08 Márta 2012

craiceann bán



Rinne mé tagairt do mo chraiceann bán sna nótaí atá ceangailte leis an mblagmhír roimpi seo. Seo agaibh an fhianaise. I mo sheasamh roimh an Mo‘okini Heiau atá mé anseo. Teampall ón dóú haois déag (±) atá ann. Luakini a bhí ann. Ciallaíonn sé sin go ndéantaí daoine a íobairt ann. Chuir na clocha uilig Dún Aonghasa i gcuimhne dom, cé nach bhfuil an heiau seo chomh mór sin.

07 Márta 2012

bonn ilteangach



Éisíodh an bonn seo sa bhliain 2008 mar chuid den 50 State Quarters Program. An rud is suimiúla faoin mbonn - domsa ar aon nós - ná go bhfuil sé trítheangach: Laidin, Haváis, agus Béarla. Sea, Béarla freisin mar is i mBéarla a scríobhtar ainm an stáit mar Hawaii gan an ‘okina, an stop glotais a fhaightear sa leagan Haváise den ainm: Hawai‘i.

Ua mau ke ea o ka ‘āina i ka pono an mana atá scríofa ar an mbonn. Aistrítear go Béarla de ghnáth é mar the life of the land is perpetuated in righteousness. Ach níl sé éasca Béarla beacht a chur ar chuid de na focail seo. Is ionann mau agus “buanú”, ach ciallaíonn ea “flaitheas” chomh maith le “anáil, beatha”. Maidir le pono, tá sé beagnach dodhéanta é a chuimsiú in aon fhocal amháin. Nuair a bhíonn pono ann, tá teacht maith ag chuile rud agus ag chuile dhuine lena chéile, rud nach gcuireann an focal righteousness i gcéill i mBéarla an lae inniu.

Cá raibh mé, meas sibh, le dhá sheachtain anuas?

22 Feabhra 2012

“immer ein Narr”


“Wo drei sind, muss immer ein Narr unter ihnen seyn.”

Sprüchwörterbuch (1830) le Georg von Graal

Nuair a bhíonn triúr ann, bíonn duine acu ina amadán.

liotagraf le Marcel Marceau

Is cosúil go raibh an seanfhocal seo ag na Gearmánaigh i bhfad roimh Herr von Graal, áfach. D'fhoilsigh Heinrich Bebel leagan de i Laidin in Proverbia Germanica sa bhliain 1508. Féach an chéad líne thíos, i mbuí:

Dá mbeadh triúr ina gcompanaigh, chreidfeadh beirt acu go bhfuil an duine eile ina amadán.


Níl a fhios agam an bhfuil seanfhocal mar seo le fáil i dteanga ar bith eile. Níl a fhios agam ach oiread cé chomh fada a bhí an ceann seo ag na Gearmánaigh. Ach chuir sé scéilín an Triúr Manach i gcuimhne dom ar an toirt!

20 Feabhra 2012

Féichín Fobhair agus tummo na dTibéadach


Bhí Naomh Féichín, nó Feichín, nó Mo Ecca, beo sa seachtú haois. Bhunaigh sé mainistir in Fobhar agus fuair sé bás sa bhliain 665. Seo scéilín faoi ó “Betha Féchín Fabair” a scríobhadh síos le Nicol Óg, mac ab Chonga, sa bhliain 1328.

Ro gnaithiged Fechín dol do dénum irnaigthi isin medon oidchi isin sruth i n-Es Dara ar fad in corghais. Tet manach diar' uo h-ainm Pastól faris isin sruth, & in tan do bith don taob thís do Fechin ni fuilnged fri tes in usci, & in tan do bidh don tæb tuas ní fuilnged fri rofuacht. 'Arna tucsin do Fechín ro gair ina farrad h-é, & ro mesraig in t-usci do, gur' uo fulaing do in t-usci; & ro raid Fechín gan sin do innisin do nech, gurab iar m-bas Fechín ro innis; gur' morad ainm De & Fechín trit-sin.

Ba nós le Feichín a dhul a dhéanamh urnaí i lár na hoíche sa sruth in Eas Dara ar feadh an Charghais. Téann manach darbh ainm Pastól farais insan sruth. Nuair a bhí sé taobh thíos d' Fheichín níor fhéad sé teas an uisce a fhulaingt, agus nuair a bhí sé taobh thuas níor fhéad sé an fuacht a fhulaingt. Tar éis d' Fheichín é seo a thuiscint, ghair sé chuige é agus mheasc sé an t-usice dó le gur fhéad sé an t-uisce a fhulaingt. Agus dúirt Feichín leis gan é seo a insint do dhuine ar bith. D'inis an manach an scéal tar éis d' Fheichín bás a fháil agus móradh ainm Dé agus ainm Fheichín tríd sin.

