17 Deireadh Fómhair 2013

Separated at birth?


Deighilte ag am breithe?




Séamus & Dustin

13 Deireadh Fómhair 2013

seilidí arís


Bhí seilide sa bhlagmhír roimpi seo. Tá sé chomh maith agam leanúint leis an ngastrapód.



Seo againn ridire ag troid le seilide.



Agus seo againn an rud céanna arís.

Mar is léir, maisíonn an dá phictiúr seo lámhscríbhinní ón meánaois. Is cosúil nach raibh an mhóitíf seo neamhchoitianta ag an am, dar leis an mblagmhír seo ón mBritish Library. Tá pictiúir eile mar seo le feiceáil ansin. Níos aistí fós ná na pictiúir iad féin, níl a fhios ag aon duine le cinnteacht an fáth a bhfuil siad ann. Cén scéal nó stair nó seanrá atá taobh thiar de na troideanna seo? Mistéir.

Thart faoin am céanna a chonaic mé na pictiúir thuas, chonaic mé an cartún seo a leanas ar an New Yorker. John Klossner a tharraing é. Cuid den cartoon contest a bhíonn ar siúl acu gach seachtain atá ann. Tugtar duais don duine a sholáthraíonn an caption is fearr. 


Chuir an fhoscríbhinn a bhuaigh an comórtas sceitimíní orm nuair a chonaic mé í an chéad seachtain eile:

“I see you are unfamiliar with French mythology.”

23 Meán Fómhair 2013

sram & ramallae



Tá cnuasach focal agam anseo a bhfuil “sliminess” agus an siolla -r(e)am- i gcoitianta acu. 

Tá an chéad dá cheann le fáil i dtéacsanna ón 17ú haois (Rosa Anglica i nGaeilge agus Annála na gCeithre Máistrí), agus an tríú ceann ón gcéad leath den 18ú haois (Foclóir Beaglaich & Cuirtin). Tá na cinn eile le fáil i leabhair a foilsíodh sa 20ú haois.

1. srem - a discharge from the eyes

2. réma (< Lat. rheuma) - rheum, phlegm

3. réamadh bhios san gceann (sainmhíniú de “pose” = head cold)

4. réam / réamadh - phlegm, rheum, catarrh

5. sream / sreamadh - matter running from the eyes

6. sram - (of eyes) gum; mucous discharge; rheum, slaver; slime

7. sréamlóg - slimy track

8. ramalach - slime or stagnant water (Connacht)

9. ramallae - slime (slime on fish ~ Kilkenny & Waterford)

10. ramallag - puddle (Scottish Gaelic)

Is féidir (dócha?) go bhfuil 1-6 gairid i ngaol. Céard faoi na cinn eile? An comhtharlú ar fad é go bhfuil an siolla ram- againn in uimhreacha 8-9 freisin? Cá seasann 7? 

22 Meán Fómhair 2013

síntonn



Is síntonn é an saol.

Is ó thwíteoir darb ainm Mamaí Mhór a fuair mé an nath seo. Smaoinigh air: lá is oíche, samhradh is geimhreadh, anáil isteach, anáil amach, bia isteach, cac amach, etc. etc. etc.

Simeon Stylites & na Manaigh


Seo iad na Manaigh i Nice na Fraince, gach aon ina aonar ar a cholún féin sa Phlace Masséna. 


Is cosúil gur fhoghlaim siad an faisean seo ó Shimeon Stylites, naomh a chaith 37 mbliana dá shaol ina chónaí ar philéar in aice le Aleppo na Siria. 



18 Meán Fómhair 2013

méanar & maynrey



Mogenair

Ceist a fuair mé ó Chiarán Dunbarrach ba thús leis an mblagmhír seo: 

Aon bharúil cad is sanas leis an fhocal Manannach ‘manrey’?

“Sona, sásta” a chiallaíonn“maynrey”, mar atá le feiceáil san abairt seo:

Ta mee maynrey dy vel oo maynrey! = Tá áthas orm go bhfuil áthas ort! 

An chéad rud atá le tabhairt faoi deara ná go bhfuil “maynrey” an-chosúil, in ainneoin an litrithe, le “méanra”, focal a bhí (atá?) le cloisteáil i nDún na nGall dar leis an Athair Dinneen. Leagan malartach de “méanar” is ea “méanra”.  Tá go maith, ach cad as do “méanar”?

Ní hansa! Seo é a scéal go hachomair:

maith + génair → mad-génair → mod-génair → mo-génair → mogénar → méanar

Thosaigh an tsraith seo míle bliain ó shin leis an gciall “maith + rugadh / was well born” agus críochnaíonn sé le focal nua a chiallaíonn “sona, fortúnach.” 

15 Meán Fómhair 2013

eineach, a scéal



Phléigh mé “eineach” mar chuid den fhocal “leathanach” (leath + eineach) an lá cheana. Cad as dó, an focal ársa seo a chiallaíonn “aghaidh”?

Ó thaobh na sanasaíochta de, séard a chiallaíonn “eineach” ná “tá súile ann”. Beacht agus an-ghonta mar shainmhíniú!

Seo iad na c éimeanna atá taobh thiar de ón Ind-Eorpais anuas go dtí an lá inniu. Tosóidh muid le dhá fhocal Ind-Eorpaise:

*eni “in” + *h3eku̯-, fréamh leis an gciall “feic, breathnaigh”

Tháinig siad le chéile sa chomhfhocal *eni-h3ku̯o- “a bhfuil súile ann,” *eni-ku̯ā sa Phrota-Cheiltis. (Bahuvrihi a thugtar ar a leithéid de chomhfhocal, má tá suim agat sa chúrsaí seo.)

As sin fuair muid INEQA- agus -INACCA in Ogham, agus “enech” agus “ainech” sa tSean-Ghaeilge.

Bhí ciall thánaisteach leis an bhfocal seo sa tSean-Ghaeilge mar atá “onóir” nó “clú”, díreach mar a úsáidtear “face, loss of face” i dteangacha eile. Bhíodh “lóg n-enech” nó “honour price” ag chuile dhuine ag an am sin.

Tá mé buíoch de David Stifter as a chúnamh leis an tsanasaíocht seo.