01 Lúnasa 2012

biachlár Lá Lúnasa


leitís, caora, biolar, cáis

adhaa3. Lit: Fitting, proper.

Lugnassad, luaid a hada
cecha bliadna ceinmara,
fromad cech toraid co m-blaid,
biad lusraid la Lugnasaid.



Lúnasa, luaigh a adha
gach bliain in imigéin,
blaiseadh gach toraidh clúitigh,
bia lusra Lá Lúnasa*.


Lammas-day, make known its dues
In each distant year:
Tasting every famous fruit,
Food of herbs on Lammas-day.



* nó “bia lusra le Lúnasa”

31 Iúil 2012

An tInneal Mallachtaí



Is fada ó chum mé An tIinneal Mallachtaí agus is fada ó d'oscail mé é, ach tá sé ann fós agus bhain sé gáire asam nuair bhain mé triail as inniu, féachaint an raibh sé ag obair fós.  Tá!




Cúpla sampla daoibh:


May the Sea Cat gnaw at your manly part. 
Go gcreime an Cat Mara do bhall fearga.


May the hounds of hell break your heart.
Go mbrise cúnna ifrinn do chroí.

29 Iúil 2012

fearg ar an scríobhaí


Mallacht dib fein

Ba bhreá liom fáil amach cé leis a raibh Tadhg Ua Ríoghbhardáin ag smaoineamh nuair a scríobh sé é sin! Is breá liom freisin an pheannaireacht agus na noda. Scríobh sé a ainm sa lámhscríbhinn céanna (3 B 23 ag an RIA) ar leathanach eile:

tadcc ua rigbardn

Cé go bhfuil blas seanaimseartha agus beagnach neamhurchóideach ar “Mallacht daoibh féin” sa lá atá inniu ann, ní raibh sé chomh quaint sin sa chúigiú haois déag nuair a bhí an scríobhaí seo beo. “Fuck yez, too” an t-aistriúchán is fearr i mBéarla an lae inniu, mura bhfuil dul amú orm!


27 Iúil 2012

Ó Cuív



Is dócha go bhfuil a fhios ag chuile dhuine gurbh é Brian Ó Cuív, athair Éamoin Uí Chuív, a chuir an litriú “Cuív” in áit “Caoimh” ar a shloinne. Ach bhí litriú níos aistí ná é sin ann 400 bliain nó níos mó ó shin. Tá sé le feiceáil sa phictiúr thuas, ó Annáil Inis Fhaithlinn, fol. 47r sa lámhscríbhinn Rawl.B.503. An sliocht ar fad:

Corc mac fínguni i kymh d'ec. Bennact era anamin.

Corc mac Finguine uí Chaoimh d'éag. Beannacht ar a anam.

Éamon Ó Kymh?

26 Iúil 2012

crann tabhaill?



Tosaímis leis an gcur síos seo ar Chú Chulainn sa Táin (LU 5090) :

Fo·cheird-seom cloich asa thábaill co mmebaid fertas carpait Conaill Chernaig.

Chuir sé cloch as a thabhall agus bhris sé fearsaid charbaid Chonaill Chearnaigh.

Ach céard go díreach a bhí sa “tabhall” seo?  “Sling (for throwing)” a deir FGB. Rud éigin cosúil leis an rud sa phictiúr thuas, sreang le póca beag ann? 

Ach deir eDIL “sling, perhaps with a wooden handle”. Shíl mise riamh gurbh é rud éigin cosúil leis an mball chucker seo thíos a bhí ann. Feidhmíonn sé seo mar fhairsingiú ar lámh an chaiteora, rud a thugann longer arc of acceleration dó. I bhfocail eile, téann an liathróid níos faide, le níos mó cumhachta.



Tá tuiscint níos fearr agam ar an tabhall, nó an crann tabhaill, anois a bhuí le halt a léigh mé ar líne le déanaí ar Dháiví, an laoch sa Bhíobla a mharaigh Góla an Filistíneach. 

Is cosúil gurbh é fustibalstaff sling a chuir Michelangelo i láimh Dháiví (an dealbh chlúiteach atá mé a rá) nuair a “d'imigh sé leis ansin in aghaidh an Fhilistínigh agus a chrann tabhaill ina láimh aige” (1 Sam. 17:40), cé nach bhfuil mórán de le feiceáil inniu.


Agus céard is fustibal ann? Tá dhá cheann díobh le feiceáil sa phictiúr seo. Tá siad an-chosúil leis an mball chucker thuas. Agus tá wooden handle orthu, díreach mar a deirtear san fhoclóir eDIL. Cibé cén sórt tabhaill a bhí ag Dáiví dáiríre (más fíor don scéal ar chor ar bith) tá mé réasúnta cinnte anois gur fustibal a bhí i láimh an laoich Eorpaigh Cú Chulainn (má bhí seisean ann ar chor ar bith).

Turing Machine


Meaisín Turing le Tom Dunne

Meaisín Turing atá ionam,
chéad mhicrea-staid eile na cruinne
á ríomh i mála leathair
ar maos i leachtanna
agus leictreachas.

Lego Turing Machine le Jeroen & Davy


24 Iúil 2012

an t-ionchollú is déanaí



Tá an lupine agus an coreopsis thart anois. Chuir mé deich gcineál plandaí úra ina n-áit, plandaí atá úsáideach mar chlúdach talún: tím agus mar sin de. Tá cúpla planda eile ann ón ionchollú roimhe seo freisin. Agus chuir mé raidisí ina measc!



Tá súil agam go mbeidh brat iomlán agam faoi cheann an tsamhraidh, mósáic de phlandaí ísle a bheas duiliúr agus dathanna éagsúla orthu, plandaí a bheas in ann an geimhreadh a sheasamh.