Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis, ach idir an dá linn tá luibeanna agus torthaí ann in aghaidh an tslaghdáin. Deirtear gur chóir a lán deochanna teo a ól má tá slaghdán ort. Bhain mé triail as scailtín fíona aréir. Cé go raibh suaimhneas le fáil ann, tá rud éigin níos éifeachtaí fós faighte agam. Tá sé sa ghloine thuas: uisce te, tae Lemon Zinger™, agus slisíní mango triomaithe.
Níl aon rud sa mhango seo ach mango. Tá na slisíní an-tirim agus beagán righin. Ach tá siad milis agus tar éis dóibh cúpla nóiméad a chaitheamh ar maos sa tae bogann siad go deas. Tá an tae beagán géarbhlasta agus téann milse an mhango go maith leis.
Tá mo scornach níos fearr cheana féin!









