13 Meán Fómhair 2014
rudaí le rá le Cameron
Seo liosta neamh-iomlán de na ha abairtí atá ar fáil do phobal na hAlban le r á le David Cameron an tseachtain seo chugainn:
Imigh leat!
Gread leat!
Tóg ort!
Fág as!
Buail an bóthar!
Buail an doras amach!
Scrios leat!
Bog leat!
Bailigh leat!
Dealaigh leat as seo!
Glan as ár líonta!
12 Meán Fómhair 2014
féileacán nó leamhan
Cén sórt feithide a rinne an dochar anseo?
Cliceáil le méadú.
Tuile feidleacan
dothecht in iarthar
connacht isin bliadain sea
conar fhágsat
duille for daraigh
a crich í fhlaith
bertaigh uile
“Tuile féileacán a theacht in Iarthar Chonnachta sa bhliain seo sa dóigh nár fhág siad duille ar dhair i gCríoch Uí Fhlatharta uile.”
Scríobhadh an tuarascáil ghairid seo ar phíosa beag páir a cuireadh idir dhá leathanach i Leabhar Buí Leacáin (ca. 1391). Níl mé cinnte faoi dháta na scríbhinne thuas.
09 Meán Fómhair 2014
leite, brachán, pultes
“Well, them bogmen liked their porridge. They certainly did.”
- Francie Brady sa scannán Butcher Boy
Tá dhá fhocal i ngáthúsáid inniu a chiallaíonn “porridge,” mar atá “leite” agus “brachán.” B'ionann leite i gcónaí agus an bia te a dhéantar le min choirce (nó min eile) agus uisce nó bainne.
“Littiu” an t-ainm a bhí uirthi sa tSean-Ghaeilge. Seo é an míniú atá againn in Sanas Cormaic:
842. Littiu .i. lot-te .i. lotan ar tige í ⁊ tes inti.
Is é sin, deir Cormac go dtáinig littiu ón gcomhfhocal lot-te, a thagann ó “leota” (= meall) toisc go bhfuil sé tiubh agus ó “te” toisc go bhfuil teas inti.
Níl an méid sin samhlaíochta le fáil san fhíorscéal. Tá “littiu” gaolmhar do “πόλτος / póltos” na Gréigise agus do “puls, pultes” na Laidine. Tá an chiall chéanna acu uile. Cailltear an p- go rialta i nGoidelic, ach mhair an -l- agus an -t- ann.
Tá nasc stairiúil eile ann idir “littiu” na hÉireann agus “pultes” na Laidineoirí. I lár an 9ú céad a scríobh Johannes Scotus Eriugena, scoláire clúiteach Éireannach, an tráchtas De divina praedestinatione. Níor thaitin sé leis an Eaglais agus cháin siad go láidir é, á rá nach raibh ann ach “commentum diaboli” (cumadh an diabhail) agus “pultes Scotorum” (leite na nÉireannach)!
Níl an méid sin samhlaíochta le fáil san fhíorscéal. Tá “littiu” gaolmhar do “πόλτος / póltos” na Gréigise agus do “puls, pultes” na Laidine. Tá an chiall chéanna acu uile. Cailltear an p- go rialta i nGoidelic, ach mhair an -l- agus an -t- ann.
Tá nasc stairiúil eile ann idir “littiu” na hÉireann agus “pultes” na Laidineoirí. I lár an 9ú céad a scríobh Johannes Scotus Eriugena, scoláire clúiteach Éireannach, an tráchtas De divina praedestinatione. Níor thaitin sé leis an Eaglais agus cháin siad go láidir é, á rá nach raibh ann ach “commentum diaboli” (cumadh an diabhail) agus “pultes Scotorum” (leite na nÉireannach)!
Eriugena ar an sean-nóta £5
Maidir leis an bhfocal eile a úsáideann muid, “brachán,” is ón tSean-Ghaeilge “brothchán” a tháinig sé. Anraith nó stobhach an chiall a bhí leis ar dtús. Is cosúil go raibh meas air, más fíor don nath seo as Bríathra Flainn Fína maicc Ossu:
Ad·cota brothchán bithnert.
Tugann brachán neart leanúnach.
Níor mhínigh Cormac an focal seo, ach is léir gur díorthach é den ainmfhocal “bruth = teas”.
Leite fhíor-leiteach: min choirce le bainne coirce uirthi!
07 Meán Fómhair 2014
Immumruidbed. A verbal complex.
Immumruidbed. = I have been circumcised. = Timpeallghearradh mé.
Is abairt iomlán é an briathar Sean-Ghaeilge seo. Is féidir é a bhaint as a chéile gan dua. Tosóidh muid leis an mbriathar is simplí atá i bhfolach sa verbal complex seo:
benaid = strikes, cuts (“baineann” i nGaeilge an lae inniu)
Cuir an réimír di- leis: di·ben = cuts away. Cailltear an siolla deiridh ag an bpointe seo.
Cuir réimír eile leis sin: imm·diben = cuts away around = circumcises.
Cuir cuspóir ann, rud a dhéantar le forainm iontáite (infixed pronoun) sa tSean-Ghaeilge. Is -(u)m- atá de dhíth sa chás seo: imm - um - diben ⇒ *immumdiben = circumcises me.
