Athrú ar an teocht sa gheimhreadh
(Samhain - Aibreán)
ó 1980 go 2012
(cliceáil)
Murab ionann agus an mhórchuid den talamh, níor athraigh an teocht gheimhriúil ó 1980 i leith i gCalifornia agus sa Phacific Northwest. Bíonn an geimhreadh anseo i Stát Washington chomh fuar fliuch agus a bhí sé riamh. Ach deirtear linn nach bhfuil againn ach cairde, go dtosóidh an téamh anseo freisin tar éis tamaillín.
An fhadhb is mó atá romhainn ná laghdú ar an sneachta sna sléibhte. Faigheann muid - ó Los Angeles go Vancouver - a lán den uisce a úsáideann muid sa samhradh ó leá an tsneachta san earrach agus i dtús an tsamhraidh. Tá taiscumair againn, ar ndóigh, a lán acu. Ach ní bheadh siad sách mór gan an sneachta a bheith ann mar thaiscumar eile.
Fuair mé an léarscáil thuas ón Goddard Institute for Space Studies.











