24 Samhain 2011

Cén fáth ar thrasnaigh an bradán an bóthar?


Bhí sé thar a bheith fliuch i Stát Washington le cúpla lá anuas. Seo agaibh an cruthú:



Le fírinne, tarlaíonn a leithéid seo sách minic sna bólaí seo nuair a bhíonn díle bháistí ann. Is cosúil gur dual do na bradáin snámh in aghaidh easa, cibé áit agus cibé fáth a bhfuil an t-eas ann!

22 Samhain 2011

Is mairg don té...


Seo rud éigin do lucht Old-Irish-L, nota imill ó leathanach 3v sa lámhscríbhinn Laud Misc. 610. Cuirfidh mé Nua-Ghaeilge ar an rann, ach ní láithreach. Chuir an scríobhaí i leith Choilm Cille é, rud a tharla go mion minic.

Is é peannaireacht an scríobhaí a tharraing mo shúil air seo ar dtús. Saghas bloclitir Ghaelach atá inti. Cliceáil ar na híomhánna len iad a mhéadú.


Mairg cuínghes ní for charud


minbá lónd leis a thaburt


as é dédha ro thá dhe


misgus 0cus oirbere. Colum Cille cecinit.

21 Samhain 2011

pareidolia, cuid a dó


Níl a fhios agam an raibh an focal “pareidolia” ag Giotto, ach is léir gur bhain sé sult as imirt leis. An bhfeiceann tú an aghaidh sna scamaill sa fhreascó seo:


Tá sé níos éasca a aithint sa ghrianghraf gar-amhairc seo:


Dar le Chiara Frugoni, an staraí ealaíne a scríobh faoi seo le déanaí, próifíl an diabhail atá ann. Níl a fhios agam cé a bhí ar intinn Giotto nuair a tharraing sé é, ach tá mé cinnte go ndearna sé d'aon turas é.

20 Samhain 2011

Níos fearr ná zolpidem?


Deirtear (san uimhir seo de Time Magazine agus sa Mail Online) gur féidir leis an bpíosa ceoil seo, an “fonn is suaimhní riamh,” na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

1. imní a laghdú
2. croíráta a ísliú
3. brú fola a ísliú



An bhfuil codladh ort anois?

Tá sé saor in aisce, ar aon nós. Agus thaitin sé go mór leis na cait.

19 Samhain 2011

focal úsáideach eile (cuid a haon)


pareidolia ~ παρειδωλία
(pairíodóil ?)

pareidolia ag obair nuair a bhraitheann muid patrún (.i. íomhá nó teachtaireacht) in ionchur céadfach randamach (.i. i rudaí a thiteann amach de thaisme).



Seo grianghraf a thóg turasóir Meiriceánach le linn cuairt ar Aillte an Mhothair le déanaí. Má fheiceann tú aghaidh Íosa ann, mar a chonaic sise, acheiropoieton (αχειροποίητον) is ea an íomhá seo. Scríobh mé faoi seo anseo agus anseo bliain nó dhó ó shin. An sainmhíniú ná “íocón nach ndearnadh le lámh an duine”. Is rud coincréideach é an acheiropoieton.

Ach is rud randamach ar fad cruth na gcloch thuas agus thíos. Is féidir linn aghaidheanna a fheiceáil iontu trí bhíthin pareidolia. Ní rud coincréideach é an pareidolia ach gníomh nó bua. Tá sé thar a bheith tábhachtach dúinn, mar ainmhithe sósialta a bhfuil cairde agus naimhde (ainmhithe eile san áireamh) againn, aghaidheanna aithint go héasca. Is furasta mar sin aghaidh a fheiceáil i gclocha…


… agus in áiteanna eile:


Cliceáil le méadú.

N.B. : Ní bhíonn acheiropoieton ann i gcónaí nuair a bhíonn pareidolia ann!

17 Samhain 2011

Nach ionann póg agus síocháin?



Sanas Cormaic 1057:

Pōc quasi pāc, a pace, ar is airde sīda pax.

I bhfocail eile, tagann an focal Gaeilge “póg” ón Laidin “pax, pācis” mar is comhartha síochána póg.

Ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí.



Agus is minic nach iontaofa mearfhéachaint. Cad é an Ghaeilge ar double take?