30 Márta 2013

gorm ubh na spideoige

Sna Stáit agus i gCeanada tá dath ann darb ainm robin's egg blue. D'fhoghlaim mé an t-ainm seo nuair a bhí mé i mo ghasúr agus is dóigh liom go bhfuil sé ag beagnach chuile dhuine abhus anseo. Is dath oifigiúil é de chuid Crayola é ó 1993 i leith.

Bhí robin's egg blue san fhaisean ar a lán rudaí tráth den saol. Seo é an locus classicus de, na huibheacha iad féin:


Ach tá fadhb thras-Atlantach leis an ainm seo! Ní bhfaighfeá uibheacha den dath seo i nead spideoige in Éirinn ná in áit ar bith eile san Eoraip. Cén fáth? Ní hansa. Ní hionann an t-éan ar a dtugtar spideog (nó rouge-gorge, pettirosso, Rotkehlchen, roodborst, etc.) air san Eoraip agus an robin redbreast i Meiriceá!

Seo é Turdus migratorius, an t-éan mór Meiriceánach. Smólach atá ann dáiríre:



Agus seo é an spideog Eorpach, Erithacus rubecula, éan nach bhfuil chomh mór céanna:


Maidir lena chuid uibheacha, níl dath robin's egg orthu ar chor ar bith. Tá siad donn.

29 Márta 2013

grágaíl agus feadaíl


Chonaic mé préachán ag clipeadh iolair mhaoil an lá cheana agus mé ag siúl abhaile. Bhíodar beirt ar eitilt agus bhí an préachán ag tabhairt sciuirdeanna anuas ar an iolar, ag grágaíl an t-am ar fad. Thug mé faoi dearadh arís chomh neamhbhinn is atá agallach na bpréachán i gcomórtas le feadaíl na n-iolar. (Nod libh: agallach a dúirt mé, ní agallamh!)


Chuir an grágaíl is an feadaíl an scéal seo i gcuimhne dom, scéal a d'inis mé bliain ó shin mar fhreagairt nó comment ar bhlagmhír a scríobh Seán O'ConnorChuala mé an scéal i Lushootseed agus i mBéarla  sa mhusaem iontach  seo, an Hibulb Cultural Center. 
Leagan de scéal idirnáisiúnta atá ann, faoin dreoilín agus faoin iolar. In Éirinn, tar éis don iolar dul in airde chomh fada agus a b'fhéidir leis, d'éirigh an dreoilín óna eireaball, mar a raibh sé i bhfolach, agus chuaigh sé suas cúpla orlach eile. Bhuaigh an dreoilín ríocht na n-éan leis an gcleas sin. 
Sa scéal a chuala mé abhus anseo, bhí amhráin na n-éan uilig i bhfostú sa spéir. (Tá scéal eile acu faoi mar a tharla an tubaiste sin!) Bhí ar na h-éin a gcuid amhráin a fháil ar ais. Ach ní raibh éan ar bith in ann eitilt a fhad leo. Rinne an dreoilín Meiriceánach an cleas céanna, ach i comhpháirt leis an iolar. Shroich an t-éan beag na hamhráin agus bhí sé in ann iad a thabhairt ar ais leis. 
Roinn sé na hamhráin i measc na n-éan uilig. Thug sé na hámhráin is fearr do na héin bheaga eile, agus na hamhráin nach raibh binn do na héin mhóra: an préachán, an corr, an fiach, an faoileán, agus mar sin de. Ach thug sé amhrán binn don iolar, an t-éan a bhí páirteach leis san eachtra. Agus choinnigh sé amhrán an-deas dó féin, ar ndóigh!

20 Márta 2013

radharc amháin eile


Grianghraf amháin le cruthú go raibh sé ag cur fearthainne in Death Valley nuair a bhí mé ann:


sruthán úr trí charrchlós an óstáin

19 Márta 2013

Death Valley, trí radharc


Chuaigh muid ann ag tús na míosa le beagán vitimín D a fháil. Agus le teitheadh ó bháisteach Sheattle. Bhí muid ann le seachtain. Tháinig stoirm isteach lá amháin agus lig sí leathorlach báistí titim! Ní tharlaíonn a leithéid sna bólaí seo ach go hannamh. Ba mhór an spórt é éirí fliuch, fuar agus draoibeach in áit a bhíonn thar a bheith tirim de ghnáth.

