08 Aibreán 2012

נֵר שֶׁל יוֹם טוֹב



Cé nach Giúdach mé, ná Críostaí ná aon rud eile, bím páirteach chuile bhliain i seder tigh mo chairde Jane agus Neal. Bíonn níos mó ná fiche duine ann i gcónaí. Bíonn beagán anoird ann i gcónaí freisin, agus a lán gáire. Bhí Jane ar tí coinnle na féile a lasadh aréir nuair a dúirt sí linn, “Nach ait é seo? Bosca cipíní gan áit ar bith air len iad a lasadh. ..... Ó ..... Is bioranna fiacla iad seo.”

נֵר שֶׁל יוֹם טוֹב = coinneal na féile

05 Aibreán 2012

aothú agus faoiseamh



Thug Seán focal nua dom sna nótaí tráchta ar an mblagmhír seo agus é ag seanchas ar Mhícheál Mac Liammóir agus Hilton Edwards. “Aothú” an focal. Is féidir é a aistriú mar “crisis”, ach is cosúil nach géirchéim a chiallaíonn sé sa chiall ghinearálta, ach pointe casta i bhfiabhras nó i ngalar eile.

Tá suim agam in “aothú” anois toisc go bhfuil sé gar i ngaol le focal eile atá i bhfad níos coitianta, mar atá “faoiseamh”.

Ar dtús, áfach, caithfidh mé focal nó dhó a rá faoin litir f ag tús focal. Ó ré na Sean-Ghaeilge anuas, is nós leis an litir seo teacht agus imeacht ó aois go haois. Mar shampla, dúirt na Sean-Ghaeil “úar”, ach deir muid “fuar”. Deir Gaeil na hAlban “uinneag”, ach deir muid “fuinneog”. Tá neart focal mar seo ann.

Cúpla céad bliain ó shin, ní “aothú” ach “faothughadh” a scríobhtaí, nó “faothugud” nó "fáethugud”, iad uilig ag tosú le f . “Pointe casta i bhfiabhras nó i ngalar” an t-aon chiall amháin a bhí leis.

Bhí dhá fhocal eile ann a bhí ar aon chiall leis in úsáid freisin: “faothamh / fáetham”, nach raibh ann dáiríre ach leagan malartach de “faothughadh”; agus an focal eile a luaigh mé thuas, mar atá “faoiseamh”. Is focal ársa é.

Bhí níos mó ná ciall amháin ag “faoiseamh” le linn a staire. Tháinig sé ar an saol sa tSean-Ghaeilge - nós níos luaithe fós - mar ainm briathartha: fáesam = standing under, supporting, a bhí ceangailte leis an mbriathar fo·sisedar = stands under, acknowledges, avows, supports.

Tar éis tamaill, áfach, bhí stair agus éabhlóid dá chuid féin ag “faoiseamh”. Is ó supporting a tháinig an chiall protection chun cinn, agus ansin immunity from legal process for a period of time a bhí ann mar théarma dlí.

Mínítear an chéad chéim eile mar seo in DIL:

The use [of the word] in connexion with stay of seizure may be the origin of the later sense relief in illness, passing of the crisis.

Agus ó sense relief in illness tháinig ciall níos fairsinge chun cinn: faoiseamh ó phian, faoiseamh ó imní, faoiseamh ó obair. Nó mar a dúirt an file:

“Faoiseamh a gheobhadsa, seal beag gairid, i measc mo dhaoine, ó chrá croí, ó bhuairt aigne, ó uaigneas duairc, ó chaint ghontach...”

Cáis Shona!



Fuair mé teachtaireacht ríomhphoist ar maidin le botún cló ar an líne subject:

Cáis shona...

Bhain sé gáire sláintiúil asam, agus chuir sé botún eile i gcuimhne dom: Oh what a friend we have in cheeses

Ní cáis a bhí sa teachtaireacht, áfach, ach uibheacha, uain, agus coinín:


Is í Theresa Illés, a mhaisigh scéilín na Manach anseo cúpla mí ó shin, a tharraing an cartún seo.

02 Aibreán 2012

quizín


Céard iad seo?


01 Aibreán 2012

Seáinín



Tarraingíonn an múinteoir pictiúr de chúcamar ar an gclár dubh.

“A pháistí, an bhfuil a fhios agaibh céard é seo?”

Ardaíonn Seáinín a lámh. “Is bod é, a mháistreás!”

Deargann an múinteoir go bun na gcluas agus imíonn sí as an seomra.

Nóiméad ina dhiaidh sin tagann an príomhoide isteach.

Tugann sé súil fhiata ar Sheáinín. “Céard a rinne tú anois, a dhailtín? Bhris tú fuinneog inné, agus inniu ...” breathnaíonn sé thart, “... agus inniu tá tú tar éis bod a tharraingt ar an gclár dubh?”


31 Márta 2012

“comhairle in aice le do thoil”


De réir de Bhaldraithe, más mian leat “wishful thinking” a rá i nGaeilge, caithfidh tú sé fhocal a úsáid: “comhairle in aice le do thoil”.


Sé fhocal, agus níl mé cinnte go gcuimsíonn na siad brí an téarma Béarla. Tá an abairt iomlán seo san fhoclóir Collins:

it's just wishful thinking - níl ann ach rud atá in aice le do thoil

Is féidir an méid sin a rá i mBéarla, a bheag nó a mhór, leis an gcor cainte it's just pie in the sky freisin. Nach bhfuil nath ar bith cosúil leis sin againn i nGaeilge?


Dála an scéil, is cosúil nach bhfuil ach focal amháin ag teastáil i nGearmáinis: “Wunschdenken”.

29 Márta 2012

spásanna idir focail


Is minic nár fhág na scríobhaithe spásanna idir na focail agus an Ghaeilge á scríobh acu. Mar shampla:


forabrut
for a brut
ar a bhrat

Uaireanta tarlaíonn an rud céanna i mBéarla. Mar shampla: