Transcendence le Masayuki Nagare
Ba le Bank of America le fada an plás ina bhfuil an dealbh seo suite in San Francisco. Transcendence an teideal oifigiúil atá uirthi, ach tugann chuile dhuine Banker's Heart uirthi. Fuar, dubh agus crua. An raibh dea-theist ar bhaincéir riamh ó thús an domhain? Is cosúil, de réir na hanailíse a léigh mé ar an New York Times anocht, gurb iad na baincéirí (arís) a bheas thuas leis an tarrtháil nua a fuair an Spáinn, agus ní pobal ná rialtas na tíre.





