26 Bealtaine 2012

potaireacht Mimbres (+ beagán gáirsiúlachta)


Bhí mé ag breathnú ar shamplaí de photaireacht Mimbres ar an idirlíon ar maidin.  Tagann na potaí seo ó dheisceart New Mexico agus tá siad míle bliain d'aois, a bheag nó a mhór.  Fuarthas an chuid is mó acu in uaigheanna. Rinne na sochraidí poll iontu d'aon ghnó.  Deirtear uaireanta gur “maraíodh iad”.  Ansin cuireadh iad ar aghaidh an choirp. Tá cáil mhór ar stíl na Mimbreños, go háirithe in Iardheisceart Mheiriceá. 

gabhar sléibhe

beirt fhear

bod iontach

Chuir an ceann deireanach seo na scéalta grinn a chum an fuirseoir Drew Carey ar an ábhar seo i gcuimhne dom. Tá cnuasach mór acu seo le fáil ar an idirlíon.  Murar chuala tú iad cheana féin, seo cúpla ceann duit:

Tá mo bhod chomh mór sin, tá sneachta air sa samhradh.

Tá mo bhod chomh mór sin, ní fhreagróidh sé scairteanna gutháin ó Spielberg.

Tá mo bhod chomh mór sin, tá bod dá chuid féin aige, agus tá an bod sin níos mó ná do cheannsa.

Tá mo bhod chomh mór sin, tá sé sa chistin ag déanamh ceapaire dom anois díreach.

23 Bealtaine 2012

mallachtaí eile


Maile baire gaire

Phléigh mé rud ar a dtugtar “cursing stone” nó cloch mhallachta sa bhlagmhír roimhe seo. Chuir alt a léigh mé ar an idirlíon ar maidin gléas mallachta eile i gcuimhne dom.  Defixio nó táibléad luaidhe a bhfuil mallacht scríofa air atá i gceist agam. Baineadh úsáid as a leithéid go minic i ré na Rómhánach.  Is i Laidin a bhíonn na defixiones de ghnáth, ach fuarthas cúpla ceann sa Ghaillis freisin. Is iad sin na téacsanna is faide dá bhfuil againn sa teanga Cheilteach úd.

Thug mé súil ghéar ar cheann de na defixiones a luaitear san alt thuas. Rith sé liom go bhfuil sean-mhallacht againn sa Ghaeilge atá an-chosúil leis an defixio seo. Seo í san t-eagrán a chuir Róisín MacLaughlin uirthi sa leabhar Early Irish Satire, in éineacht leis an aistriúchán a rinne sise:

Maile, baire, gaire Caíar,
cot-mbéotar celtrai catha Caíar
Caíar, di-á, Caíar di-rá - Caíar!
fo ró, fo mara, fo chara Caíar!

Evil, death, short life to Caíar,
spears of battle will have killed Caíar,
may Caíar die, may Caíar depart -- Caíar!
Caíar under earth, under embankments, under stones!

Tá dhá rud le tabhairt faoi deara sa mhallacht seo. Is scrios ar a chorp, ní ar a anam ná aon rud eile, a ghuítear. Agus luaitear a ainm faoi sé sa mhallacht ghairid seo.  Tá an dá thréith seo le fáil sa defixio a bhfuil suim agam ann. Seo líníocht de: 



Más maith mo radharc, ainmnítear Porcello, an fear a mhallaítear, ocht n-uaire ar a laghad ar an táibléad seo.  Scrios iomlán a choirp a ghuítear ann:


interficite = scriosaigí (é)
occidite = leagaigí (é)
profucate = praefocate (é) = tachtaigí (é)
eni[ca]te = maraígí (é)

20 Bealtaine 2012

ballán in Albain




Scríobh mé faoin rud ar a dtugtar “ballán” anseo tamall ó shin. Is cosúil go bhfuil dhá chuid den rud seo: an cuach sa chloch a dtugtar “ballán” air, agus an chloch chruinn a rinne an cuach, más fíor. Scaradh an chloch seo thuas lena ballán, atá suite i seanreilig ar Oileán Canna in Albain, na blianta ó shin. Fuarthas le déanaí í agus tá an dá chuid le chéile arís.  Tá a leithéid le fáil in Éirinn freisin, mar a dtugtar “cursing stone” ar an gcloch.  Dar le halt ar an mBBC inné, is ón ochtú haois do na clocha seo, agus mhínigh Katherine Forsyth mar seo iad:
“Traditionally, the pilgrim would recite a prayer while turning the stone clockwise, wearing a depression or hole in the stone underneath.”

