18 Meán Fómhair 2013

méanar & maynrey



Mogenair

Ceist a fuair mé ó Chiarán Dunbarrach ba thús leis an mblagmhír seo: 

Aon bharúil cad is sanas leis an fhocal Manannach ‘manrey’?

“Sona, sásta” a chiallaíonn“maynrey”, mar atá le feiceáil san abairt seo:

Ta mee maynrey dy vel oo maynrey! = Tá áthas orm go bhfuil áthas ort! 

An chéad rud atá le tabhairt faoi deara ná go bhfuil “maynrey” an-chosúil, in ainneoin an litrithe, le “méanra”, focal a bhí (atá?) le cloisteáil i nDún na nGall dar leis an Athair Dinneen. Leagan malartach de “méanar” is ea “méanra”.  Tá go maith, ach cad as do “méanar”?

Ní hansa! Seo é a scéal go hachomair:

maith + génair → mad-génair → mod-génair → mo-génair → mogénar → méanar

Thosaigh an tsraith seo míle bliain ó shin leis an gciall “maith + rugadh / was well born” agus críochnaíonn sé le focal nua a chiallaíonn “sona, fortúnach.” 

15 Meán Fómhair 2013

eineach, a scéal



Phléigh mé “eineach” mar chuid den fhocal “leathanach” (leath + eineach) an lá cheana. Cad as dó, an focal ársa seo a chiallaíonn “aghaidh”?

Ó thaobh na sanasaíochta de, séard a chiallaíonn “eineach” ná “tá súile ann”. Beacht agus an-ghonta mar shainmhíniú!

Seo iad na c éimeanna atá taobh thiar de ón Ind-Eorpais anuas go dtí an lá inniu. Tosóidh muid le dhá fhocal Ind-Eorpaise:

*eni “in” + *h3eku̯-, fréamh leis an gciall “feic, breathnaigh”

Tháinig siad le chéile sa chomhfhocal *eni-h3ku̯o- “a bhfuil súile ann,” *eni-ku̯ā sa Phrota-Cheiltis. (Bahuvrihi a thugtar ar a leithéid de chomhfhocal, má tá suim agat sa chúrsaí seo.)

As sin fuair muid INEQA- agus -INACCA in Ogham, agus “enech” agus “ainech” sa tSean-Ghaeilge.

Bhí ciall thánaisteach leis an bhfocal seo sa tSean-Ghaeilge mar atá “onóir” nó “clú”, díreach mar a úsáidtear “face, loss of face” i dteangacha eile. Bhíodh “lóg n-enech” nó “honour price” ag chuile dhuine ag an am sin.

Tá mé buíoch de David Stifter as a chúnamh leis an tsanasaíocht seo.

14 Meán Fómhair 2013

ar learg na gaoithe



learg
paiste de thalamh ard, leaca, slios;
tract of rising land, sloping expanse

Is maith liom an focal seo, agus is fíormhaith liom é sa chor cainte meafarach “ar learg na gaoithe”, nó “down the wind.” Seoltóireacht a bhíonn i gceist de ghnáth leis seo, ach baintear úsáid as go fileata i bhfocail an amhráin seo: 

“‘Dé Luain, Dé Máirt’ ag teacht chuige ar learg na gaoithe”

13 Meán Fómhair 2013

feacht, feachtas, feasta, éineacht



hi fecht sa

Tá “feacht” againn fós sa teanga, cé gur focal liteartha é den chuid is mó. Tá dhá chiall leis, mar atá “turas, eachtra” agus “uair, am”. Tá leagan eile de, “feachtas,” níos coitianta sa chéad chiall, agus úsáidtear go meafarach é mar “campaign” i gcúrsaí polaitíochta go háirithe.

Tháinig "fecht" agus an focal Breatnaise "gwaith" (= obair) ó *wekto- nó *wektā- sa Chomh-Cheiltis, a shíolraigh ón bhfréamh Ind-Eorpaise *wegh- (téigh, iompair i bhfeithicil). Tá na focail seo gaolmhar le "way" agus "wag(g)on" i mBéarla, agus le "via" i Laidin.

