15 Meán Fómhair 2014

spiaireacht


Níl a fhios agam cé a chum an chéad leagan den chartún seo. Sárshaothar atá ann! Seo cúpla leagan Gaelach de. 

Réaltán Ní Leannáin a d'aistrigh agus a rinne an chéad cheann seo a photoshopáil.


Cliceáil le méadú.

D'aistrigh David Stifter an dara ceann agus rinne Naoise Ó Donnaile an photoshopáil.


Cliceáil le méadú.

Is dóigh le David gur féidir feagra Obama a aistriú mar seo freisin: “Ní hé-side as athair duit.”

Tá leaganacha i nGàidhlig agus i nGaelg ag teastáil fós!

14 Meán Fómhair 2014

briamon smetrach



An bhfuil an fear óg seo ag iarraidh duine eile a mharú? B'fhéidir go bhfuil, más file ar an seandéanamh é a bhfuil briamon smetrach ar eolas aige. Míníonn an sliocht seo as Sanas Cormaic céard atá i gceist.

Leabhar Buí Leacáin col. 14

BRimon smetrach .i. ainm 
nemthiusa dogníat filid im nech 
atatoing .i. meilid smit ind aue 
iter a dá mer 7 do ecce in duine ima 
ndene nemt[h]ess.  Firmod son amail 
is fri duine anechta[i]r atá in ball sa 
sic is fri daoine anechtair ata in 
duine se. Amail is time 7 is tláit[h]i 
in ball sa quam alia membra sic et hic
homo.



“Brimon smetrach, .i. ainm gnímh a dhéanann filí in aghaidh neach a thugann diúltú dóibh, .i. meileann sé maothán na cluaise idir a dhá mhéar agus éagann an duine a ndéantar an gníomh ina aghaidh. Fíormhodh é seo, ós lasmuigh den duine atá an ball seo, agus is lasmuigh de dhaoine atá an duine seo. Go díreach mar atá an ball seo níos boige agus níos laige ná na baill eile, sin mar atá an duine seo.”

Tá an scéal taobh thiar den téarma “brimon smetrach” sách doiléir. Tá cur síos air le fáil i gcúpla ghluais eile atá an-chosúil leis an gceann seo, uaireanta leis an litriú “briamon.” Ní luaitear i scéalta ná i bhfilíocht é, áfach, mar sin ní fheiceann muid in action é.

Maidir le haction, d'aistrigh mé an téarma “nemthes, gin. nemthiusa” le an bhfocal “gníomh,” ach bhí brí níos cúinge ná sin leis. Deir DIL an méid seo faoi:

[It] seems to be used of the power which the ‘filid’ possessed of punishing those who refused their demands with degradation or loss of social status.  

Bhí ciall níos leithne leis, de réir dealraimh, ná professional privilege. Cf. an focal “neimheadh” in FGB: privilege of rank; status; dignity.

13 Meán Fómhair 2014

rudaí le rá le Cameron


Seo liosta neamh-iomlán de na ha abairtí atá ar fáil do phobal na hAlban le r á le David Cameron an tseachtain seo chugainn:


Imigh leat!
Gread leat!
Tóg ort!
Fág as!
Buail an bóthar!
Buail an doras amach!
Scrios leat!
Bog leat!
Bailigh leat!
Dealaigh leat as seo!
Glan as ár líonta!

12 Meán Fómhair 2014

féileacán nó leamhan


Cén sórt feithide a rinne an dochar anseo?


Cliceáil le méadú.

Tuile feidleacan
dothecht in iarthar
connacht isin bliadain sea
conar fhágsat
duille for daraigh
a crich í fhlaith
bertaigh uile

“Tuile féileacán a theacht in Iarthar Chonnachta sa bhliain seo sa dóigh nár fhág siad duille ar dhair i gCríoch Uí Fhlatharta uile.”

Scríobhadh an tuarascáil ghairid seo ar phíosa beag páir a cuireadh idir dhá leathanach i Leabhar Buí Leacáin (ca. 1391). Níl mé cinnte faoi dháta na scríbhinne thuas.

09 Meán Fómhair 2014

leite, brachán, pultes


“Well, them bogmen liked their porridge. They certainly did.”
- Francie Brady sa scannán Butcher Boy

Tá dhá fhocal i ngáthúsáid inniu a chiallaíonn “porridge,” mar atá “leite” agus “brachán.” B'ionann leite  i gcónaí agus an bia te a dhéantar le min choirce (nó min eile) agus uisce nó bainne. 

“Littiu” an t-ainm a bhí uirthi sa tSean-Ghaeilge. Seo é an míniú atá againn in Sanas Cormaic:


842. Littiu .i. lot-te .i. lotan ar tige í ⁊ tes inti.

Is é sin, deir Cormac go dtáinig littiu ón gcomhfhocal lot-te, a thagann ó “leota” (= meall) toisc go bhfuil sé tiubh agus ó “te” toisc go bhfuil teas inti.

Níl an méid sin samhlaíochta le fáil san fhíorscéal. Tá “littiu” gaolmhar do “πόλτος / póltos” na Gréigise agus do “puls, pultes” na Laidine.  Tá an chiall chéanna acu uile.  Cailltear an p- go rialta i nGoidelic, ach mhair an -l- agus an -t- ann. 