Níl a fhios agam an bhfuil ainm dúchasach againn ar an gcloch.

18 Bealtaine 2012

ag siúl ar uisce?


cliceáil le méadú

Is cosúil go raibh ar an Triúr Manach abhainn a thrasnú, ar áth nó ar éigin, agus iad ar a mbealach isteach san fhásach, más fíor don phictiúr seo i lámhscríbhinn Jaineach ó Ghujarat. Dála an scéil, má tá cara ag duine ar bith amuigh ansin a bhfuil Gujaraitis aige/aici, ba bhreá leis na Manaigh leagan dá scéilín a fháil sa teanga sin. Tá sé ar fáil i Hindis anseo, agus ní dóigh leo go mbeadh sé ró-dheacair an leagan sin a thiontú go Gujaraitis.  (Dar le Wiki, tá 65.5 milliún cainteoirí Gujaraitise ar an domhan.)

An Ghréig inniu i bpictiúr amháin



Tá dhá scribhinn ar an mballa marmair seo. Deir an chéad cheann, i litreacha discréideacha, “BANQUE DE GRECE”. Maíonn an dara ceann, atá pas beag níos nua:

ΜΠΑΤΣΟΙ ΘΑ ΣΑΣ ΦΑΝΕ ΤΑ ΠΑΙΔΙΑ ΣΑΣ
Ithfidh na péas bhur gclann.

16 Bealtaine 2012

ró-dhathúil le bheith ina shagart?



Seo agaibh cúpla pictiúr den Athair Thomas D. Williams, sagart Meiriceánach, diagaí morálta san Ateneo Pontificio Regina Apostolorum sa Róimh, agus ball de Congregation Legionariorum Christi (aka Legionaries of Christ). Guth (agus aghaidh) na heite deasa san Eaglais a bhí ann le fada.



De réir ailt ar an New York Times inniu, d'éirigh an fear sár-theiligineach seo as a phost tar éis dó admháil gur athair páiste é.  Níl a fhios agam an raibh sé ar fáil don pháiste mar athair riamh, ach is eisean a d'fhág an mháthair torrach. Níl aon rud nua sa scéal seo, ar ndóigh.  Is í an fhimíneacht, fimíneacht ollmhór na hEaglaise maidir le cúrsaí gnéis, a chuireann déistin orm.


An cheist atá agam oraibh ná an raibh an fear seo ró-dhathúil le bheith ina shagart san Eaglais seo?

15 Bealtaine 2012

Is éisc oibre iad seo!



Seo mála plaisteach a bhfuil éisc órga ann, dosaen acu a cheannaigh mé inniu. Tá obair le déanamh acu anseo (murab ionann agus na cait).  


Seo iad ar snámh sa mhála atá ar snámh sa linn sa chós tosaigh. Tá radharc den chlós seo i mblagmhír eile, leis an linn sa chúlra. Ní mór do na héisc dul i dtaithí ar fhuaire an uisce ina home nua de réir a chéile.



Seo iad arís. Chomh luath agus a scaoilfidh mé iad beidh siad ar a gconlán féin sa domhan nua seo.  An jab atá rompu?  Larbhaí na muiscítí atá ag fás san uisce a ithe!  Bhí an aimsir an-te anseo le déanaí agus chuala mé an chéad mhuiscít sa teach aréir. Tharraing solas mo iPad é agus rinne mé pleist de ar an scáileán le hordóg luath! Ach thug mé aird ar an rabhadh seo agus fuair mé an scuadrún úr seo ar maidin.  Tá iasc nó dhó fágtha sa linn fós ón mbliain seo caite, ach is gnách leis na racúin an chuid is mó acu a ithe san fhómhar.