Sé chinn nó leathdhosaen?
Thug mé faoi dearadh go mbainim úsáid as na cora cainte seo leanas gan aon idirdhealú - nó gan idirdhealú ar bith - a dhéanamh orthu. Tá a fhios agam go bhfuil stair chanúnach taobh thiar de chuid acu, ach is ionann iad i mo chuid Gaeilge. Your mileage may vary. Ní lia duine ná barúil.
Is work in progress / obair idir lámha é seo!
Nua:
Nua:
ar an toirt : láithreach bonn
ar aon intinn : ar aon tuairim
ar dtús : ó thús
ar na mallaibh : le déanaí
cad mar gheall ar : céard faoi
d'ainneoin : in ainneoin
d'aon turas : d'aon ghnó : d'aon oghaim
de dhíth ar : ag teastáil ó : ó
den chuid is mó : ar an mórgóir
go bhfios dom : ar feadh m'eolais
go fóill : fós
go hiondúil : de ghnáth
in easnamh : ar iarraidh
in éineacht le : in éindí le
más buan mo chuimhne : más maith mo chuimhne
ó am go ham : ó am go chéile : anois is arís
Ach:
de dheasca ≠ de bharr
Tá aithne agam ar ph éirí eile (i gcónaí : i dtolamh, mar shampla) nach gcuirfidh mé ar an liosta toisc nach mbainim úsaid as ceann acu (i dtolamh sa chás seo) i mo chuid Gaeilge féin. Séard atá sa liosta thuas ná péirí (nó níos mó) a bhfuil “ceann nó cláirseach” nó toss-up i gceist domsa.











