11 Deireadh Fómhair 2011

Tionscadal na Nod 3


fri

tra

ti

ge(a)rr

ui

ui


10 Deireadh Fómhair 2011

Tionscadal na Nod 2


Níos mó samplaí don tionscadal. Cuirfear iad seo agus a lán eile i mbunachar sonraí roimh i bhfad, LCD. Saghas lámhleabhar inchuardaithe a bheas ann.

mur

iarum / iaramh

cri

ge(a)rr

friss

dano

cath

Fergus

Cormac

“ceann faoi eite”

09 Deireadh Fómhair 2011

togra na nod: samplaí


dhá nod in aon fhocal amháin:
con + acht = Connacht

déghraf: cc

déghraf eile: ea

an déghraf céanna le “e ard” + n:
ean

nod ar a dtugtar “lasair” + f = fer / fear

nod rhotic eile + d = dur
Tá a lán noda ann a sheasann do Vr nó rV.

08 Deireadh Fómhair 2011

les Indégivrables arís



“Céard é seo? Cén fáth ar cheannaigh tú an méid sin feta agus tzatziki ?”

“Gníomh míleatach é seo le cur i gcoinne chomhcheilg na margaí.

Má dhéanann chuile dhuine a leithéid sábhálfaidh muid an Ghréig.

Mar eolas duit: pasta a bheas á ithe againn an mhí seo chugainn.”

07 Deireadh Fómhair 2011

nod -ur


Dóibh siúd a bhfuil suim acu i mistéir na nod, seo giota eolais eile.

Tháinig mé trasna ar leagan neamhiondúil den nod a sheasann do ‘ur’ sa lámhscríbhinn RIA Dii 1, f. 121r. Tá sé cosúil le ‘a’ beag le heireaball an mhadra pug air, nó le comhartha na héigríche: ∞ .

murceartach

Bíonn an nod seo cosúil le tonnta nó le cnoic bheaga nó le nathair de ghnáth:

murchertaigh

Seo sampla eile de. Tá cuid de íslitheach na litreach os a chionn ag rith isteach air.

dobur

le cloisteáil i nGaelg 7 i nGàidhlig



Is féidir na Manaigh a chloisteáil anois i Manainnis agus i nGaeilge na hAlban.

Ceist: Cén fáth a bhfuil sé soiléir gur manaigh Bhúdaíocha iad seo?

Freagra: Tá khakkhara ag gach duine acu, os cionn a ghualainn dheas.

06 Deireadh Fómhair 2011

corparáidí = daoine ?



Tá daoine ann nach bhfuil sásta leis an bpolasaí cánachais atá ag Mitt Romney maidir le “gnó mór”. D'fhreagair sé iad le linn ócáid stocaireachta dhá mhí ó shin mar seo:

“Is daoine corparáidí, a chara.”

Bhain sé úsáid as an líne chéanna arís mí ó shin. Chonaic mé an freagra is fearr ar an ráiteas sin greamaithe le carr arú inné:

“Creidfidh mé go bhfuil corparáidí ina ndaoine nuair a chuirfeas Texas ceann acu chun báis.”