07 Eanáir 2012

Is breá liom búz!


бууз

Mí ó shin fuair mé bialann bheag in Lake City, bruachbhaile de chuid Sheattle. Joy Teriyaki an t-ainm atá air. Ach ós Mongólach an t-úinéir, tá biachlár Mongólach acu chomh maith leis an teriyaki. Is léir ón mbiachlár sin go n-itheann na Mongólaigh a lán mairtfheola! An mias is ansa liom acu ná búz, saghas domplagán galaithe atá líonta le feoil mhinithe in éindí le beagáinín oinniúin is cabáiste. Itear iad le hanlann tanaí déanta as anlann soighe, fínéagr ríse, agus piobar dearg.

Ar an dea-uair domsa, is féidir liom iad a cheannach uathu i bhfoirm reoite ar phraghs an-réasúnta. Isteach sa chiseán galaithe (ceann déanta as bambú agam) leo agus fiche nóiméad níos déanaí tá siad réidh le hithe, te agus blasta! Is nós liom anois iad a úsáid mar chúrsa tosaigh nuair a bhíonn cairde chun dinnéir againn. Is breá leo iad!

Dála an scéil, má tá cur amach agat ar bhia Tibéadach, is ionann búz agus mómó.

30 Nollaig 2011

Damhsa na bhFear Ceangail?


Ní rud úrnua an teoiric seo, a nocht ar Archaeology Ireland seacht mbliana ó shin, ach tháinig mé ar an scéal den chéad uair ar maidin. Le scéal gairid a dhéanamh de, tá ar a laghad duine amháin ann, innealtóir darb ainm Alan Nowell, a chreideann go bhfuil ceangal ann idir (A) an damhsa seo:

On the Manners and Customs of the Ancient Irish
le Eugene O'Curry

agus (B) na fir chrosfhite atá le feiceáil sna lámhscríbhinní, greanta i gcloch, teilgthe i miotal, agus mar sin de:



Tá níos mó léaráidí agus tuilleadh mínithe le fáil ar an suíomh seo.

29 Nollaig 2011

níos mó gearrthóga


Ní raibh mé sa tóir ar níos mó gearrthóga, bíodh is gur thaitin na manaigh sa bhlagmhír roimh an gceann seo go mór liom. Ach fuair mé é seo de thaisme ar maidin. Tá na gearrthóga seo beoite.



Agus deas an t-amhrán é.

28 Nollaig 2011

manaigh bhídeacha san East End



Fuair mé an íomhá seo ar an mblag seo an lá cheana. Míníonn an blagadóir, a thóg an pictiúr seo, nach bhfuil iontu ach gearrthóga páipéir atá greamaithe de bhalla san East End. (Tá triúr acu ann, mar is ceart, ar ndóigh.) Níl siad ach cúpla orlach ar airde. Níl a fhios agam cé a chum iad. Is breá liom an teicníc seo!

26 Nollaig 2011

athrú meoin sa Rúis


FAINIC!
Ní féidir athúsáid a bhaint astu!

Tá a fhios ag an saol mór agus a mháthair go bhfuil agóidí ar siúl i Moscó agus i gcathracha eile ar fud na Rúise faoi láthair. Mar a dúirt cara liom thall, Peter Makarov (a bhfuil scoth na Gaeilge aige), “Is iondúil go bhfuil slogans an-suimiúil agus an-creative ag na protesters.” Is fíormhaith liom an ceann thuas. Is amhlaidh a dúirt Putin cúpla lá ó shin, tar éis dó na ribíní bána a chaitheann na hagóideoirí a fheiceáil, gur shíl sé gur coiscíní a bhí iontu. Bhí Putin ina uachtarán uair amháin, ar ndóigh, agus ba mhaith leis an post sin a líonadh arís. Is cosúil anois nach bhfuil an bóthar roimhe chomh glan agus a bhíodh.

24 Nollaig 2011

camall na Nollag, agus alpaca


Tá comharsana nua againn ar an tsráid. Chuala mé ó chomharsa eile go raibh traidisiún neamhghnách acu: camall a thabhairt isteach le haghaidh chóisir na Nollag. Agus lo and behold, bhí camall acu sa tsráid roimh an tí tráthnóna inniu! Agus alpaca beag gleoite freisin.

Party Animals
Is cosúil go bhfuil sean-taithí acu ar an obair seo.


Is maorga an créatúr é seo.
Ní raibh aon saoi ón aird thoir le feiceáil.


Thaitin sé seo go mór leis na páistí.

23 Nollaig 2011

Ceart nó mícheart?



In med do connac ni fhacim 7 in med do cim
ni fhaiceb 7 in med do bi ni fhuil 7 in med ata
ni bia 7 in med bias ni beid. Anno do. m.ccccc
.xiii.

Cithruadh Mag Findghaill a bhreac síos an mhír seo i Leabhar Chlainne Suibhne sa bhliain 1513. Dúirt sé freisin nach raibh a bhean in ann an méid seo a thuiscint fós:

Ni maith tuicios Mor Ciar na focail si tís co foill.

Níl a fhios agam an eisean a chum na focail seo, nó cá bhfuair sé iad. Seo iad arís i litriú an lae inniu:

An méid a chonnac, ní fheicim; 7 an méid a chím
ní fheicfidh; 7 an méid a bhí, níl ; 7 an méid atá,
ní bhíonn; 7 an méid a bheas, ní bheidh. A.D. 1513