23 Meitheamh 2012

Doe's Eat Place


An Bhialann Is Aistí Inar Ith Mé Riamh


Ainm: Doe's Eat Place
Áit: Greenville, Mississippi
Bunaithe: 1941
An Biachlár: gan bhiachlár scríofa, ach steaks le sceallóga is sailéad; gulf shrimp; tamales; beoir
Praghasanna: $$$
An Chliantacht: gustalach
Gnás Feistis: mar a fheiceann tú thuas



Tá an chistin i gceartlár na háite agus déarfainn go bhfuil cuid mhaith de na feistis chomh sean leis an áit. Maidir leis an áit, tá an rud ar fad, ballaí agus urlár, ar claon.



Seo é an doras cúil, a bhí in aice lenár mbord.  Scian sáite i bhfráma an dorais len é a choinneáil dúnta!


Bhí an bia an-mhaith, ach is féidir bia chomh maith céanna a fháil in áiteanna eile atá i bhfad níos compordaí agus níos glaine. Céard atá ar siúl anseo? Níl mé iomlán cinnte, ach tá ar a laghad dhá rud ag obair le chéile anseo: traidisiún agus aistíl, dhá rud atá fréamhaithe go domhain i gcultúr an Deiscirt.

21 Meitheamh 2012

beagán salachair = sláinte


ealaín le Ralph Steadman

Tá Seán tar éis ár n-aird a dhíriú ar alt ar an New York Times ar “baol na ró-ghlaine”.  Chuir sé sin an sliocht seo as An Béal Bocht i gcuimhne dom láithreach:


Thug sí lán bhuicéad labáin, dríbe, lúiche agus tuitimíní-circe isteach arís ó fhód an bhealaigh mhóir agus leathaigh go sásta é ar chlár an teallaigh romham. Nuair a bhí gach ní socair aici, bhogas anonn le h-ais na teineadh agus go cionn cúig uaire bhíos im thachrán ag imeacht fá’n ghríosaigh - im ghlas-stócach ag éirí aníos ar an tsean-nós Gaelach.

burn, kill, run


Ní ceannlíne ó thablóideach éigin é seo, ach focail a fhaightear i logainmneacha i réigiúin éagsúla i Meiriceá in áit creek, an focal is coitianta abhus anseo ar shruthán nó abhainn bheag.


Cé go bhfuil léarscáil na hAlba breac le burns, is focal neamhghnách é i Meiriceá. Chonaic mé an ceann seo sa Mississippi Delta cúpla lá ó shin. Tá áit eile ar a dtugtar Glen Allan sa chontae céanna (Sharkey County), cé go bhfuil an Delta chomh cothrom le clár agus níl gleann ar bith ann. Ainmneacha iad seo a bhaist daoine a raibh cuimhne acu ar na seanfhóid ar na plantations a bhunaigh siad. Panther an focal atá acu sna bólaí seo ar an Puma concolor (mountain lion domsa, cougar in áiteanna eile).

Oifig an Phoist, Panther Burn

Is i Stát New York  is mó a fhaightear an focal kill ar shruthán: Fresh Kills, Fishkill, etc. Ón bhfocal Ollainnis kil a tháinig sé. Tugtar run ar shrutháin in Virginia, Pennsylvania, srl.: Bear Run, Bull Run agus mar sin de.

20 Meitheamh 2012

teanga Chaucer arís



Tá leagan álainn de scéilín na Manach againn i Meán-Bhéarla anois, a bhuí le Brian Boll:


Thre monke diden the world forsake.
Thei goon in a wyldernesse in penaunce of her synnes byforn god.
Ful a yeer weren thei with outen speeche.
Ones that a twelmonthe was agon oon of hem spak unto his felawe:
“Wel is us,” quod he.
So kepte hemselve for a nothere yeer:
“Ful wel in dede,” quod the nexte man.
Thei weren thennes yet a nothere yeer in that place.
“I swere by myn abyt,” quod the thridde man, “if ye ne wolle yeven me noght quyete, I yow yive the hool wyldernesse.”



Níl saineolas agam ar an Meán-Bhéarla, ach léigh mé cuid de na Canterbury Tales sa bhunteanga. Thabharfainn an leabhar gurb é Chaucer é féin a bhreac síos an leagan thuas. Go raibh míle maith agat, a Bhriain!

Cú Choigríche ?



Felix Gilman ag léamh óna úrscéal The Half-Made World  

Chríochnaigh mé an leabhar seo ar m' iPad aréir agus mé ag eitilt abhaile ó Mississippi. Bhain mé an-sult as. Úrscéal fantaisíochta, saghas steam punk diostóipeach, atá ann. Tá sé thar a bheith cliste agus dea-scríofa. Níl aon rud Éireannach ná “Ceilteach” ann. Baineadh geit asam mar sin nuair a léigh mé ainm an charachtair seo:

“Liv recognized her: Ku Koyrik, hound of the border.”  


“An féidir é?” a dúirt mé liom féin. Cé nach raibh sé an-choitianta riamh mar ainm, bhí Cú Choigcríche (nó Cúcoigriche, etc.) ar dhuine de na Ceithre Máistrí, Cúcoigchriche Ó Cléirigh.  An chiall atá leis an ainm seo, ar ndóigh, ná “hound of the border”.


Síniú Chúcoigchriche Ó Cléirigh
(an ceathrú ceann)

13 Meitheamh 2012

Comhionann a cruthaíodh daoine?


Thomas Jefferson vs. Muireadhach Albanach Ó Dálaigh

Cliceáil le léamh.


“Ní comhfhad bhíos barr na mér,
ní bhí uile cách coimhthrén,
clár nocha bí gan bhranán,
ní bhí ál gan uachtarán.”



Nod leat: 


bhíos = a bhíonn
ní bhí = ní bhíonn
nocha bí = ní bhíonn
clár = clár fichille
branán = a principal piece in ancient board-game set (FGB)


Nó féach anseo.

12 Meitheamh 2012

croí an bhaincéara


Transcendence le Masayuki Nagare

Ba le Bank of America le fada an plás ina bhfuil an dealbh seo suite in San Francisco.  Transcendence an teideal oifigiúil atá uirthi, ach tugann chuile dhuine Banker's Heart uirthi.  Fuar, dubh agus crua. An raibh dea-theist ar bhaincéir riamh ó thús an domhain? Is cosúil, de réir na hanailíse a léigh mé ar an New York Times anocht, gurb iad na baincéirí (arís) a bheas thuas leis an tarrtháil nua a fuair an Spáinn, agus ní pobal ná rialtas na tíre.