17 Feabhra 2012

comhcheangal focal


Cé gurb í an Ghaeilge teanga an bhlaig seo, tá a fhios agam go bhfuil Béarla ó dhúchas ag an gcuid is mó agaibh. Tá mé díreach tar éis páirt bheag a ghlacadh i staidéar ar chomcheangal focal i mBéarla. D'iarr cara liom é a dhéanamh. Níor thóg sé ach cúpla nóiméad orm. Tá an staidéar ar siúl ag an Ollamh G. Storms agus an Dr. S. De Deyne in Ollscoil Leuven.


An aidhm atá acu ná “global word association network” a thógáil a mbeidh comhcheangail idir timpeall 40,000 focal ann. Deir siad go mbíonn stór focal chomh mór sin ag an ngnáthdhuine fásta. “Setting up such a network might teach us a lot about semanticmemory, how it develops, and maybe also about how it can deteriorate (like in Alzheimer's disease),” a mhínigh siad.

Má tá tú sásta cuidiú leo le cúpla nóiméad de do chuid ama, téigh go dtí an suíomh seo. Tá sé an-éasca!

16 Feabhra 2012

eagna, coairt, eiseart


Dan ecnaig dogni righ do pauper

LNÉ: LS G10, lch 46

(Maith) dan ecnaig:
dogni righ do pauper,
dogni coairt di eissirt,
dogni gaoth do baoth.

(Is maith an) dán eagna:
déanann sé rí de bhochtán,
déanann sé coairt d'eiseart,
déanann sé duine gaoiseach de bhaothán.

Tá trí fhocal anseo a bhfuil míniú ag teastáil uathu: eagna, coairt, agus eiseart.

“Gaois” nó “tuiscint” an chiall atá le “eagna” go hiondúil. Ach ciallaíonn sé an tóir ar thuiscint freisin. Is ionann, mar sin, “maith an dán eagna” agus “is maith beatha an eolaí nó beatha an scoláire.”

Níl an dá fhocal eile beo fós sa Ghaeilge. Is ionann “coairt” nó “coart” agus duine a bhfuil fearann aige, agus is ionann “eiseart” agus fánaí, duine nach bhfuil fearann aige.

Is suimiúil an rud é go bhfuil an dá fhocal seo le fáil in Sanas Cormaic (ca. 900 A.D.), an foclóir is ársa dá bhfuil againn:

251. Coairt .i. cóir a fert do c[h]ur.

545. Esirt .i. ní cóir fert dó.

I bhfocail eile, ba chóir feart (= grave mound) a thógáil os cionn feirmeora, agus gan é sin a dhéanamh más fánaí atá ann.

Le bheith beacht, séard atá Cormac a rá ná go dtáinig “coairt” ó “comh- + feart”, agus go dtáinig “eiseart” ó “feart” leis an réimír dhiúltach “es-” roimhe. (Tá an réimír seo le feiceáil in "easonóir” agus “easumhal” freisin.)

Mar sin, is ionann “coairt” agus “le feart”, agus is ionann “eiseart” agus “gan feart”. Ach tá míniú eile ag teastáil ag an bpointe seo. Is cosúil go raibh ciall eile ag feart ar dtús, ciall nach raibh ar eolas ag Cormac, mar atá “fearann”. Mar sin, tá fearann ag an duine atá comhfheart, agus níl fearann ag an duine atá easfheart.

Cad is comhartha ceiste ann?



Comhartha uaillbhreasa atá tar éis caoga bliain a shlánú.

14 Feabhra 2012

Saint-Valentin


Níl a fhios agam an féidir liom brí na Fraincise a aistriú i gceart, ach seo agaibh an iarracht a rinne mé:


- A Phamela, tá rud éigin an-chorraitheach ionat ... a mhúsclaíonn cuid díomsa nach n-aithním.

- Robert atá orm.

- Sin agat é.

13 Feabhra 2012

vailintín bunoscionn



D'fhoilsigh an tUrramach William Neilson An Introduction to the Irish Language in Three Parts sa bhliain 1808. Tá sé phláta ag deireadh an leabhair a thugann dúinn timpeall is 250 sampla d'fhocail éagsúla a scríobhtar le giorrúcháin, nó manuscript contractions. Tá trí cinn díobh seo, ó phláta II, le feiceáil thuas. An dara ceann is spéis liom inniu, ar ndóigh, ós inniu Lá San Vailintín. (Le fírinne, an lá roimhe, 13 Feabhra, atá ann fós anseo in Seattle anois, ach bíonn muid chun deiridh i gcónaí.)

Is léir gur comhartha an chroí (croidhe) ♥ atá againn anseo, ach tá sé bunoscionn. Tá dhá cheist agam.

1. Cén fáth an bhfuil sé bunoscionn?

2. Cá bhfuil an comhartha seo le feiceáil i leabharscríbhinn, i leabhar clóite ... nó greanta i gcloch?

10 Feabhra 2012

.r. agus φ


Uaireanta faightear an litir ‘r’ in aice le píosa filíochta sna lámhscríbhinní. Seasann an litir seo do “rosc”, stíl ársa filíochta a bhfuil neart uama (uaim = alliteration) agus béim láidir inti.


Chuir cara liom ceist orm inniu faoi úsáid na litreach Gréagaí phi le gnáthfhilíocht (.i. filíocht na scol) a chomharthú, mar seo:


Cad as don chomhartha seo? Cén stair atá taobh thiar de? Seo ceist a chuirfidh mé ar an liosta Old-Irish-L, ar ndóigh.

08 Feabhra 2012

cheville



Bruit chorcorrdha agus cuirn óir,
fíon is ceol -- ní cúis dobróin --
ar faghoil, gérbh fhada dhó,
aga i n-aghoidh a andró.

Brait chorcra agus coirn óir,
fíon is ceol - ní cúis dobhróin -
ar fáil, cérbh fhada dhó,
aga* in aghaidh a anró.
* seal

Cad é an Ghaeilge ar “cheville”? Cad é an Béarla?? Cé go bhfuil cruth an-Fhrancach air, tá “cheville” in ainm a bheith ina fhocal Béarla. Ní cúis ionaidh é sin, ar ndóigh. Is nós leis an mBéarla focail a shealbhú ó theangacha eile gan bhraiteoireacht dá laghad. Bíodh sin mar atá, níl “cheville” le fáil i mo ghnáthfhoclóir. Tá an sainmhíniú seo ar fáil ar líne, áfach, ón Oxford Dictionary of Literary Terms :

cheville, the French word for a plug, applied to any word or phrase of little semantic importance which is used by a poet to make up the required number of syllables in a metrical verse line. Chaucer used chevilles with shameless frequency, often plugging his lines with ‘eek’, ‘for sothe’, ‘ywis’, ‘I gesse’, ‘I trowe’, and similar interjections.

Ní raibh Chaucer ina aonar, ná baol air. Tá spallaí le fáil go fras fairsing i bhfilíocht thraidisiúnta na Gaeilge, ó ré na Sean-Ghaeilge anuas. Tá “ní cúis dobhróin” againn thuas. Tá a lán eile mar sin sa dán céanna: “ní bréag sin”, “ní beart nár (= náireach)”, etc. etc.