Cuir an mhír ro isteach sa méid sin uilig anois, le foirfeacht a chur in iúl. (m. sh. did = caite, have done = foirfeach): immum - ro - dib ⇒ *immumruidib = has circumcised me. Cailltear an siolla deiridh uair amháin eile.
Tá athrú amháin eile ag teastáil anois le habairt chéasta (passive) a dhéanamh de. Cuirfidh muid an foirceann -ed leis anois: immumruidib - ed ⇒ *immumruidbed = I have been circumcised. Iontas na n-iontas, cailltear siolla amháin eile anois, ceann i lár na abairte, mar atá an guta -i-.
Ag an bpointe seo, níl fágtha den bhriathar benaid ach an litir b: Immumruidbed.
Cén fáth ar cailleadh na siollaí sin uilig? Ní hansa. Tá béim an-láidir ar shiolla amháin i ngach focal sa tSean-Ghaeilge, agus béim cuibheasach lag ar na siollaí eile. Gan bhéim láidir orthu, titeann na siollaí is laige amach. Tá an patrún sách rialta, ach is minic a bhíonn an toradh deacair a thuiscint d'éinne nach bhfuil sáite sa teanga, go háirithe más verbal complex fada casta atá i gceist.
Nod libh: cuirtear réiltín * roimh aon fhocal nach bhfuil attested, nach bhfuil fianaise againn de ó théacs stairiúil.
25 Lúnasa 2014
sí agus síocháin
Tá dhá fhocal sa tSean-Ghaeilge atá ar aon fhuaim agus ar aon litriú lena chéile:
1. síd - lios na síogaithe, fairy mound
2. síd - éagmais achrainn nó cogaidh, peace
Ar nós an bhriathair sheathe (= cuir claíomh i dtruaill) a fhuaimnítear “síd” - nó a fuaimníodh i ré na Sean-Ghaeilge.
Tá “síd 1” againn fós, ach gan an -d : aos sí, bean sí, etc. Níor mhair “síd 2” gan athrú, áfach. Rinneadh comhfhocal de “síd” agus “cáin”: síocháin. “Dlí” an chiall a bhí le “cáin” ar dtús, cé go gciallaíonn sé tax anois. Is féidir gur law and order - nó rud éigin cosúil leis sin - an chiall a bhí le “síocháin” i dtús báire.
Is focail éagsúla ar fad iad “sí” agus “síocháin” anois. Tá go maith agus níl go holc. Ach ar an drochuair dúinn, ní féidir linn imirt leis an dá fhocal mar ba nós lenár sinsir. Mar shampa:
…comrac leind cen debuid. Síd mór itaam conid de
suidib nonnainmnigther áes síde. Cía …
Is sliocht é seo as tosach an scéil Eachtrae Chonnlai. Ba mhaith le bean sí an prionsa Connla Rua a mhealladh le dul in éindí léi go dtí a tír féin. Deir sí leis go mbíonn fleánna buanna ar siúl sa tír úd gan pheaca gan imreas. Agus tugann sí an míniú seo dó:
Is síd mór ina bhfuilimid, mar sin tugtar aos síde orainn.
“Féach, a Chonnla, tá cónaí orainn i (sí / síocháin) agus dá bhrí sin deirtear gur pobal (sí / na síochána) muid!”
21 Lúnasa 2014
moladh mar cháineadh
Damn with faint praise, assent with civil leer,
And without sneering, teach the rest to sneer;
Bhí téarma ag littérateurs na Gaeilge air seo míle bliain ó shin, mar atá “tamall molta,” moladh atá chomh fann sin nach moladh atá ann ar chor ar bith.
Philadelphia isn't as bad
as Philadelphians say it is.
Bhí téarma eile acu ar rud atá gairid i ngaol leis seo, “tár molta” nó “mocking with excessive praise.”
“Tá do chailín ar an duine is áille, is grástúla, is meabhraí, is greannmhaire agus is finne ar domhan!”
Tá sé ar intinn agam na téarmaí seo a úsáid i mo chuid Gaeilge as seo amach.
19 Lúnasa 2014
faireoir cait
Sa seanscéal Imram Curaig Maíle Dúin, seolann an laoch agus a chompánaigh ó oileán go hoileán mar a mbuaileann siad le hiontais neamhshaolta. Ar oileán amháin, faigheann siad teach mór álainn ina bhfuil “nua gach bia agus sean gach dí” ag fanacht leo. Agus leabaí boga chomh maith. Bhí cat beag ann freisin, nár thug aon aird orthu.
Fagann siad an chéad lá eile, sona sásta beathaithe. Ba mhaith le duine de na comrádaithe muince óir a bhí ar an mballa a thabhairt leis. Deir Mael Dúin leis gan é sin a dhéanamh, toisc nach “cen chomet atá in tech” - nach bhfuil an teach gan faireoir. Ach thug an truán leis é mar sin féin. Meancóg!
Dolluid in cat ina ndiaíd ⁊ lebling trít amail saigit tentidi ⁊ loiscthi comba lúathred.
Chuaigh an cat ina ndiaidh agus léim sé tríd ar nós saighead thine agus loisceadh é go dtí nach raibh fágtha dé ach luaithreach!
Ba bhreá liom léaráid den léim seo agus den luaithreach a fheiceáil! Measaim go mbeadh Darach Ó Scolaí in ann aige seo. Éinne eile?
Subscribe to:
Posts (Atom)








