Cliceáil le méadú, más gá.
Riail a haon: Má tá “delight” san ainm, is oideas ó lár an chéid seo caite atá i gceist.
Riail a dó: Má tá níos mó ná comhábhar amháin ann atá “réidh le hithe” as an stán, ditto.
Riail a trí: Má tá Jello™ nó glóthach de shaghas éigin eile ann, in éineacht le torthaí / soilire / pimento / uachtar / marshmallows, etc., jello salad a thugtar air, mias a bhí i mbarr a réime i lár an chéid seo caite agus/nó i lár an Deep South.
Fuair mé an t-oideas seo ó chara liom inné. Fuair seisean é i leabhar cócaireachta a fuair a chéile i siopa seandachtaí i Missoula, Montana. Nuair a chuir mé an íomhá thuas chuig cara eile i North Carolina, tháinig teachtaireacht ar ais uaidh ar an toirt: Delight D. Eisenhower.






