28 Meán Fómhair 2011

Go maire siad a ngairdín nua!



Tá gairdín na ngoraillí i nGairdín na nAinmhithe i mBaile Átha Cliath ar oscailt! Chuir an scéal seo an-áthas orm nuair a léigh mé ar maidin é, agus tá aoibh orm fós ag breathnú ar an bpictiúr seo.

25 Meán Fómhair 2011

dearnadóireacht


Is oth liom nach bhfuil an grianghraf seo níos fearr.

Tá “droim” nó stemline ag teastáil le hogham a scríobh. Tá na línte is giorra dúinn i ndearna ár lámh. Scríobh mé ainmneacha na línte seo i Sean-Ghaeilge, nach bhfuil an-difriúil le teanga an lae inniu sa chás seo.

Ceist: an scríobhann tusa nótaí duit féin ar do lámh?

24 Meán Fómhair 2011

Rick Perry agus Fír Flathemon


Ba mhaith le Rick Perry seasamh sa chéad toghchán uachtaránachta eile i SAM.

Is Gobharnóir Thexas anois é Rick Perry.

Tá meig-thriomach ar siúl i dTexas le bliain anuas agus meastar go mairfidh sé go ceann bliana eile ar a laghad. Beidh iarmhairtí an triomaigh seo le brath ar fud an domhain go luath, go háirithe i bpraghas an chadáis.


Chreid ár sinsir, na Sean-Ghaeil, i rud ar a dtugtar fír flathemon, nó fíor flatha i nGaeilge an lae inniu. Dlí nádúrtha a bhí ann, dar leo, agus an-simplí. Más duine cóir é an rialtóir, beidh an aimsir cineálta agus beidh bláth ar an tír. Más duine éagórach atá i gceannas ar an tír, áfach, beidh an aimsir bunoscionn agus an tír neamhthorthúil dá dheasca sin.

Sliocht as Audacht Morainn,
Leabhar Laighneach, lch. 293

Is tré ḟír flatha sína cach thrēimse doceṅgat ré .i. Gaim cain cuisnech. Errach gaethach tirim. Sam taurḟrossach. Fogomur tromdruchtach toirthech.

Is trí fhíor flatha a théann an aimsir ar aghaidh ó tréimhse go tréimhse: geimhreadh caoin cuisneach, earrach gaofar tirim, samhradh tirim le ceatha, fómhar drúchtmhar torthúil.

Dá mbeadh na Sean-Ghaeil ina gcónaí i dTexas anois, is dócha nach mbeadh meas ró-mhór acu ar Rick Perry.

21 Meán Fómhair 2011

Ogham sa saol



Fuair mé an grianghraf seo ar an idirlíon. Níl a fhios agam cé leis an colpa. Ach is maith liom an dearadh. Tá sé mór go leor le haghaidh an spáis, simplí agus glan. Is dána an dearadh é, beagnach barbartha, ach is colpa fir é.

Níl ach ceist amháin agam le cur ar mo dhuine. Céard is brí le DOSE? Cén fáth ar thogh tú an focal sin?

Google+



Is cosúil go bhfuil Google+, an gréasán soisialta nua, ar oscailt anois don saol mór agus a mháthair. Ní dhearna mé ach cliceáil ar an saighead seo ar mo scáileán agus tugadh cuireadh dom. Níor ghlac mé leis.

Tá a fhios agam go bhfuil duine nó dhó agaibh in bhur mball le mí nó dhó. Cén cruth atá ar saol na Gaeilge ar Google+ anois díreach?

19 Meán Fómhair 2011

Ogham: tástáil


Cliceáil le méadú!

Seo agaibh íomhá (jpg) den téacs is faide dár scríobhadh riamh san oghamchraobh (go bhfios domsa, ar aon nós). Séard atá ann ná aistriúchán de Scéilín na Manach (céard eile?) go Gaeilge Ársa. David Stifter, Ollamh le Sean-Ghaeilge ag Ollscoil na hÉireann Má Nuad, a rinne an t-aistriúchán.