Na Dumhacha

Zabriskie Point
(No, ní fhaca mé an scannán riamh.)

Sneachta ar na Sléibhte Panamint
an mhaidin tar éis lá na báistí

18 Márta 2013

póit


Póit. Sin focal a fheicim ar Twitter ó am go ham. Bhí focal eile ag na Sean-Ghaeil ar an iomarca óil agus ar a iarmhairt: laithirt. Tá taifead againn den fhocal seo i riocht nótaí imill i lámhscríbhinn a scríobhadh thart faoin mbliain AD 845 ar a dtugtar The St. Gall Priscian. Tá ceann acu in ogham, rud atá thar a bheith neamhchoitianta.

LATHEIRT

lathaeirt

Tá mé réasúnta cinnte gur ag tagairt don phóit a bhí air féin an mhaidin úd a bhí an scríobhaí nuair a bhreac sé síos na focail seo. Ba nós leis na peannairí mionrudaí ina mbeatha féin a lua i nótaí mar seo. Is féidir breathnú ar na giotaí scríofa seo mar tvuíteanna (nó giolcanna nó tweets) a tháinig anuas chugainn ó na daoine a tháinig romhainn na cianta cairbreacha ó shin.

Tá iontráil don fhocal seo in Sanas Cormaic (ca. 900) freisin:

820. Lait[h]irt .i. lait[h] ort .i. lait[h] ronort [.i.] ōl cormæ

= Laithirt .i. leann ort .i. tá leann tar éis thú a mharú [.i.] ól beorach

18 Feabhra 2013

féilscríbhinn



Fuair mé Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle ó CIC an lá cheana: 4.2 phunt meáchain agus 1,071 leathanach! Tá an leabhar ar fad i nGaeilge, agus níl sé saor (go háirithe le posta go Meiriceá san áireamh). Más dóigh leat gur féidir go mbeadh suim agat ann, ach níl tú cinnte, seo é clár an ábhar:

Anders Ahlqvist ~ Miondán Sean-Ghaeilge

Pádraig Breathnach ~ Ar bord físe: Iarrachtaí le Micheál Ó Conghaile

Liam Breatnach ~ Dinnseanchas Inbhear Chíochmhaine, ‘trí comaccomail na Góedelge’, agus caibidil i stair litriú na Gaeilge

Pádraig A. Breatnach ~  Sliocht as Litir Naomh Pól chun na Rómhánach aistrithe go Gaeilge

Fionntán de Brún ~ ‘We want no Gothic Revival’: Pádraig Mac Piarais, an Gotachas agus an athbheochan

Pádraig de Paor ~ Mo mháistir dorcha: Leathchéad dán le Nuala Ní Dhomhnaill ar théama an bháis

James Doherty ~ Earráid Stella Maris

Patricia Lysaght ~ Tadhg Ó Murchú ag bailiú béaloidis i gContae an Chláir sa bhliain 1942

Eoin Mac Carthaigh ~ Tinn liom do mhaoith, a Mháire

Liam Mac Cóil ~ Scéal scéil: Staidéir beag ar chúrsaí reacaireachta

Kim McCone ~ Sean-Ghaeilge combart, Nua-Ghaeilge coimpeart

Nollaig Mac Congáil ~ Ar cuireadh Séamus Ó Grianna ina thost?

Mícheál Mac Craith ~ Tadhg Ó Cianáin agus Andrea Palladio

Uáitéar Mac Gearailt ~ Deilbhíocht Scéla Laí Brátha agus scríobhaithe LU

Uilleam MacGill'Ìosa ~ Dàn le Eòin Mac Mhuirich ann an Leabhar an Deaghain

Damian McManus ~ Naomhú Néill Fhrosaigh uí Néill

Liam Mac Mathúna ~ Iasachtaí foclóra agus il-leaganacha logainmneacha i ndialanna Uí Chianáin agus Uí Mhealláin: Spléachadh tosaigh

Seosamh Mac Muirí ~ Dún Eogain Bél forsind loch

Ciarán Mac Murchaidh ~ Seanmóirí an Easpaig Séamas Ó Gallchóir: Eagráin, aistriúcháin agus aidhmeanna

Liam Mac Peaircín ~ Marbhna an Athar Nioclás Mac Síthigh

Dòmhnall Eachann Meek ~ A' cruthachadh eachdraidh: Uilleam MacDhunlèibhe agus ‘Blàr Shùnadail’

Úna Nic Éinrí ~ Pas nó paitinn na filíochta san ochtú haois déag?