Tá nasc stairiúil eile ann idir “littiu” na hÉireann agus “pultes” na Laidineoirí. I lár an 9ú céad a scríobh Johannes Scotus Eriugena, scoláire clúiteach Éireannach, an tráchtas De divina praedestinatione. Níor thaitin sé leis an Eaglais agus cháin siad go láidir é, á rá nach raibh ann ach “commentum diaboli” (cumadh an diabhail) agus “pultes Scotorum” (leite na nÉireannach)! 


Eriugena ar an sean-nóta £5

Maidir leis an bhfocal eile a úsáideann muid, “brachán,” is ón tSean-Ghaeilge “brothchán” a tháinig sé. Anraith nó stobhach an chiall a bhí leis ar dtús.  Is cosúil go raibh meas air, más fíor don nath seo as Bríathra Flainn Fína maicc Ossu:

Ad·cota brothchán bithnert.
Tugann brachán neart leanúnach.

Níor mhínigh Cormac an focal seo, ach is léir gur díorthach é den ainmfhocal “bruth = teas”.

Leite fhíor-leiteach: min choirce le bainne coirce uirthi!

07 Meán Fómhair 2014

Immumruidbed. A verbal complex.


Immumruidbed.  = I have been circumcised. = Timpeallghearradh mé.

Is abairt iomlán é an briathar Sean-Ghaeilge seo. Is féidir é a bhaint as a chéile gan dua.  Tosóidh muid leis an mbriathar is simplí atá i bhfolach sa verbal complex seo:

benaid = strikes, cuts (“baineann” i nGaeilge an lae inniu)

Cuir an réimír di- leis: di·ben = cuts away. Cailltear an siolla deiridh ag an bpointe seo.

Cuir réimír eile leis sin: imm·diben = cuts away around = circumcises.

Cuir cuspóir ann, rud a dhéantar le forainm iontáite (infixed pronoun) sa tSean-Ghaeilge. Is -(u)m- atá de dhíth sa chás seo:   imm - um - diben ⇒ *immumdiben = circumcises me.

Cuir an mhír ro isteach sa méid sin uilig anois, le foirfeacht a chur in iúl. (m. sh. did = caite, have done = foirfeach): immum - ro - dib ⇒  *immumruidib = has circumcised me. Cailltear an siolla deiridh uair amháin eile.

Tá athrú amháin eile ag teastáil anois le habairt chéasta (passive) a dhéanamh de. Cuirfidh muid an foirceann -ed leis anois: immumruidib - ed*immumruidbed = I have been circumcised. Iontas na n-iontas, cailltear siolla amháin eile anois, ceann i lár na abairte, mar atá an guta -i-.

Ag an bpointe seo, níl fágtha den bhriathar benaid ach an litir b: Immumruidbed.

Cén fáth ar cailleadh na siollaí sin uilig? Ní hansa. Tá béim an-láidir ar shiolla amháin i ngach focal sa tSean-Ghaeilge, agus béim cuibheasach lag ar na siollaí eile. Gan bhéim láidir orthu, titeann na siollaí is laige amach. Tá an patrún sách rialta, ach is minic a bhíonn an toradh deacair a thuiscint d'éinne nach bhfuil sáite sa teanga, go háirithe más verbal complex fada casta atá i gceist.

Nod libh: cuirtear réiltín * roimh aon fhocal nach bhfuil attested, nach bhfuil fianaise againn de ó théacs stairiúil.

25 Lúnasa 2014

sí agus síocháin


Tá dhá fhocal sa tSean-Ghaeilge atá ar aon fhuaim agus ar aon litriú lena chéile:

1. síd - lios na síogaithe,  fairy mound

2. síd - éagmais achrainn nó cogaidh,  peace

Ar nós an bhriathair sheathe (= cuir claíomh i dtruaill) a fhuaimnítear “síd” - nó a fuaimníodh i ré na Sean-Ghaeilge.

Tá “síd 1” againn fós, ach gan an -d : aos sí, bean sí, etc.   Níor mhair “síd 2” gan athrú, áfach. Rinneadh comhfhocal de “síd” agus “cáin”: síocháin. “Dlí” an chiall a bhí le “cáin” ar dtús, cé go gciallaíonn sé tax anois. Is féidir gur law and order - nó rud éigin cosúil leis sin - an chiall a bhí le “síocháin” i dtús báire.

Is focail éagsúla ar fad iad “sí” agus “síocháin” anois. Tá go maith agus níl go holc. Ach ar an drochuair dúinn, ní féidir linn imirt leis an dá fhocal mar ba nós lenár sinsir. Mar shampa:



…comrac leind cen debuid. Síd mór itaam conid de
suidib nonnainmnigther áes síde. Cía …

Is sliocht é seo as tosach an scéil Eachtrae Chonnlai. Ba mhaith le bean sí an prionsa Connla Rua a mhealladh le dul in éindí léi go dtí a tír féin. Deir sí leis go mbíonn fleánna buanna ar siúl sa tír úd gan pheaca gan imreas. Agus tugann sí an míniú seo dó: 

Is síd mór ina bhfuilimid, mar sin tugtar aos síde orainn.

“Féach, a Chonnla, tá cónaí orainn i (sí / síocháin) agus dá bhrí sin deirtear gur pobal (sí / na síochána) muid!”