29 Meán Fómhair 2014

an drochshaol ca. 1400


Seo nóta truamhéalach a d'fhág Murchadh Ó Cuindlis ar phíosa beag páir in Leabhar Buí Leacáin



IS doilig lind in mil mu
i- do gabad in ar paindter
do gaid dona d___thib
drochenig & is mesa lind
ina sin urmor ar muind
tire dobeth ag ec & dar lim
ni slan in becan dib nach


uil na laigi & ni lugaidi
a saith a mbeth re bas uile.

Seo iad na focail chéanna i litriú an lae inniu:

Is doiligh linn an míol má a gabhadh inár bpaintéar a ghoid do na daoinibh (?) drocheanaigh agus is measa linn ná sin formhór ár muintire a bheith ag éag agus dar liom ní slán an beagán díobh nach bhfuil ’na luí agus ní lúide a sáith a mbeith le bás uile.

Agus seo athrá de i nGaeilge an lae inniu.

Is doiligh linn an giorria a gabhadh inár ngaiste a bheith goidte leis na daoine (?) mí-onóracha agus is measa linn ná sin formhór ár muintire a bheith ag fáil bháis agus dar liom ní slán an beagán díobh nach bhfuil ina luí agus tá an méid céanna acu ar tí bás a fháil.

Tá focal amháin sa tríú líne a bhfuil an chuma air gur scriosadh é agus gur scríobhadh air.  An scríobhaí féin a rinne é, is dócha.  Thras-scríobh mé é mar “daoinibh” toisc go n-oireann sé sin don chomhthéacs, ach is léir go bhuil - nó go raibh - focal eile i gceist.

Maidir leis an gcéad fhocal eile, “drochenig,” níl “enech” sa teanga níos mó. “Aghaidh” an bhunchiall a bhí leis sa tSean-Ghaeilge, ach chiallaigh sé “onóir” chomh maith (cf. he lost face). Na daoine a ghoid an giorria a bhí gafa sa dol, bhí siad of bad honour.

Is cosúil go raibh plá ann ag an am sin. Bheadh orm níos mó taighde a dhéanamh, áfach, le tuilleadh a rá faoi sin.

Chuir mé cúpla nóta eile a d'fhág Murchadh Ó Cuindlis i lámhscríbhinn eile ar an mblag cúig bliana ó shin, anseo (faoina a chat), anseo (faoin spideog), agus anseo (an cat arís), chomh maith le ceann nó dhó eile a scríobh sé faoin am céanna.

24 Meán Fómhair 2014

an scríobhaí céanna


Seo é an scríobhaí céanna, ag caint arís faoin gcoinneal a fuair sé “le cluainaireacht.” Nochtann sé ainm na mná a thug an solas sin dó. Agus maíonn sé - go dána fós - nach cúis aithrí dóibh é sin.

 Ag sin lethtaobh do sgribus


 oidhqi feil san nicalas


 7 an sgol uile na dtaoi acht meisi


 7 nar aithfrigi dei sin orm fein


na ar a mnaoi tuc solus dam .i. sile


“Sin é an leathanach a scríobh mé oíche Fhéile San Nioclás agus an scoil uilig ina dtámh ach mise, agus ná raibh  aithrí de sin orm féin ná ar an mnaoi a thug solas dom, i.e. Síle.”

Is dócha gurbh í Síle an bhean a chiontaigh sé sa nóta seo, an bhean a chuir a aigne óna chuid oibre, dar leis. 

20 Meán Fómhair 2014

scríobhaí ag clamhsán


Is cosúil nach raibh mo dhuine sásta leis an scríbhneoireacht ar an leathanach seo (col. 520-21 i Leabhar Buí Leacáin), cé go bhfuil an pheannaireacht an-soiléir, rialta agus soléite i mo thuairimse. Pé scéal é, d'fhág sé an nóta seo ag bun an leathanaigh.


Ag sin droch lethenach is mesa litir ar bith

7 mallacht don mnai is ciontach ris sin

do cuir maignedh on iath go roile

“Ag sin drochleathanach, is measa litreacha ar bith, agus mallacht ar an mnaoi is ciontach leis sin, a chuir m'aigne ón iath [= fearann, tír] go ceann eile.”

Is dócha gurbh é an leathanach féin an “fearann” a bhí sé a threabhadh lena pheann. 

