18 Márta 2014
mionnaí maolaithe
Is téarma é seo nach raibh agam go dtí le déanaí. Nuair a deirtear “shite” in áit “shit” nó “frigging” nó “freaking” in áit “fucking,” is “minced oath” a tháinig as do bhéal. Tá na céadta díobh againn i mBéarla.
Tá siad againn sa Ghaeilge freisin. Agus cé nach bhfuil leagan Gaeilge de “minced oath” in aon cheann de na foclóirí, tá téarma maith againn air mar sin féin, mar atá “mionn maolaithe”. Má thosaíonn tú le mionn mór nó focal gáirsiúil agus má bhaineann tú na faobhair aimhréidhe de, tá mionn maolaithe agat. Mar iad seo:
Muise!
Dar fia!
Ambaiste!
A Thiarcais!
Céard eile?
14 Márta 2014
féith fia
Tá ainm againn i litríocht na Gaeilge ar an gclóca úd a bhí ag Harry Potter len é a dhéanamh dofheicthe. Deir an Harry Potter Wiki gur “magical garment which renders whatever it covers unseeable” atá ann. An t-ainm atá air i nGaeilge ná féth fíada. Nó féth fíad, féth fía, fía féth, fégh fía, féth fiadha, féidh fiadh. Bhí a lán lán litrithe air. Is deacair ceann acu a roghnú thar a chéile toisc nach bhfuil sanasaíocht na bhfocal soiléir ar chor ar bith. Deir DIL gur “magic mist, veil” é, nó “a disguise that rendered the wearer unknown or invisible”.
Creidim go léireoidh cúpla sliocht as an litríocht céard a bhí i gceist. Sa leagan Stowe den Táin, deir Cú Chulainn le Fear Dia:
“Uair dá ttaisbentar in féth fiadha aoinfecht do nech do macaibh Miledh, nocha bia gabail re diamair no re draidecht ic nech do Tuathaibh De Danann.”
“Má thaispeántar an féth fiadha fiú is uair amháin do dhuine de mhic Mile (.i. an cine daonna), ní bheidh aon duine de Thuatha Dé Danann in ann é a úsáid chun draíochta nó diamhaire.”
In Acallamh na Seanórach, deir Caoilte faoi eachtra a tharla dóibh:
“Ro eirig fia fiad umaind conar leir sind.”
“D'éirigh fia fiad umainn ionas nár léir sinn.”
ro eirig fia fiad
umaind conar leir sind ⁊
Sa scéal Altram Tige Dá Medar deirtear faoi na bronntanais a thug Manannan do Thuatha Dé Danann:
…do orduigh Manannan doibh adhbhba dileas gacha deighfir ⁊ dorinneadh in feth fiadha […] .i. in feth fiadha tar nach faici na flaithi…
Bhí an téarma in úsáid fós i ré na Nua-Ghaeilge, mar is léir an rann seo sa chnuasach Dánta Grádha, cé gur dócha gur úsáid mheafarach atá ann:
Bhar bhfé fia ní feirrde dhuit,
aithnim thú d'aimhdheóin h'iomlait ;
a bhradaire, ná mill mé ;
fill, a ghadaighe an gháire.
Ach, in ainneoin an méid sin uilig, is cosúil nach bhfuil an téarma beo níos mó. Ní féidir liom é a fháil in FGB, mar sin níl a fhios agam cén litriú caighdeánach a bheadh air!
27 Feabhra 2014
Pádraig Nuachlasaiceach
Na fíricí ar dtús. Alexander Stoddart a rinne an fríos seo, atá le feiceáil sa halla iontrála sa Queen's Gallery i Londain.
Aithnítear Pádraig ar a bhachall agus ar na nathracha atá á ndíbirt aige, cé go bhfuil cuma an tsean-Ghréagaigh air. Socrates? Maidir leis an mbeirt eile, is cosúil gurb é An Págán, nó an phágántacht, atá san fhear lomnocht leis an tóirse agus an ghruaig fhada atá ag imeacht ar dheis. Tá craobh olóige i lámh na bé, mar sin is dócha go seasann sise do Athena, .i. gaois, dlí, na dánta, etc. etc.: sibhialtacht in aon fhocal amháin.
21 Feabhra 2014
Roghnaigh pasfhocal
Roghnaigh pasfhocal:
TÁBHACHTACH!
Ba chóir go mbeidh 6 charachtar i do phasfhocal, litir mhór amháin, an dá uimhir dheireanacha de dháta lá breithe Bhanríon Shasana, anagram den bhriathar déblatérer sa dara pearsa iolra den fhoshuiteach caite, 250g plúr, gloine mhór uisce, agus gráinnín salainn.
17 Feabhra 2014
zombaithe
Is dócha go mbeadh duine nó dhó amuigh ansin a bhfuil scileanna acu nach bhfuil agamsa “ealaín bhalla” a dhéanamh as na híomhánna seo. Fuair mé gan dua iad ar an idirlíon, a bhuí le Íomhánnan Google. Tá mé cinnte go bhfuil rogha níos mó ann ach iad a chuardach. Séard atá ar intinn agam ná iad seo a úsáid in éindí le mana ar nós:
An Teanga Mharbh a Bhfuil Siúl na gCos Aici
Fainic na Daoine a Labhraíonn Teanga Mharbh!
Céard Atá Uathu? D'Inchinn!
March na Marbh
March na Marbh
16 Feabhra 2014
féinmhagadh & scigaithris
Tá téis agam. Uaireanta tig le mionlach bá an phobail a chothú trí scigaithris agus féinmhagadh. Is mithid dúinn triail a bhaint as. Mar shampla agus mar thosú:
Deirtear go bhfuil ár dteanga marbh. Óicé.
Is teanga mharbh í a bhfuil siúl na gcos aici fós. Fainic! Tá na Gaeilgeoirí ag teacht!
Deirtear nach bhfuil ach scata beag againn ann. Óicé.
Níl ach ceathrar déag againn ann dáiríre.
Is faoi rún a rialaíonn muid
an domhann go léir!
14 Feabhra 2014
Lá San Vailintín 2014
Tá an rós dearg.
Tá an sailchuach sailchuachach.
Tá seacláid go deas
ach tá Cadbury beagluachach.
Tig libh níos fearr a dhéanamh, a fheara!
Subscribe to:
Posts (Atom)













