“Níl a fhios agam céard is glútan ann ach oiread, ach tá sé á sheachaint agam mar sin féin, ar eagla na heagla.”
Nuair a chonaic mé GF in aice le cuid de na hiontrálacha ar bhiachlár (ní an ceann thuas) thall in Hawai‘i ar na mallaibh, bhí orm ceist a chur ar an bhfreastalaí “Céard is ciall leis sin?”
Tá a fhios agam céard is galar céiliach ann. Tá aithne agam ar fhear a bhfuil sé air dáiríre. Tháinig athrú mór air nuair a d'éirigh sé as cruithneacht tar éis dó an diagnóis sin a fháil. Ach tá cairde eile agam atá ag rá anois, go tobann, go mothaíonn siad “níos fearr” nuair nach n-itheann siad arán nó pasta nó aon rud a bhfuil cruithneacht ann. Hmmm.








