15 Meán Fómhair 2012

síobhal


Ní bhfaighidh tú an focal “síobhal” in FGB, ach tá sé ag Focal.ie leis an gciall “fibula”. Níor chum siad an é. Thóg siad as foclóir na Sean-Ghaeilge. Tháinig an focal ársa “síbal” isteach sa teanga go han-luath, ón Laidin “fībula”.


Cheannaigh mé an mhacasamhail seo thuas sa Bhurgúin cúpla seachtain ó shin ón siopa ag an Musée de la Civilisation Celtique atá suite mar a mbíodh oppidum mór de chuid na nAedui thart faoi am Julius Caesar. Tá an iarsmalannn seo go hálainn agus b'fhiú cuairt a thabhairt uirthi má tá suim agat i rudaí mar seo.


So, céard is síobhal ann? Biorán dúnta (safety pin, épingle de nourrice) atá sna cinn seo.  Fibule filiforme a thugtar air i bhFraincis. Níl mé cinnte den leagan Béarla. Is as píosa amháin cré-umha, ón rinn go dtí an greamán, atá na cinn ársa seo déanta. Sílim gurb álainn ar fad an pósadh atá againn anseo idir chruth is feidhm.


D'fhiafraigh Aonghus díom le déanaí conas a tharla sé go ndearnadh ‘s’ de ‘f’ nuair a fuair na Sean-Ghaeil an focal “fībula” ar iasacht.  Tá cúpla focal eile mar seo againn: “srian” a tháinig ó “frenum" agus "sorn" ó "furnus”. Tháinig siad seo isteach sa Ghaeilge go luath, nuair nach raibh ‘f’ sa teanga mar fhuaim dá chuid féin. Bhí /v/ nó /w/ sa Ghaeilge Ársa san áit a bhfuil /f/ againn inniu: *wera in áit “fear”, mar shampla. San am céanna, áfach, bhí fuaim sa Ghaeilge Ársa a bhí an-chosúil le /f/, ag feidhmiú mar shéimhiú na fuaime /sw/.  Mar shampla, *swiūr (“siúr” sa tSean-Ghaeilge), ach *mo fiūr (“mo fiúr” nó “mo phiúr” sa tSean-Ghaeilge; “mo phiuthar” fós i nGaeilge na hAlban). Nuair a chuala na Sean-Ghaeil “fībula”, shíl siad, de réir dealraimh, gurbh é an leagan séimhithe den fhocal *swībula a bhí ann. Tháinig cúpla athrú eile ar a bhfocal ina dhiaidh sin: 

1. simpliú *sw go /s/ : *sībula.
2. séimhiú an chonsain /b/ idir ghutaí : *sībhula
3. teascadh an ghuta deiridh : síbhal (NB: ní thaispeántar an séimhiú i ngnáthlitriú an Sean-Ghaeilge: síbal).

Ar thuig sibh an méid seo ar fad?  Beidh quiz air!

13 Meán Fómhair 2012

cait & litríocht


Bhain John úsáid as Henri le Chat le mé a mhealladh ar ais chuig an mblagaisféar lá nó dhó ó shin. Ós é seo mo chéad bhlagmhír ó fhill mé (san Eilbhéis agus sa Fhrainc a bhí mé), seo cat eile daoibh, ar phostaer a chonaic mé in Luzern.

Cliceáil le méadú.

Man kann im Leben
auf vieles verzichten,
aber nicht auf Katzen
und Literatur!

Is féidir teacht gan a lán rudaí sa saol seo, ach ní gan chait gan litríocht!

Le fírinne, bhí mé maith go leor gan cheachtar acu ar feadh trí seachtaine, ach tá áthas orm go raibh Mike is Molly agus mo chuid leabhar ag fanacht liom anseo ar theacht abhaile dom!

18 Lúnasa 2012

An focal ceart?


Seo iad na focail:

1. cúr
2. sobal
3. uan
4. cúrán
5. coipeadh

Agus seo iad na pictiúir.  Cén focal (níos mó ná ceann amháin más maith leat) a chuirfeá le gach ceann acu? Abair liom, led thoil!


1.

2.



3.



4.



5.



6.

16 Lúnasa 2012

500 Scoláire - Guth Amháin


Amhrán grá don teanga:



Mo cheol iad!

15 Lúnasa 2012

mallú múinte



“Is cett duit an talam dot slucud.”

“Is cead duit an talamh dod shlogadh” i litriú an lae inniu.  Dúirt Colmán mac Luacháin é seo le duine a chuir fearg air agus b'éifeachtach an mhallacht í de réir dealraimh: “is rosluic an talam fochétóir an rechtaire.” Ní fhaca mé mallacht níos cúirtéisí ná í seo riamh. Ní bhíonn na naoimh sna seanscéalta chomh múinte sin de ghnáth. Tá an scéilín le fáil in Betha Colmáin Maic Lúacháin (§ 55).

11 Lúnasa 2012

Muileann na Mallachtaí



Deá-scéal!  Tá inneal mallachtaí nua le haghaidh na Sean-Ghaeilge ar fáil ar an idirlíon anois, anseo. Is leagan beta é seo, mar sin is féidir go mbeidh athruithe ag teacht, ach tá sé ag obair anois.  Bainigí triail as!

09 Lúnasa 2012

comhrá le mo chat


Mícheál -  Ó, féach, tá préacháin sa chrann!
Mise -  Sea, bhuel.
Mícheál - (cúpla nóiméad níos déanaí) Féach, tá préacháin sa chrann.
Mise - Nach mbíonn préacháin sa chrann go minic?
Mícheál - Sea, bhuel.
Mícheál - (cúpla nóiméad níos déanaí) Féach, tá préacháin sa chrann.
Mise - Tá go maith.  Céard tá uait?
Mícheál - Níl a fhios agam go beacht.
Mícheál - (cúpla nóiméad níos déanaí) Féach, tá préacháin sa chrann.