Tá 21 Nollaig ag teannadh linn: grianstad an gheimhridh agus an Mayan Apocalypse! Beidh cairde chun dinnéir chugainn an oíche sin agus tá sé ar intinn agam deoch echt-Maya a thabhairt dóibh.
Tá trí comhábhar le feiceáil sa ghrianghraf thuas: masa harina, cainéal, agus piloncillo. Mhínigh mé masa i mblagmhír eile cúpla lá ó shin. Séard atá i bpiloncillo ná siúcra donn. Tá masa harina ar fáil in Éirinn ó My Mexican Shop. Déantar é as grán indiach bán de ghnáth, ach tá masa buí ar fáil freisin anseo ó Maseca (masa = taos + seca = tirim), comhlacht i dTexas.
An modh: Cuir píosa cainéal agus coirceog piloncillo in uisce fiuchta, i sáspan nó sa mhicreathonn. Fiuch go mbeidh an siúcra leáite. Tóg amach an cainéal. Cuir cúpla spúnóg masa harina ann agus measc go maith é le greadtóir (whisk). Lean ort á théamh is á shuaitheadh go ceann cúpla nóiméad, go mbeidh an t-atole ramhar, ach tanaí go leor le hól. Sin é! Más mian leat, is féidir bainne nó uachtar a meascadh tríd freisin.
Ní raibh piloncillo ná cainéal ag na Maya roimh theacht na Spáinneach, ach bhí mil agus ilspíosra (Pimenta dioica) acu. Más deoch fíor-réamh-Cholambach atá uait, tig leat mil agus ilspíosra a úsáid. Tá blas an-deas orthu freisin. Bhí seacláid ag na Maya freisin, ar ndóigh. Má chuireann seacláid san atole, champurrado a bheas agat. Ach le fírinne, is fearr liom mo chuid atole i muga amháin agus mo chuid seacláide i muga eile.








