Tá boladh álainn neshjízhii, nó guisado de chicos, ar fud an tí anois díreach. Tá pota de ag bruith leis sa chistin agus mé ag scríobh. An príomh-chomhábhar atá ann ná cineál speisialta arbhar indiach. Tugann na Navajo steamed corn nó dried corn air i mBéarla. Chicos an t-ainm atá acu air i New Mexico, agus tugann na Hopi tùupephotomni air. Séard atá ann ná arbhar indiach a bhaintear nuair atá sé fós glas, an saghas corn a itear on the cob. Ní bhaintear an crotal glas de agus cuirtear a lán de in oigheann coirceogach (horno) nó in oigheann faoin talamh. Bruitear sách luath é, baintear amach é, agus ansin triomaítear sa dias é. Tá na chicos tirime le feiceáil thuas ar dheis, agus babhla eile díobh ar clé a chaith an oíche ar maos in uisce.
Nuair a ullmhaíonn na Navajo neshjízhii, ní chuireann siad ann ach steamed corn, caoireoil, salann, piobar dubh, agus oinniún. D'ith mé babhla mar sin an mhí seo caite in Window Rock, Arizona, ar an rez. Bhí sé an-simplí agus an-bhlasta in éineacht le píosa fry bread te. Mar a fheiceann tú thuas, chuir mé gairleog agus chile ann freisin, agus beagán oragáin, à la New Mexico. Níl ag teastáil ina dhiadh sin ach foighne! Níor mór don neshjízhii / guisado de chicos fanacht ar an sorn go ceann trí uair a chloig nó níos mó, le go mbeidh na chicos / steamed corn / dried corn bog blasta. Táim ag fanacht fós, ach is fiú é!







