Scríobh mé blagmhír faoin rann seo cúpla bliain ó shin. B'fhéidir gur mhaith leat súil a chaitheamh ar an leagan sin ar dtús. Tá cuma chearnach righin ar na litreacha sa leagan sin, agus tá na focail réasúnta deacair a léamh dá bhrí sin. Sa chás seo thíos, ar an láimh eile, bhreac an scríobhaí (duine eile atá ann) an rann síos go sciobtha ina ghnáth-scríbhneoireacht reathach, mar nóta imill ag bun an leathanaigh (4r) sa lámhscríbhinn 23 P 26 (ARÉ / RIA).
Mairg cuinges ni ar a charuid
muna loinn leis a tabhairt
is e dede nos bia de
miscais ⁊ oibire
Tá an litriú agus cuid de na focail sa leagan seo éagsúil leis an leagan ar an leathanach eile, ach tá an chiall chéanna leis an iomlán sa dá chás. Níl ceachtar acu sothuige ar fad i nGaeilge an lae inniu, áfach. Seo athinsint ar na línte thuas mar mhíniú:
Mairg (don té a) chuingeas (= a iarrann; cf. athchuinge > achainí) ní ar a chara
muna (mura) lainn/loinn (= fonnmhar) leis (é) a thabhairt
is é déidhe (= dhá rud) nos·bia (= a bheas) de
mioscais agus oirbhire (= focal feargach, mallacht).














