Ní ceannlíne ó thablóideach éigin é seo, ach focail a fhaightear i logainmneacha i réigiúin éagsúla i Meiriceá in áit creek, an focal is coitianta abhus anseo ar shruthán nó abhainn bheag.
Cé go bhfuil léarscáil na hAlba breac le burns, is focal neamhghnách é i Meiriceá. Chonaic mé an ceann seo sa Mississippi Delta cúpla lá ó shin. Tá áit eile ar a dtugtar Glen Allan sa chontae céanna (Sharkey County), cé go bhfuil an Delta chomh cothrom le clár agus níl gleann ar bith ann. Ainmneacha iad seo a bhaist daoine a raibh cuimhne acu ar na seanfhóid ar na plantations a bhunaigh siad. Panther an focal atá acu sna bólaí seo ar an Puma concolor (mountain lion domsa, cougar in áiteanna eile).
Oifig an Phoist, Panther Burn
Is i Stát New York is mó a fhaightear an focal kill ar shruthán: Fresh Kills, Fishkill, etc. Ón bhfocal Ollainnis kil a tháinig sé. Tugtar run ar shrutháin in Virginia, Pennsylvania, srl.: Bear Run, Bull Run agus mar sin de.







