14 Feabhra 2014

Lá San Vailintín 2014


Tá an rós dearg. 
Tá an sailchuach sailchuachach. 
Tá seacláid go deas 
ach tá Cadbury beagluachach.

Tig libh níos fearr a dhéanamh, a fheara!


12 Feabhra 2014

Bás, bás, bás, bás.


D'iarr an toicí seo ar Shengai rud éigin a scríobh le haghaidh rath a chlainne, rud éigin a bheadh mar sheoid acu ó ghlúin go glúin.

Fuair Sengai leathanach mór páipéir agus scríobh:



Faigheann an seanathair bás, 
faigheann an t-athair bás, 
faigheann an mac bás, 
faigheann an garmhac bás.

Tháinig fearg ar an toicí. “D'iarr mé ort rud éigin a scríobh le haghaidh shonas mo chlainne! Cad é an scigireacht seo?”

“Ní scigireacht atá ar intinn agam,” a mhínigh Sengai. “Dá bhfaighfeadh do mhac bás roimh do bhás féin, bheadh an-bhrón ort. Bheadh an bheirt agaibh croíbhriste dá n-éagfadh do gharmhac romhaibh. Má fhaigheann do chlann bás san ord a scríobh mé, glúin i ndiaidh glúine, in am agus i dtráth, beidh fíor-rath oraibh.

Manach Seapánach Zen a bhí i Sengai (1750-1837). Tá insintí éagsúla ar an scéilín seo.

20 Eanáir 2014

Altram Tige Dá Medar


Seo sliocht as an scéal “Altram Tige Dá Medar” a tháinig anuas chugainn sa lámhscríbhinn Leabhar Fhear Maighe. Tá Manannán ag tabhairt comhairle a leasa d'Aonghus, á bhrostú chun seilbh a ghlacadh ar Bhrú na Bóinne. Tabharfaidh mé an bunleagan ar dtús, díreach mar atá sé scríofa, móide beagán poncaíochta.


“Leig as,” ar Manannán, “oir is uaisli ri na ridiri & is uaisle triath na tanaisdi & is fearr comus na cuidiugadh & is fearr airithi na oirciseacht & is fearr tele a lamh na teli a athair no mathair no athach, gibe acu ar a n-iarfa achuingi & do cuir sin crideam comor an Aengus & adubhairt, “Isi do comairli dogentar do chur so, a drigh,” ar Aengus.

“Lig as,” arsa Manannán, “óir is uaisle rí ná ridirí, agus is uaisle triath [prionsa] ná tánaiste, agus is fearr cumas ná cuidiú, agus is fearr áirithe ná oirchiseacht [trua], agus is fearr ‘tabhair, a lámh’ ná ‘tabhair, a athair’ nó a mháthair nó a athaigh, cibé acu ar a n-iarrfá achainí, agus chuir sin creideamh chomh mór in Aonghus, agus dúirt “Is í do chomhairle a dhéanfar do chur seo [an turas seo], a dhruí,” arsa Aonghus.

Tá suim ar leith agam sa tsraith comparáidí a dhéanann Manannán le huchtach a thabhairt d'Aonghus:

Is uaisle rí na ridirí. 
A king is more noble than his knights.

Is uaisle triath ná tánaiste. 
A great king is more noble than the heir apparent.

Is fearr cumas ná cuidiú. 
Ability is better than aid. 

Is fearr áirithe ná oirchiseacht. 
Certainty (firm ownership) is better than charity.

Is fearr ‘tabhair, a láimh’ ná ‘tabhair, a athair’. 
‘Give, o my hand!’ is better than ‘Give, o father!’

Tá focal amháin sa téacs seo nach bhfuil againn níos mó ar chor ar bith, mar atá “tele” nó “teli”. Deir eDil gur iasacht ó theanga Ghearmánach atá ann, is dócha: 

taile, tele, etc. ipv. 2 s. (prob. Germ. loanwd., Thurn. Hdb. § 586 ). give, bring hither


… tele a lamh na teli …

13 Nollaig 2013

An Draoi mar Gheoiméadraí


Tá mé díreach tar éis an leabhar seo a léamh. Leabhar amháin atá ann, cé go bhfuil dhá theideal agus dhá chlúdach air, ceann amháin i Sásana agus an ceann eile i Meiriceá. Tá an fear a scríobh é, Graham Robb, ina staraí a bhfuil clú bainte amach aige mar údar: The Discovery of France, Parisians: An Adventure History of Paris, agus dornán leabhar eile.