Máirín Nic Eoin ~ Múinteoirí, timirí agus saighdiúirí na hathbheochana: An dírbheathaisnéis gluaiseachta

Brian Ó Catháin ~ Eoghan Ó Gramhnaigh agus ‘Clann Chonchobhair’: Bailitheoirí béaloidis  in Oileán Árann

Tadhg Ó Dúshláine ~ Critique Uí Chorcora ar ‘Chaoine Airt Uí Laoire’

✝Daithí Ó hÓgáin ~ An Dall Glic agus an éigse

Ruairí Ó hUiginn ~ Cond-ricc, cond-ránic srl.

Muiris Ó Laoire ~ Teagasc na Gaeilge: Cúiseanna agus curaclam ar strae?

Pádraig Ó Liatháin ~ Éamonn Mac Giolla Iasachta agus tionchar na staire ar a shamhlaíocht

Mícheál B. Ó Mainnín ~ Muintir Chianáin Ard Mhacha agus borradh na dteaghlach léannta

✝Damien Ó Muirí ~ Séamas Óg Mac Coitir agus an dlí Gallda

Caoimhín Ó Muirigh ~ Fionn i ndiaidh na ríthe: Úathad mé a Temraig a-nocht

Diarmaid Ó Muirithe ~ Cnuasach focal as Port Láirge

Nollaig Ó Muraíle ~ Uí Ainlí, taoisigh Chineál Dofa, sna ginealaigh agus sna hannála

Máirtín Ó Murchú ~ Oide i ndréachtaibh: Exirsís bheag san athbheachtú

Eoghan Ó Raghallaigh ~A gcródhacht ceart chlann bhFeórais: Dán molta ar Mhaighiú Mac Feórais

Pádraig Ó Siadhail ~ ‘Anna Ghordún’ agus an ‘Gaberlunzie Man’: Nóta faisnéise faoi Anne Gordon Rudmose-Brown agus faoi Phádraic Ó Conaire

Jürgen Uhlich ~ Serc mór do Macc Muire

Regina Uí Chollatáin ~ Athruithe teanga agus caomhnú teanga i scéal an chló i ré na hathbheochana

Seosamh Watson ~ ‘Dada’ i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban

Nicholas Williams ~ Gaeilge na hIarmhí

10 Feabhra 2013

an teanga


Seo rann sa teanga Peirsis:


Chum an file Amir Khusrau (1253-1325) in Delhi é tuairim is seacht céad bliain ó shin. Fuair mé é sa leabhar The Last Lingua Franca le Nicholas Ostler, in éindí leis an t-aistriúchán seo:



My lover's tongue is Turkic, and Turkic I do not know;
How glad I'd be if only that one's tongue were in my mouth.

Thaitin an débhríocht, a oibríonn i mBéarla agus i nGaeilge chomh maith céanna agus a oibríonn sé i  bPeirsis, go mór liom. Tá débhríocht eile sa rann seo, mar a bhíonn ann i gcónaí i bhfilíocht na Peirsise. Ní shonraíonn an ghramadach inscne. Ní bhíonn a fhios againn an fear nó an bean, “sé” nó “sí”, atá i gceist. Tá forainm amháin i bPeirsis, “û”, a chiallaíonn “he, she, it”. San fhocal “zabânash”, a haistríodh thuas mar “that one's tongue”, is ionann “zabân” agus “tongue”, agus ciallaíonn an foirceann“-ash” idir “his” agus “her”.

Chuir mé romham leagan Gaeilge den rann seo chumadh, agus chinn mé gan bhacadh le débhríocht na hinscne. Is féidir gurbh é fear eile a bhí i gceist ag Khusrau, rud nach raibh neamhchoitianta ar chor ar bith, ach sa leagan doggerel seo thug mé bean Éireannach mar leannán dó. Ar an láimh eile, tá an forainm “í” débhríoch sa dara líne, rud a thaitníonn liom!

Is í an Ghaeilge teanga mo ghrá.
Gan í bheith agam atá mo chrá.
Dá mbeadh a teanga i mo bhéal,
Nach ormsa a bheadh an t-ádh!

Nod libh: atá mo chrá = atá do mo chrá.