06 Deireadh Fómhair 2011

tobermorite


Seo sampla eile de theanga na nGael in úsáid sa saol mór lasmuigh den teanga féin. Tobermorite an t-ainm atá ar an mianra seo. Ainmníodh é as Tobermory (.i. Tobar Mhoire) in Albain, toisc gur frítheadh é den chéad uair riamh sna bólaí úd.


Tá an Dr. Nichola Coleman, eolaí ag Ollscoil Greenwich, díreach tar éis dóigh shimplí a chruthú le tobermorite a dhéanamh as buidéil athchúrsáilte. Cén fáth a bhfuil sé seo tábhachtach? Ní hansa:

1) Is féidir tobermorite a úsáid le luaidhe agus miotail throma eile a scagadh as uisce truaillithe.

2) Úsáidtear stroighin anois leis an obair seo a dhéanamh, ach tá stroighin costasach.

3) Is féidir tobermorite a dhéanamh as gloine bhriste, fuíoll stroighne, agus uisce te ar chostas íseal, de réir an Dr. Coleman.

4) Tá a lán buidéal beorach agus fíona ann anois nach leáitear le buidéil nua a dhéanamh. Dumpáilte iad.

Dála an scéil, níl leagan Gaeilge den fhocal “tobermorite” ag focal.ie ... fós.

ka-ROON?



Tá drioglann in Albain ag déanamh biotáille Ghinéive (aka gin) anois. Bhaist siad Caorunn uirthi. Is cosúil go mbaintear úsáid as caora caorthainn le blas a chur uirthi, i measc luibheanna eile. “Caorunn” an leagan Gàidhlig den fhocal Gaeilge “caorthann”. Scríobhtar mar sin é i bhfoclóir Dwelly, cé gur “caorann” an litriú nua. Tá go maith.

Ach nuair a léigh mé faoin gin seo i nuachtán inné (ní cuimhin liom cén ceann), dúradh liom gur chóir dom ka-ROON a rá. Thit mo chroí. /k‘ʎːrən/a deirtear i nGaeilge na hAlban, ar ndóigh, leis an mbéim ar an gcéad siolla agus an guta sin cosúil le “eu” na Fraincise.

Is dócha gur saghas “tá dea-scéal agam agus droch-scéal” atá againn anseo. Bhain siad úsáid as focal Gaelach, an focal ceart, agus scríobh siad i gceart é. Ach mhill siad an fuaimniú go huile is go hiomlán. *osna*

04 Deireadh Fómhair 2011

friss?



Seo ceann eile do na daoine ar Old-Irish-L atá páirteach i dtogra na nod. Is as “Mesca Ulad” in Leabhar na hUidhre don fhocal thuas, san abairt seo (línte 1507-8 san eagrán le Best & Bergin) :

Ro láiset íarom Ulaid a tech tara cend co torchratar tri chét fón tig din tslóg ro buí friss anechtair.

ro buí friss anechtair = a bhí lasmuigh de / ar an taobh amuigh de

Ceist: cad é go díreach an comhartha atá os cionn na litreach ‘f’ ?

H(?) + 4 nod



Seo focal, nó focail, as an lámhscríbhinn RIA B ii 1, leathanach 14 ag bun an cholúin ar an láimh dheas. Is cosúil go dtosaíonn sé leis an gceannlitir H, agus ina dhiaidh sin níl ann ach noda nó giorrúcháin, ceithre cheann acu! Níl a fhios agam beo céard is brí leis.

02 Deireadh Fómhair 2011

noda


NB: Níl an obair seo críochnaithe ná baol air! Chuir mé an liosta anseo le haghaidh na ndaoine ar Old-Irish-L atá ag plé an ábhair seo faoi láthair. Tá sé ar intinn againn liosta críochnaithe, le neart samplaí, a chur ar fáil ar an idirlíon. Níl sa mhéid seo ach tosú.

Is féidir cliceáil ar na híomhánna seo len iad a mhéadú. Cliceáil arís le méadú arís.




30 Meán Fómhair 2011

ealaín neamhcheadaithe


le John Sarkis
Cliceáil...

Nocht an ghnúis seo ar cholún faoi mhótarbhealach i Seattle seachtain nó dhó ó shin. Chuaigh mé ar ais le mo cheamara inné leis an bpictiúr seo a ghlacadh. Is minic a bhíonn graifítí garbh le feiceáil ar choincréit lom mar seo, ach ní fhaca mé píosa chomh suimiúil leis seo riamh. Tá sé in éadan an dlí, dála an scéil, péint a chur ar choincréit de chuid WSDOT (Washington State Department of Transportation). D'fhág mo dhuine a ainm air, mar sin féin, agus bhí mé in ann an méid seo eolais a fháil ar an idirlíon faoi. Tá áthas orm go bhfuil sé ann anois. Ní bheidh sé ann go ceann i bhfad. Bíonn lucht WSDOT an-ghnóthach lena gcuid scuaba agus lena bpéint liath.

Níl teideal air, ar ndóigh. Cú Chulainn agus a riastradh uime?

Séard atá le feiceáil sa chúlra ná stumpa mótarbhealaigh ar éiríodh as a thógáil daichead bliain ó shin. Baintear úsáid as (go mídhleathach) sa samhradh mar chlár tumtha:




Is in aghaidh na gcos a théann siad ann de ghnáth.

28 Meán Fómhair 2011

“On the Origin of Tepees”



Seo leabhar a cheannaigh mé mar eagrán Kindle do m'iPad cúpla lá ó shin. Níl ach trian de léite agam fós, ach sílim gur féidir liom é a mholadh daoibh mar sin féin. Nó dóibh siúd, ar aon nós, a bhfuil suim acu sna trí chomhábhar den leabhar a tharraing m'aird air i dtosach agus a thaitníonn go mór liomsa anois:

1.
méimeanna: a saol agus a n-éabhlóid

2.
turais bhóthair in Iarthar ollmhór Mheiriceá

3.
típíonna

1. Tá mé i mo chreidmheach ó léigh mé The Meme Machine le Susan Blackmore sa bhliain 1999.

2. Bhí an-dúil agam riamh sa bhóthar oscailte agus i dturais a thosaíonn i stát amháin agus a chríochnaíonn i stát eile i gceann cúpla lá eile. Thosaigh an Sasanach Jonnie Hughes agus a dheartháir Ads (Adam) i Minnesota ag tús an leabhair agus tá siad i Montana anois (.i. mar a bhfuil mé anois sa leabhar), tar éis dóibh na Great Plains a thrasnú. Sin turas nach ndearna mé riamh, mar sin tá an-suim agam sna rudaí is sna daoine a chonnaic siad.

3. Maidir le típíonna, bhí mé craiceailte ina ndiaidh ó léigh mé The Indian Tipi: Its History, Construction, and Use daichead bliain ó shin. Ar an drochuair dom, ní mhaireann an canbhás i bhfad in aimsir thais Sheattle, mar sin ní raibh ceann agam riamh. Ach téim isteach i dtípí ar bith atá ar fáil agus mé ag taisteal ar an taobh eile de na sléibhte Cascade (an taobh tirim). Is iontach an spás é!

Mar fhocal scor, tá On the Origin of Tepees greannmhar chomh maith le dea-scríofa agus meabhrach.