18 Iúil 2012

gallúnach Aleppo


صابون حلب

Bhí cara liom sa tSiria bliain go leaith ó shin mar thurasóir. Bhí orthu an tír a fhágáil níos luatha ná mar a bhí pleanáilte, toisc go bhfuil an t-éirí amach ag tosú. Tháinig sí abhaile le bronntanais dá cuid cairde. Fuair mise an ghallúnach a fheiceann tú thuas. Is cosúil gur táirge traidisiúnta de chuid Aleppo atá inti. Tá an dá bharra seo i dtaisce agam anois. Ní bheidh mé sásta iad a úsáid go dtí go mbeidh an tír sin saor  ó bhrúidiúlacht Assad. Níl a fhios agam céard a thiocfas ina dhiaidh, ach is léir anois nach bhfuil i ndán dó-san ach díbirt nó bás.

16 Iúil 2012

Dathanna a chuireann masmas ort?



Níl aon rud nua le rá agam anseo dáiríre, ach ní féidir liom na dathanna sna pictiúir sa bhlagmhír roimpi seo a fhulaingt níos mó ag ceann an bhlaig. An dath ar chlúdach an leabhair le Dónall Mac Amhlaidh is mó a chuireann masmas orm, ach tá an dath ar an Humanitarian Daily Ration beagnach chomh dona céanna.

An bhfuil dathanna ann atá dofhlaingthe duitse?


11 Iúil 2012

dialann vs. cín lae


Phléigh mé focal a tháinig ar an saol trí earráid (“gósta” nó “taibhse” a thugtar ar a leithéid) sa bhlagmhír roimpi seo. Tá sé chomh maith agam ceann eile a phlé. “Dialann” atá i gceist agam, focal “nua” ar éirigh leis chomh maith céanna le “bliosán”, nó níos fearr fós.


Risteard Pluincéad a chum an focal seo ar dtús. Rinne sé comhfhocal de “dia = lá” agus “lón = soláthar bia”, mar aistriúchán ar an téarma Laidine “diarium” a chiallaíonn “daily ration”,  go háirithe san iolra “diaria”. Ach tá brí eile le “diarium”, mar atá “diary, journal”. Thóg Edward Lhuyd an focal seo ó fhoclóir an Phluincéadaigh agus chuir sé ina fhoclóir féin é mar “dialon, diary or day-book”. Chuaigh an focal ó fhoclóir go foclóir mar “dialon” ar dtús agus ansin mar “dialann”, toisc gurb ionann “lann” agus “áit”. Tá “dialann = day place” ar aon dul le “bialann, otharlann, leabharlann” srl., agus cuma na dea-Ghaeilge air.

diarium, nó lón bia


Ach, ní raibh gá leis an bhfocal seo riamh! Bhí téarma an-deas ann cheana féin, mar atá “cín lae”. Is focal ársa “cín” a chiallaíonn “leabhar”. Tháinig sé on Laidin ach is cosúil go raibh sé sa teanga le fada. Tá an iontráil seo againn in Sanas Cormaic (ca. AD 900) :

Cīn memraim a quinque, ar it cōic tūaga ata tēchta do bith innti.
Is ionann “cín” agus “meamram”, toisc go mbíonn cúig leathanach inti ó cheart.

Tá an míniú seo ceart ar fad, ach amháin gur ó “quina” (= déanta as cúig rud) a tháinig an focal, seachas ó “quinque” (= cúig).

09 Iúil 2012

scéal dhá fheochadán


Scéal dhá fheochadán agus a n-ainmneacha i nGaeilge é seo.

Seo Sonchus oleraceus. Tá na duilleoga inite. Sow thistle a thugtar air i mBéarla, agus “bleachtán” (an litriú caighdeánach) nó “bliochtán” i nGaeilge. Fuair sé an t-ainm seo toisc go bhfuil cuma an bhainne ar a shú: bleacht / bliocht (= bainne) + án.