The Ancient Paths:
Discovering the Lost Map of Celtic Europe 

The Discovery of Middle Earth: 
Mapping the Lost World of the Celts

Ní Ceiltíoch (scoláire na gCeilteach) é Robb, ach rinne sé jab réasúnta maith ag cuimsiú stair fhada na gCeilteach ar an Mór-roinn. An teoiric úrnua atá aige ná go raibh suim ar leith ag na draoithe i ngluaiseacht na gréine - na grianstadanna go háirithe - agus i línte eile ar nós na klimata (atá cosúil leis na línte domhanleithid a fheictear ar léarscáileanna inniu). Bhí na línte seo chomh tábhachtach sin dóibh gur shuigh siad a gcathracha, a ndúnta, agus a gcuid teampall dá réir. 

Tá a lán léarscáileanna sa leabhar, agus a lán línte orthu ag taispeáint leagan amach dhomhan na gCeilteach, dar le Robb.


Bhain mé an-sult as an leabhar mar scéal. Is cumasach an scríobhnóir é Robb. Níl a fhios agam beo an bhfuil an ceart aige maidir lena theoiric, ach ní dóigh liom gur crank atá ann ar chor ar bith. Tá cuid na criticí ar amazon.com agus ar amazon.uk ag rá go bhfuair Robb na torthaí a bhí uaidh a bhuí le cherry picking nó scothroghnú. Is féidir go bhfuil cuid den cheart acu. Ach an ceart iomlán? Sin í an cheist.

Tá lón machnaimh tugtha ag Robb do scoláirí i gcúpla disciplín. Is fúthu siúd a theoiric a bhréagnú anois.   Idir an dá linn, tá spéis an phobail múscailte aige i stair na gCeilteach, rud a tharlaíonn ó am go ham, agus is dócha gur maith an rud é sin!


An Bhís (dán eile)




Éirí na gréine 
agus a luí. 

Tá dhá ghiall 
na bíse 
ag teannadh 
fós arís.

Dúluachair 
na bliana.

01 Nollaig 2013

Lady Louse



Tá scéilín fíorghairid ag na Puget Salish faoi bǝsč’ad, an míol cnis. Tá sé le cloisteáil i Lushootseed anseo ó Vi Hilbert, cainteoir dúchais a fuair bás sa bhliain 2009. Tá an scéal le feiceáil (buntéacs agus léaráidí) agus le cloisteáil anseo freisin. Lady Louse a thugtar air i mBéarla. 

Chuir mé Sean-Ghaeilge ar an scéilín cúpla bliain ó shin, toisc gur thaitin doiléire an scéilín liom: céard is ciall leis?

Baí in chaillech Míl Étaig oc aittreb isin tig mór sin a hóenur cen chardiu cen choibdelchu.  Gabais-si scúap didiu 7 glanais in tech mór.  Ba mór int sal. Ránic-si íarom lár in taige móir co luid for sechrán.  Ní accas Míl Étaig aithirriuch.  Finit.

Agus seo é i nGaeilge an lae inniu:

Bhí an tseanbhean Míol Cnis ina cónaí sa teach mór úd ina haonar gan chairde gan ghaolta. Thóg sí a scuab lá amháin agus ghlan sí an teach mór. Bhí sé thar a bheith salach. Tháinig sí go lár an tí agus chuaigh sí amú. Ní fhacthas í riamh ina dhiaidh sin.



21 Samhain 2013

dán beag eile


Chonaic mé é iolar mar seo, iolar maol, ar maidin inné agus chum mé na línte ar an toirt. Is ó Íomhá Ghoogle a fuair mé an grianghraf, áfach.


Chonaic mé 
iolar ar bharr bile 
ag croitheadh 
a chuid cleití 
le clóca cluthar 
a chruthú 
in aghaidh fhuacht 
na maidine.

Geallaim daoibh nach dán a bheas sa chéad bhlagmhír eile!