Tá “feacht” beo freisin, cé go bhfuil sé faoi cheilt, in dhá fhocal eile: “éineacht,” a phléigh mé sa bhlagmhír roimh an gceann seo, agus “feasta,” a phléigh mé tamall ó shin ar Stair an Fhocail. Seo a bheag nó a mhór an méid a dúirt mé ansin:

Thosaigh muid leis an abairt “in fecht sa” sa tSean-Ghaeilge, focal ar fhocal “an turas seo, an t-am seo,” .i. anois. D'athraigh idir chruth agus bhrí na bhfocal de réir a chéile le himeacht aimsire mar seo: in fecht sa ~ ifechtsa ~ fechtsa ~ ifesta ~ festa ~ feasta.

11 Meán Fómhair 2013

sanasaíocht



inoenḟecht

Iarradh orm ar Twitter inniu sanasaíocht a thabhairt ar dhá fhocal, mar atá “éineacht” agus “leathanach”. Tá an scéal taobh thiar díobh seo an-soiléir, buíochas le Dia, so bhí mé in ann an míniú a thabhairt do mo chairde gan dua.

Na blianta ó shin scríobh mé blúirí beaga faoi fhocail ar liostaí ríomhphoist agus chuir Caoimhín Ó Donnaíle le chéile iad anseo faoin teideal Focal an Lae.  Téann sanasaíocht le gach ceann de na 365 fhocal atá ann.

Tamall ina dhiaidh sin chuir mé cnuasach sanasaíochta eile le chéile, an ceann seo i nGaeilge ar fad.  Stair an Fhocail atá air. Pléitear 52 fhocal ann, ó “abhus” go “troigh”.

Sílim anois gur cheart dom leanacht ar aghaidh leis an tionscadal seo, i nGaeilge agus ar an mblag seo. Tosóidh mé anois díreach leis an dá fhocal a luaigh mé thuas.

éineacht

Sean-Ghaeilge “oínḟecht”, ó “oen + fecht” (aon + feacht); feacht = am, uair

leathanach 

Sean-Gh. “lethenach”, ó “leth + enech” (leath + eineach); eineach = aghaidh

Beidh níos mó le rá agam faoi na focail “feacht” agus “eineach” go luath!

29 Lúnasa 2013

Cú Chulainn agus an sliotar



oc áin líathroti

Co n-accae íarum Coin Culainn oc áin líathróite.

Ansin chonaic sé Cú Chulainn ag iomáin liathróide.

Tá an sliocht seo le fáil sa Táin (LU 4983). Is é Conchobhar a chonaic Cú óg ag iománaíocht, lena lorg ánae (a chamán) ina láimh agus an líathróit (an sliotar) roimhe.



Go dtí le déanaí, séard a bhí sa sliotar ná meall comhdhlúth de fhionnadh ba ar an taobh istigh, le heangach déanta as rón casta mar chlúdach. Beidh na samplaí seo le feiceáil i Musaem Náisiúnta na hÉireann ó 5 Meán Fómhair. Rinneadh an ceann is sine díobh seo thíos sa dara leath den 12ú haois!



Tá ceist agam oraibh. Cad as don fhocal “sliotar”? Is cosúil nach raibh sé acu i nGaeilge Mheánaoiseach.

23 Lúnasa 2013

séanairí le séanadh



ar ni gnáth nach sénaire bed airddiu neoch

Tá na focail seo le fáil in Leabhar Laighneach (294b22) ag deireadh Audacht Morainn, téacs a thugann comhairle do rí nó do fhlaith. Seo é an líne ar fad, agus leagan eile de as an eagrán a rinne Thurneysen de in ZCP ó chúpla lámhscríbhinn:


Apair fris nacha n-erbad i sénairecht, ar ni gnáth nach sénaire bed airddiu neoch.

Abbair fris ni·n-erbba do sēnairecht, ar nī gnáth nach sénaire bed ferr ar chāch.

Abair leis (.i. an rí) gan earbadh i séanaireacht, óir ní gnách go mbeadh séanaire amháin níos airde ná cách.

Nó i bhfocail eile:

Ná bíodh iontaoibh agat as bean (nó fear) feasa, toisc nach mbíonn duine acu níos fearr ná a chéile.



Tá an focal “séanaire” sa teanga fós. An chiall atá leis de ghnáth anois ná duine a aimsíonn uisce, .i. dowserwater witch. An chiall is coitianta a bhí leis nuair a scríobhadh an téacs seo ná fáistineach, .i. fortune teller, soothsayer.