Seo Cynara cardunculus, feochadán eile a itear i bhfad níos minice inniu ná an bleachtán. “Bliosán” an t-ainm atá air i nGaeilge. Is breá liom an glasra seo. Ní i bhfad ó Castroville “The Artichoke Capital of the World” a tógadh mé i gCalifornia. Thaitin an t-ainm Gaeilge liom freisin: bliss on! Bhí orm an scéal taobh thiar de a iniúchadh, ar ndóigh. Is cosúil gur tháinig “bliosán” isteach sa teanga den chéad uair riamh i ngluais scríofa le Seán Ó Broin sa lámhscríbhinn Egerton 158 (ca. 1737), mar a bhfuil “blisán, an artechoke” le léamh (dar le DIL).  Fuair Ó Broin an chuid is mó de na hiontrálacha sa ghluais seo ó liosta focal a bhreac an scoláire Robert Kirk (1644-1692) síos ina Bhíobla.

Tá sé réasúnta soiléir gur ón bhfocal “bliochtán” a tháinig an focal nua seo, “bliosán”. Ach conas a tharla sé? Seo againn an freagra:

conacht = Connacht

Tá dhá nod san fhocal seo. Is ionann an chéad cheann agus “con”. Agus is ionann an dara ceann, an litir ‘s’ a bhfuil líne scríofa os a chionn, agus “(a)cht”. Is é mo theoiric gurbh é an focal “blichtán” a scríobh Kirk sa chéad dul amach, ag baint úsáide as an nod seo “cht”, nod atá coitianta. Ach ní raibh an líne beag soiléir agus níor thug an dara fear, Seán Ó Broin, faoi deara é. Ní fhaca sé ach an ‘s’ agus scríobh sé an focal mar seo: “blisán”.  Sin againn é. Focal nua ar ghlasra nua.


[Aguisín: Tá a fhios agam anois, a bhuí le Caoimhín Ó Donnaíle, nach bhfuil “blichtán” ná “blisán” le fáil sa ghluais a rinne Kirk. Is léir mar sin go bhfuair Ó Broin an focal seo ó fhoinse eile. Seasann an teoiric mar sin féin.
Aguisín a dó: Is cosúil gurbh é Edward Lhuyd (1660 - 1709) a rinne an chéad athscríobh lochtach den fhocal. Beidh níos mó agam faoi seo sna nótaí tráchta.]

Dála an scéil, is ó “sed” na Laidine a tháinig an nod seo. “Acht” (“ach” inniu) an chiall atá le “sed”, mar sin baineadh feidm as an nod le “acht” agus “cht” a scríobh i dtéacsanna Gaeilge.

07 Iúil 2012

Gaelg #2



Thuig mé an bheannacht seo gan stró ar an gcéad amharc, ach amháin an focal “maynrys”. Chuaigh mé go dtí an t-idirlíon agus fuair mé anseo é. Séard atá againn mar sin ná

Sláinte Mhaith agus Sonas
ar an Teach Seo

Ach... cad as don fhocal “maynrys”? Is dócha go bhfuil gaol aige le focal Gaeilge nó Gàidhlig. Ach ní aithním é!  Grrr.  Méin? Maoin?  Ah... fan go fóill... méanar?! Caithfidh gurb é sin é.

Ceist eile anois: cad as do “méanar”?  Scéal sách suimiúil é sin, más duine thú a bhfuil suim aige sa leithéid!  Tháinig “méanar” ó “mad génair”, ón mbriathar Sean-Ghaeilge “gainithir = be born” móide an aidiacht “maith”.

An chiall bhunúsach atá le “mad génair” ná “rugadh go maith é/í”.  Giorrúchán de “maith” is ea “mad”.  Le himeacht aimsire rinneadh teilgean cainte de “mad génair” a raibh brí níos leithne leis: “ámharach, beannaithe, sona”, agus d'athraigh cruth na bhfocal de réir a chéile:

mad génair > modgénair > modhghéanar > méanar.  

03 Iúil 2012

Gaelg


Nod libh: Gaelg = Manainnis


Is cosúil go bhfuil a lán tithe darb ainm “Fy Yerrey” thall ar Oileán Mhanann.



An aithníonn sibh na focail atá i bhfolach sa litriú aisteach atá ag na hoileánaigh bhochta?

02 Iúil 2012

murtall



Ag deireadh an 19ú haois bhí Ada Briggs in ann a cuid a shaothrú lena méid is lena meáchan. Ghnothaigh sí suas go $60 in aghaidh na seachtaine mar “attraction” in Barnum's American Museum, agus i “seónna fraeic” eile.


Inniu, áfach, is féidir mná (agus fir) chomh ramhar céanna agus níos raimhre fós a fheiceáil gan táille ar bith a íoc san ollmhargadh, ar an mbus, ar an teilifís agus chuile áit eile.