Más fíor don scéal seo, bhí Feichín in ann an t-uisce a théamh le teas a choirp. Cé gur dócha go ndearna an manach a d'inis an scéal, nó na daoine a tháinig ina dhiaidh, go ndearna siad áibhéil sa chúntas, is dócha nach finscéalaíocht ar fad é. Tá daoine ann inniu ar féidir leo teas a gcorp a ardú agus an-fhuacht a fhulaingt ar feadh uaireanta a chloig. Is manaigh Bhúdaíocha an chuid is mó acu. An t-ainm atá acu ar an ealaíon seo ná tummo:

Tá cúpla alt faoi seo ar fáil ar an idirlíon anseo agus anseo.


Tá an chuma ar an scéal go raibh tummo ag Feichín!

17 Feabhra 2012

Cad is gaois ann?




Ciall a bhfuil gruaig liath uirthi.

comhcheangal focal


Cé gurb í an Ghaeilge teanga an bhlaig seo, tá a fhios agam go bhfuil Béarla ó dhúchas ag an gcuid is mó agaibh. Tá mé díreach tar éis páirt bheag a ghlacadh i staidéar ar chomcheangal focal i mBéarla. D'iarr cara liom é a dhéanamh. Níor thóg sé ach cúpla nóiméad orm. Tá an staidéar ar siúl ag an Ollamh G. Storms agus an Dr. S. De Deyne in Ollscoil Leuven.


An aidhm atá acu ná “global word association network” a thógáil a mbeidh comhcheangail idir timpeall 40,000 focal ann. Deir siad go mbíonn stór focal chomh mór sin ag an ngnáthdhuine fásta. “Setting up such a network might teach us a lot about semanticmemory, how it develops, and maybe also about how it can deteriorate (like in Alzheimer's disease),” a mhínigh siad.

Má tá tú sásta cuidiú leo le cúpla nóiméad de do chuid ama, téigh go dtí an suíomh seo. Tá sé an-éasca!

16 Feabhra 2012

eagna, coairt, eiseart


Dan ecnaig dogni righ do pauper

LNÉ: LS G10, lch 46

(Maith) dan ecnaig:
dogni righ do pauper,
dogni coairt di eissirt,
dogni gaoth do baoth.

(Is maith an) dán eagna:
déanann sé rí de bhochtán,
déanann sé coairt d'eiseart,
déanann sé duine gaoiseach de bhaothán.

Tá trí fhocal anseo a bhfuil míniú ag teastáil uathu: eagna, coairt, agus eiseart.

“Gaois” nó “tuiscint” an chiall atá le “eagna” go hiondúil. Ach ciallaíonn sé an tóir ar thuiscint freisin. Is ionann, mar sin, “maith an dán eagna” agus “is maith beatha an eolaí nó beatha an scoláire.”

Níl an dá fhocal eile beo fós sa Ghaeilge. Is ionann “coairt” nó “coart” agus duine a bhfuil fearann aige, agus is ionann “eiseart” agus fánaí, duine nach bhfuil fearann aige.

Is suimiúil an rud é go bhfuil an dá fhocal seo le fáil in Sanas Cormaic (ca. 900 A.D.), an foclóir is ársa dá bhfuil againn:

251. Coairt .i. cóir a fert do c[h]ur.

545. Esirt .i. ní cóir fert dó.

I bhfocail eile, ba chóir feart (= grave mound) a thógáil os cionn feirmeora, agus gan é sin a dhéanamh más fánaí atá ann.

Le bheith beacht, séard atá Cormac a rá ná go dtáinig “coairt” ó “comh- + feart”, agus go dtáinig “eiseart” ó “feart” leis an réimír dhiúltach “es-” roimhe. (Tá an réimír seo le feiceáil in "easonóir” agus “easumhal” freisin.)

Mar sin, is ionann “coairt” agus “le feart”, agus is ionann “eiseart” agus “gan feart”. Ach tá míniú eile ag teastáil ag an bpointe seo. Is cosúil go raibh ciall eile ag feart ar dtús, ciall nach raibh ar eolas ag Cormac, mar atá “fearann”. Mar sin, tá fearann ag an duine atá comhfheart, agus níl fearann ag an duine atá easfheart.