“Split twig figurine” a thugann na seandálaithe air. Cheannaigh mé an ceann seo, nach bhfuil sean ar chor ar bith, ar $4 an tseachtain seo caite. Tá sé ina luí ar chlúdach mo iPad in aice le bráisléad a rinne gabha geal Hopi, rud eile a cheannaigh mé cúpla lá roimhe sin.
Bhí suim ar leith agam sa deilbhín toisc gur bhuail mé le hIndiach Hualapai a raibh deilbhín mar seo, ach an-bheag, ar crochadh thar a mhuineál. D'fhiafraigh mé de céard a bhí ann agus mhínigh sé dom go ndearna cara leis é. Thug sí dó é le hádh fiaigh a thabhairt dó. Tá sé ar intinn aige an fia mór (elk nó wapiti a thugtar air i Meiriceá) a fhiach den chéad uair an tseachtain seo chugainn. Mhínigh sé dom freisin gur rud an-sean agus an-nua atá ann.
Tá sé sean toisc gur frítheadh deilbhíní mar seo a rinneadh idir 2,000 agus 4,000 bliain ó shin in uaimheanna tirime ar fud an Iardheiscirt (Great Basin agus Colorado Plateau le bheith cruinn). Agus tá sé úrnua toisc nár bhain éinne úsáid as “hunting fetishes” mar seo le cuimhne na ndaoine. Seo sampla de na deilbhíní ársa atá le feiceáil in iarsmalanna anois:
Dála an scéil, d'fhoghlaim mé gur féidir deilbhín mar seo a dhéanamh go héasca as tuige (focal nach raibh agam go dtí anois). Tá treoracha simplí le fáil anseo. Tá sé ar intinn agam triail a bhaint as!