Tá cuid de na noda seo suimiúil:


 
= [dro][ch]

 
= l[eth]en[ach] 


 
= m[all]a[cht]

= [ci][on][tach]

18 Meán Fómhair 2014

ómós



An bhfeiceann tú na litreacha o r z anseo? Feiceann téacsálaithe Síneacha rud éigin eile:


Baineann siad úsáid as an íomhá seo le “Tugaim ómós duit. Tá meas mór agam ort” a rá le trí litir. Ar nós an chroí  ❤ , níl an íomhá seo ceangailte go díreach le teanga ar bith. Is féidir a mhaíomh go bhfuil sléachtadh níos Áisí nó Ioslamaí ná Eorpach nó Meiriceánach, ar ndóigh, ach le fírinne ní cuid lárnach de chultúr na Síne níos mó é ach oiread. 

17 Meán Fómhair 2014

solas don scríobhaí


Is fada ó thug mé nóta imill daoibh. Seo ceann deas dána ó Leabhar Buí Leacáin (col. 508-09), a d'fhág an scríobhaí ag bun an leathanaigh. Tá na híomhánna seo inmhéadaithe:



Dar lem féin a sgol is maith do ben me



in coinneal ar cluanaireacht diph

“Ar liom féin, a scoil, is maith a fuair mé an choinneal le cluaineareacht díbh.”

Níl a fhios agam cén saghas cluaineareachta, nó cluanaíochta, a bhí i gceist. Is cosúil go raibh an scríobhaí bródúil as féin, pé scéal é.

Seo cúpla ceann de na noda atá le feiceáil ann:


 air in cluanaireacht

(e)acht in cluanaireacht

di in diph (díbh)

15 Meán Fómhair 2014

spiaireacht


Níl a fhios agam cé a chum an chéad leagan den chartún seo. Sárshaothar atá ann! Seo cúpla leagan Gaelach de. 

Réaltán Ní Leannáin a d'aistrigh agus a rinne an chéad cheann seo a photoshopáil.


Cliceáil le méadú.

D'aistrigh David Stifter an dara ceann agus rinne Naoise Ó Donnaile an photoshopáil.


Cliceáil le méadú.

Is dóigh le David gur féidir feagra Obama a aistriú mar seo freisin: “Ní hé-side as athair duit.”

Tá leaganacha i nGàidhlig agus i nGaelg ag teastáil fós!

14 Meán Fómhair 2014

briamon smetrach



An bhfuil an fear óg seo ag iarraidh duine eile a mharú? B'fhéidir go bhfuil, más file ar an seandéanamh é a bhfuil briamon smetrach ar eolas aige. Míníonn an sliocht seo as Sanas Cormaic céard atá i gceist.

Leabhar Buí Leacáin col. 14

BRimon smetrach .i. ainm 
nemthiusa dogníat filid im nech 
atatoing .i. meilid smit ind aue 
iter a dá mer 7 do ecce in duine ima 
ndene nemt[h]ess.  Firmod son amail 
is fri duine anechta[i]r atá in ball sa 
sic is fri daoine anechtair ata in 
duine se. Amail is time 7 is tláit[h]i 
in ball sa quam alia membra sic et hic
homo.



“Brimon smetrach, .i. ainm gnímh a dhéanann filí in aghaidh neach a thugann diúltú dóibh, .i. meileann sé maothán na cluaise idir a dhá mhéar agus éagann an duine a ndéantar an gníomh ina aghaidh. Fíormhodh é seo, ós lasmuigh den duine atá an ball seo, agus is lasmuigh de dhaoine atá an duine seo. Go díreach mar atá an ball seo níos boige agus níos laige ná na baill eile, sin mar atá an duine seo.”

Tá an scéal taobh thiar den téarma “brimon smetrach” sách doiléir. Tá cur síos air le fáil i gcúpla ghluais eile atá an-chosúil leis an gceann seo, uaireanta leis an litriú “briamon.” Ní luaitear i scéalta ná i bhfilíocht é, áfach, mar sin ní fheiceann muid in action é.

Maidir le haction, d'aistrigh mé an téarma “nemthes, gin. nemthiusa” le an bhfocal “gníomh,” ach bhí brí níos cúinge ná sin leis. Deir DIL an méid seo faoi:

[It] seems to be used of the power which the ‘filid’ possessed of punishing those who refused their demands with degradation or loss of social status.  

Bhí ciall níos leithne leis, de réir dealraimh, ná professional privilege. Cf. an focal “neimheadh” in FGB: privilege of rank; status; dignity.