07 Bealtaine 2012

Muire



Muire

Fuair mé an t-ainm seo i lámhscríbhinn gan teideal a scríobhadh sa chúigiú haois déag. Barócach an aidiacht is túisce a tháinig chugam tar éis dom é seo a dhícódú. Tá na litreacha ar fad ann, ach tá beagán mínithe ag teastáil.

m : Tá an litir seo go hálainn, ach thar a bheith neamhiondúil, scríofa mar c agus c aisiompaithe le líne ghearr á gceangal.

ur : Is é an litir u an líne chorrach os cionn an m.  Nuair a scríobhtar guta os cionn litreach eile, ciallaíonn sé sin go bhfuil r ann freisin, ur sa chás seo.

i : Té beagán fann anois, ach tá i le feiceáil faoin m.  Is ionann an carn litreacha seo agus muir.

e : Tá an litir seo so-aitheanta, agus san áit cheart.

05 Bealtaine 2012

Dawes

Is maith liom an t-amhrán seo leis an mbanna ceoil Dawes. Tá na focail curtha go cúramach i dtoll a chéile, tá scéalaíocht agus fealsúnacht ann, agus tá an ceol chomh maith leis na focail.
   
Tá mé díreach tar éis cóip de seo a chur chuig mo neacht a bheas ag pósadh i Meán Fómhair. Má éisteann tú leis go dtí an tríú véarsa, tuigfidh tú cén fáth.

dátheangachas, aguisín



Má tá duine a bhfuil trí theanga aige trítheangach, agus duine a bhfuil dhá theanga aige dátheangach, céard a thugtar ar dhuine nach bhfuil ach teanga amháin aige?

Palouse: 3 radharc


Tá mé tar éis cúpla lá a chaitheamh in oirdheisceart Stát Washington. Tógtar a lán cruithneachta ar chnoic chuardhromacha an cheantair seo. Dumhcha déanta as siolt atá iontu, dumhcha a charn an ghaoth suas le linn na n-oighearaoiseanna.  Scríobh mé beagán faoin áit seo, ar a dtugtar The Palouse, dhá bhliain ó shin anseo. Seo agaibh trí radharc ar an gceantar. (Tá siad inchliceáilte, ar ndóigh.)



ó thaobh an bhóthair



ón aer, ó Ghoogle Maps

An rud is suimiúla anseo ná go dtaispeántar na dathanna éagsúla atá le feiceáil agus tú ag tiomáint tríd an gceantar seo am ar bith. Ní chuirtear agus ní bhaintear an chruithneacht ag an am céanna ó chnoc go cnoc. Níl a fhios agam cén fáth, ach bíonn coinleach buí ar chnoc amháin, branar dorcha ar cheann eile,  foithníní úra ag brú aníos anseo agus cruithneacht atá beagnach aibí ansiúd.



ó shúil an ealaíontóra

Tá na Sléibhte Gorma (Blue Mountains) atá ar imill an Phalouse le feiceáil sa mhonotype seo.

01 Bealtaine 2012

dátheangachas abú!


le Bado (= Guy Badeau)

Tá cúis eile againn anois le comhghairdeas a dhéanamh linn féin!  Deir an staidéar nua seo, Bilingualism and the Brain: Subcortical Indices of Enhanced Executive Function ó Northwestern University go bhfuil muid níos cliste toisc go bhfuil (ar a laghad) dhá theanga againn!  Tá achoimre den staidéar le léamh anseo.

Trí fuiric...



fuirec = ullmhú le haghaidh aíochta
degduine = dea-dhuine
cuirm = beoir
fothrucud = folcadh

Bhí an focal “fuireag” beo fós sa Nua-Ghaeilge Mhoch, agus is cosúil nach bhfuil sé againn níos mó.  Níl sé in FGB ar aon nós.  Maidir le beoir agus folcadh le chéile, phléigh mé barúil na nGael orthu sa bhlagmhír seo tamall ó shin. Ach is féidir dul thar fóir leo, mar is léir ón bhfógra seo i spa Seapánach:


Meastar go bhfaigheann 14,000 duine bás san fholcadán sa tSeapáin gach bliain, a thrí oiread níos mó ná mar a fhaigheann bás i dtimpistí bóthair.

29 Aibreán 2012

conas gan an Ghaeilge a fhoghlaim


cliceáil le méadú

Seasann MAL do “Master Any Language”, ach is léir dom go mbeadh an chiall Fhraincise níos fearr anseo, mar atá “dona; donas" (mal de tête = tinneas cinn)!