.” Gearán nach bhfuil déanta i riocht filíochta atá i gceist. Tugtar an sampla greannmhar seo dúinn. 

Tá cáinte (cineál aorthóra) ar cuairt i dteach uasal. Níl sé sásta lena chuid. Fiafraíonn an seirbhíseach de, “In scerdfider salann duit ar do chuitid?” An gcroithfear salann duit ar do chuid? 


RIA Dii 1, f. 137r

“Níthó,” a deir sé. “Níl aon rud ar a gcroithfear é mura gcroitear ar mo theanga. Ní gá sin. Tá mo theanga goirt cheana féin!”

RIA 23 P 12, f. 163r

Is guirt cena.

Bhí dhá chiall le “goirt” sa tSean-Ghaeilge díreach mar atá dhá chiall leis inniu: (1) salty (2) bitter.

26 Deireadh Fómhair 2014

an bia is oiriúnaí do Lá Samhna


Seo iad na bianna is cuí ag an am seo bliana, de réir an rainn seo ón sean-am.

Carna, cuirm, cnóimes, cadla, 
it é ada na samna; 
tendal ar cnuc co n-grinde, 
bláthach, brechtán úrimme.


Feoil, beoir, cnónna, ispíní,
iad is oirinúnaí Lá Samhna; 
tine ar chnoc le grinne*, 
bláthach, cnapán úr-ime.

* Tá an focal “grinne” againn fós san fhoclóir. Tá dhá chiall leis, mar atá “1. brosna; 2. grúpa daoine, buíon”. Bheadh ceachtar acu oiriúnach sa chomhthéacs seo. 

An bhfuil oideas ag éinne a bhfuil na comhábhair uilig sin ann? Nó céard faoi friochtán d'ispíní a bhfuil cnónna iontu, arán déanta le bláthach is im, agus beoir mar dheoch?


18 Deireadh Fómhair 2014

aire


Seo mar a scríobh scríobhaí amháin na focail “la Guaire” in Leabhar Buí Leacáin. Is ionann “la” agus “le” i nGaeilge an lae inniu. Ba rí é Guaire Aidne mac Colmáin a fuair bás sa bhliain 622. Cé gur duine stairiúil a bhí ann, ba charactar é freisin in a lán scéalta a cumadh ina dhiaidh sin.



Rinne an scríobhaí (nach bhfuil a ainm ar eolas againn) monagram néata de “aire.” Thaitin an cleas sin liom.  Scríobh mé arís é dom féin mar seo le peann feilte: 


Focal ann féin é “aire.” Dhá fhocal éagsúla atá ann, le bheith cruinn:

1. aire = an ceann atá ar roinn stáit

2. aire = cúram, aird

Le bheith níos cruinne fós, tá trí cinn ann, toisc go ndearnadh dhá fhocal de “aire uimhir a dó” tamall ó shin i stair na teanga. Tá “aire” agus “faire = coimhéad” againn anois. Is minic a cuireadh f- nach raibh ann go stairiúil roimh focal a thosaigh le guta sa tSean-Ghaeilge. “Fuar” atá ann anois, ach “úar” a bhí ann ar dtús, mar shampla. I gcás “aire,” coinníodh an dá leagan, ach le bríonna atá rud beag difriúil.

16 Deireadh Fómhair 2014

An Bronntanas


Fuair mé bronntanas beag an lá cheana, réamhamharc ar an gcéad eipeasóid de shraith nua teilifíse a thosóidh ar TG4 i gceann seachtaine. Scéinséir atá ann. Tá bás le hadhairt againn sa chéad nóiméad, ach is bás anabaí a thagann go luath ina dhiaidh sin. 

An Bronntanas is ainm don dráma seo. Ainm báid, sa chás seo. Ní bhíonn chuile bhronntanas go maith don duine a fhaigheann é.


Dara Devaney mar JJ

Níl ach 1/5 den dráma feicthe agam. Céard a tharlóidh do JJ anois? Cibé, beidh sé … mmm … suimiúil!

05 Deireadh Fómhair 2014

folcadh



fothrucad

Is é seo an focal Sean-Ghaeilge ar “folcadh.” Tá iontráil dó in Sanas Cormaic, an foclóir sanasaíochta a cuireadh le chéile ca. 900 AD. Tugann Cormac cúpla míniú ar an bhfocal dúinn. Is fearr liom an chéad cheann, bíodh is nach bhfuil aon bhaint aige le fíorstair an fhocail:

597. Fothrucad quasi othrucad, ar is d'othraib .i. d'oes lobair is mencem.

Fothrucad quasi othrucad, oir is do othair, i.e. do aos lobhair (do dhaoine easlána) is minice.

I bhfocail eile, bhí baint ag folcadh le tinneas nó le galar in intinn an tsanaseolaí seo.