04 Feabhra 2012

méid an mhála


Nuair a bhíonn an saol gann ar dhuine i gcónaí, nuair nach féidir leis “cuid a chur le costas” nó make ends meet, deirtear gur “mó a mhála ná a sholáthar”.


Is féidir gur mó an mála ná an soláthar sa ghrianghraf seo freisin. Is féidir freisin go bhfuil fadhb bhunúsach eile aici. Uaireanta ní leathlán ná leathfholamh atá an gloine, ach rómhór, ar nós an phláta supersize sa lá atá inniu ann.

Tionscadal na Nod


amuigh faoin

Tá meitheal bheag ag obair ar Tionscadal na Nod le cúpla mí anuas. Treoir do ghiorrúcháin na lámhscríbhinní atá ann. Cé nach bhfuil an tionscadal críochnaithe (is féidir nach mbeidh go ceann i bhfad ós bunachar sonraí neamhiata é) is dóigh linn go bhfuil sé réidh le cur ar fáil do na daoine ar suim leo na seanleabhar.

Más mian leat súil a thabhairt ar an obair, tig leat tosú anseo.

03 Feabhra 2012

scrínte cois bóthair


Thaitin an scrín ar bhlag Réaltáin liom, agus chuir sé ceann eile i gcuimhne dom, ceann a chonaic mé anuraidh sa Chorsaic, cois an chosáin ar an leithinis ar a dtugtar le zizi de Calvi (más buan mo chuimhne).


Sílim gur turasóirí seachas daoine an oileáin a thóg an ceann seo, ach níl mé cinnte faoi sin. Ní léir go beacht cé atá ann: Muire, an Búda, nó neach daonna eile?

02 Feabhra 2012

cúpla ceist


Cliceáil le méadú, led thoil!

Anton Sorg von Augsbourg a rinne an t-adhmadghraf seo sa chúigiú haois déag. Is dóigh liom go n-oireann gnúiseanna an triúir seo go maith don ábhar.

31 Eanáir 2012

tásc



Fuair mé teachtaireacht ó chara liom inniu.
Maraíodh a mac in Afghanistan ar maidin.
“Ní thuigeann muid cá ndeachaigh sé.”
Sin poll sa chroí nach líonfar go deo.
Tá muid uilig faoi bhrón.

síneadh fada?


Uaireanta ní síneadh fada síneadh fada, sna lámhscríbhinní Gaeilge ar aon nós. Mar shampla:

do innis an scél

Cén fáth? Ní hansa.

Séard atá sna litreacha i, n, agus m ná línte gairide, nó minimí. Tá ceann amháin in i, dhá cheann in n agus trí cheann in m. Nuair a thagann na litreacha seo ar lorg a chéile bíonn sé deacair iad a aithint thar a chéile uaireanta. Thosaigh scríobhaithe na Meánaoise ag cur ponc os cionn an i dá bhrí sin, leis an litir bheag sin a idirdhealú ó na minimí sa dá litir eile.

Níor ghlac na Gaeil leis an nós seo, áfach. Níor chuir siad ponc os cionn a gcuid i-anna riamh. Tá an i neamhbhuailte le fáil fós inniu, fiú sa chló Rómhánach:


Caith súil arís ar an abairt lámhscríofa thuas. Tá síneadh fada os cionn an dá i in “innis”, cé nach bhfuil ceachtar acu fada. Tá na comharthaí seo ann leis an dá i a scaradh ón litir n atá suite eatarthu, sin an méid. Bheadh an focal an-deacair a aithint gan iad. Tá comhartha eile ann, dála an scéil: stríoc ghiorrúcháin os cionn an n le cur in iúl gur nn atá ann.

30 Eanáir 2012

Irish Language Hunt



Chuir Wade, cara liom i gCalifornia, an suíomh nua seo, Irish Language Hunt, ar mo shúile dom inniu. Tá an pictiúr seo as ceann den dá fhíseán (an-ghairid: 2:40 agus 1:50) atá ar an suíomh. Múineadh na Gaeilge an cuspóir. Is cosúil go bhfuil cur chuige réasúnta éifeachtach acu.

Brían Ó hAirt an múinteoir atá acu. Is Meiriceánach é, amhrání cumasach agus ball den bhanna ceoil Bua. Is léir gur múinteoir spreagúil atá ann. Ach... dúirt sé rud amháin ag tús an chéad fhíseáin a chuir imní orm: “Níl sé tae, sin uisce donn!” Tá Gaeilge mar sin ró-relaxáilte domsa. Tá súil agam nach raibh ann ach sciorradh focail agus é faoi bhrú.