15 Márta 2012

Éire ar Ilchríoch eile


grianghraf a thóg mé cúig nóiméad ó shin



An Pacific Northwest atá mé a rá, agus is é an aimsir atá ar intinn agam. Tá sé ag cur báistí anseo le seachtain anuas agus más fíor don réamhaisnéis beidh sé ag cur báistí chuile lá go ceann seachtaine eile, ar a laghad.

12 Márta 2012

Araile anchore, cuid a dó


Cliceáil le méadú.

10 Márta 2012

Araile anchore, cuid a haon


Cliceáil le méadú.

09 Márta 2012

LS C i 2 fol. 38v


Is do lucht Old-Irish-L an leathanach seo, a bhfuil scéilín air a thosaíonn mar seo:

“Araile anchore roboi hi Cluain macco Nois.”


Faoi shean-mhanach darbh ainm Laisran atá an scéilín. Chonaic an duine bocht “aislince cholnide” (.i. aisling chollaí) oíche amháin, den chéad uair ina shaol. Och ochón! Bhí náire an domhain air, ach tháinig aingeal chuige a labhair leis i Laidin agus a mhínigh dó cén fáth ar tharla sé seo, a dúirt leis nach raibh an milleán air, agus nach bhfeicfeadh sé a leithéid arís go deo. Sílim gurb é an míniú a bhí ag an aingeal an rud is suimiúla sa scéal, ó thaobh na hantraipeolaíochta de.

leabhar nua ar an mBlascaod Mór



On an Irish Island le Robert Kanigel á léamh agam faoi láthair. Tá mé leath bealaigh tríd anois, agus tá mé ag baint suilt as. Léirmheas ar an Wall Street Journal a chuir ar mo shúile é. Tá an-bhéim ann ar na daoine, scoláirí den chuid is mó, a chaith tréimhsí ar an oileán lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a d'éirigh mór leis na hoileánaigh: daoine ar nós Robin Flower, Carl Marstrander, agus John Millington Synge.

An t-aon rud sa leabhar a chuireann as dom ná na síntí fada. Uaireanta bíonn siad ann (Tír na nÓg) agus uaireanta eile ní bhíonn (Tir na nOg). Ó bhuel. Ní cainteoir Gaeilge é an t-údar. Thairis sin, is léir gur taighdeoir cúramach agus scríbhneoir maith é. Tá Béarla grástúil agus bua na scéalaíochta aige. Má leanann tú an nasc thuas, feicfidh tú gur thaitin a leabhar lena lán daoine eile abhus anseo. Níl a fhios agam an bhfuil On an Irish Island ar fáil in Éirinn nó thar lear fós. Cheannaigh mé mar ríomh-leabhar ó Amazon.com é.

08 Márta 2012

craiceann bán



Rinne mé tagairt do mo chraiceann bán sna nótaí atá ceangailte leis an mblagmhír roimpi seo. Seo agaibh an fhianaise. I mo sheasamh roimh an Mo‘okini Heiau atá mé anseo. Teampall ón dóú haois déag (±) atá ann. Luakini a bhí ann. Ciallaíonn sé sin go ndéantaí daoine a íobairt ann. Chuir na clocha uilig Dún Aonghasa i gcuimhne dom, cé nach bhfuil an heiau seo chomh mór sin.

07 Márta 2012

bonn ilteangach



Éisíodh an bonn seo sa bhliain 2008 mar chuid den 50 State Quarters Program. An rud is suimiúla faoin mbonn - domsa ar aon nós - ná go bhfuil sé trítheangach: Laidin, Haváis, agus Béarla. Sea, Béarla freisin mar is i mBéarla a scríobhtar ainm an stáit mar Hawaii gan an ‘okina, an stop glotais a fhaightear sa leagan Haváise den ainm: Hawai‘i.

Ua mau ke ea o ka ‘āina i ka pono an mana atá scríofa ar an mbonn. Aistrítear go Béarla de ghnáth é mar the life of the land is perpetuated in righteousness. Ach níl sé éasca Béarla beacht a chur ar chuid de na focail seo. Is ionann mau agus “buanú”, ach ciallaíonn ea “flaitheas” chomh maith le “anáil, beatha”. Maidir le pono, tá sé beagnach dodhéanta é a chuimsiú in aon fhocal amháin. Nuair a bhíonn pono ann, tá teacht maith ag chuile rud agus ag chuile dhuine lena chéile, rud nach gcuireann an focal righteousness i gcéill i mBéarla an lae inniu.

Cá raibh mé, meas sibh, le dhá sheachtain anuas?