09 Lúnasa 2012

Cosain muid!


Cosain muid ó waincéirí Wall Street!


Ar bradaibh na mbercc
rom·ain Ísu ard!

Ar chreacha na sladaithe
cosain mé a Íosa ard!

08 Lúnasa 2012

rent boys anallód


Cé mhéad a bhí ar rent boy in Éirinn anallód?

Ní hansa. Tá an freagra againn sa sliocht seo ó théacs a dtugtar The Monastery of Tallaght air de ghnáth. Tá sé le fáil i Leabhar Bhaile an Mhóta, a scríobhadh thart faoin mbliain 1390.

... Screpul doberar
do gilli no óclig ar comaitecht do
neuch o pecad étraid no do mnáoi

Screaball a thugtar 
do ghiolla nó óglach ar chaoifeacht do 
neach i bpeaca éadraidh, nó do mhnaoi

I bhfocail eile, “an tsuim bheag airgid a thugtar d'fhear óg, nó do bhean, as ucht dul le duine i bpeaca na colainne.” Tá “caoifeacht” agus “éadradh” san fhoclóir fós, ach ní dóigh liom go bhfuil siad i ngnáthúsáid.

Maidir leis an “screpul” nó “screaball”, ba aonad luacha é. Tháinig an t-ainm ó “scripulus” na Laidine. Bhí 24 screpul san unsa sa chóras sin. Deir foinsí éagsúla rudaí éagsúla faoi luach an screpuil, ach is léir nach raibh a lán airgid i gceist. Uaireanta, ní chiallaíonn “screpul” ach fee

06 Lúnasa 2012

mallacht shuarach


Forraib ammarthan do gnuis.
Go raibh mí-ádh ar do ghnúis!

forraib = for-raib = go raibh ar
ammarthan = amarrán .i. mí-ádh (ó “imḟorrán = foréigean” sa tSean-Ghaeilge)

Tá an mhallacht seo le fáil in The Monastery of Tallaght (§ 7).  Bhí seanbhean bhocht ag bualadh bleid ar ab darbh ainm Dubhlitir. Bhris ar an bhfoighne aige agus dúirt sé léi, “Bailigh leat! Go raibh mí-ádh ar do ghnúis!” Chuala ab eile, Maol Ruain, é seo agus lochtaigh seisean Dubhlitir ar an toirt. 

04 Lúnasa 2012

saor ar aineolas


Seo leathrann a dtaitníonn a shimplíocht liom. Tá sé le fáil ag deireadh an dáin ar Mag Luirg i Leabhar Bhaile an Mhóta. Is cuid den dinnseanchas é an dán seo, ach is leis an bhfile féin an guí seo.

manaim mo corp

is mo ceol

rob saer

ar olc ar aineol


M'anam, mo chorp, is mo cheol:
go raibh siad saor ar olc, ar aineol.

01 Lúnasa 2012

biachlár Lá Lúnasa


leitís, caora, biolar, cáis

adhaa3. Lit: Fitting, proper.

Lugnassad, luaid a hada
cecha bliadna ceinmara,
fromad cech toraid co m-blaid,
biad lusraid la Lugnasaid.



Lúnasa, luaigh a adha
gach bliain in imigéin,
blaiseadh gach toraidh clúitigh,
bia lusra Lá Lúnasa*.


Lammas-day, make known its dues
In each distant year:
Tasting every famous fruit,
Food of herbs on Lammas-day.



* nó “bia lusra le Lúnasa”

31 Iúil 2012

An tInneal Mallachtaí



Is fada ó chum mé An tIinneal Mallachtaí agus is fada ó d'oscail mé é, ach tá sé ann fós agus bhain sé gáire asam nuair bhain mé triail as inniu, féachaint an raibh sé ag obair fós.  Tá!




Cúpla sampla daoibh:


May the Sea Cat gnaw at your manly part. 
Go gcreime an Cat Mara do bhall fearga.


May the hounds of hell break your heart.
Go mbrise cúnna ifrinn do chroí.

29 Iúil 2012

fearg ar an scríobhaí


Mallacht dib fein

Ba bhreá liom fáil amach cé leis a raibh Tadhg Ua Ríoghbhardáin ag smaoineamh nuair a scríobh sé é sin! Is breá liom freisin an pheannaireacht agus na noda. Scríobh sé a ainm sa lámhscríbhinn céanna (3 B 23 ag an RIA) ar leathanach eile:

tadcc ua rigbardn

Cé go bhfuil blas seanaimseartha agus beagnach neamhurchóideach ar “Mallacht daoibh féin” sa lá atá inniu ann, ní raibh sé chomh quaint sin sa chúigiú haois déag nuair a bhí an scríobhaí seo beo. “Fuck yez, too” an t-aistriúchán is fearr i mBéarla an lae inniu, mura bhfuil dul amú orm!