Seo é an t-aistriúchán i litreacha Rómhánacha:

Tut raddassodd trīs dītrebākī dīslondetun do bitū.
Tēgoddit in wāssākan do atareregiyī esyan kenutan writ dēwan.
Bāddar kina labarātun writ alaliyan qos qennan blēdaniyās.
Issit andan esset bīrt wiras dī ēbis writ alaliyan diyas blēdniyas: “mati ad tāyomas.”
Bowet samali qos qennan blēdaniyās.
“Issit mati sodesin,” esset bīrt aliyas uiras.
Bāddar andan ēran sodesū qos qennan blēdaniyās.
“Tongū wo mō brattan,” esset bīrt trissas uiras, “ma nīt lēggītar kiyunessus do mū, imbit gabiyū wāssākan oliyan dū swi.”

Agus seo é an t-aistriúchán céanna san oghamchraobh, ní mar íomhá, ach mar charachtair. Abair liom, le do thoil, más féidir leat é seo a léamh:

᚛ᚈᚒᚈ ᚏᚐᚇᚇᚐᚄᚄᚑᚇᚇ ᚈᚏᚔᚄ ᚇᚔᚈᚏᚓᚁᚐᚉᚔ ᚇᚔᚄᚂᚑᚅᚇᚓᚈᚒᚅ ᚇᚑ ᚁᚔᚈᚒ
᚛ᚈᚓᚌᚑᚇᚇᚔᚈ ᚔᚅ ᚃᚐᚄᚄᚐᚉᚐᚅ ᚇᚑ ᚐᚈᚐᚏᚓᚏᚓᚌᚔᚔ ᚓᚄᚔᚐᚅ ᚉᚓᚅᚒᚈᚐᚅ ᚃᚏᚔᚉ ᚇᚓᚃᚐᚅ
᚛ᚁᚐᚇᚇᚐᚏ ᚉᚔᚅᚐ ᚂᚐᚁᚏᚐᚈᚒᚅ ᚃᚏᚔᚈ ᚐᚂᚐᚂᚔᚐᚅ ᚊᚑᚄ ᚊᚓᚅᚅᚐᚅ ᚁᚂᚓᚇᚐᚅᚔᚐᚄ
᚛ᚔᚄᚄᚔᚈ ᚐᚅᚇᚐᚅ ᚓᚄᚄᚓᚈ ᚁᚔᚏᚈ ᚃᚔᚏᚐᚄ ᚇᚔ ᚓᚁᚔᚄ ᚃᚏᚔᚈ ᚐᚂᚐᚂᚔᚐᚅ ᚇᚔᚐᚄ ᚁᚂᚓᚇᚅᚔᚐᚄ ᚋᚐᚈᚔ ᚐᚇ ᚈᚐᚑᚋᚐᚄ
᚛ᚁᚑᚃᚓᚈ ᚄᚐᚋᚐᚂᚔ ᚊᚑᚄ ᚊᚓᚅᚅᚐᚅ ᚁᚂᚓᚇᚐᚅᚔᚐᚄ
᚛ᚔᚄᚄᚔᚈ ᚋᚐᚈᚔ ᚄᚑᚇᚓᚄᚔᚅ ᚓᚄᚄᚓᚈ ᚁᚔᚏᚈ ᚐᚂᚔᚐᚄ ᚃᚔᚏᚐᚄ
᚛ᚁᚐᚇᚇᚐᚏ ᚐᚅᚇᚐᚅ ᚓᚏᚐᚅ ᚄᚑᚇᚓᚄᚒ ᚊᚑᚄ ᚊᚓᚅᚅᚐᚅ ᚁᚂᚓᚇᚐᚅᚔᚐᚄ
᚛ᚈᚑᚅᚌᚒ ᚃᚑ ᚋᚑ ᚁᚏᚐᚈᚈᚐᚅ ᚓᚄᚄᚓᚏᚈ ᚁᚔᚏᚈ ᚈᚏᚔᚄᚄᚐᚄ ᚃᚔᚏᚐᚄ ᚋᚐ ᚅᚔᚈ ᚂᚓᚌᚌᚔᚈᚐᚏ ᚉᚔᚒᚅᚓᚄᚄᚒᚄ ᚇᚑ ᚋᚒ ᚔᚋᚁᚔᚈ ᚌᚐᚁᚔᚒ ᚃᚐᚄᚄᚐᚉᚐᚅ ᚑᚂᚔᚐᚅ ᚇᚒ ᚄᚃᚔ

Go raibh maith agat as do chúnamh!

18 Meán Fómhair 2011

ogham ar shráideanna Seattle




Baineadh geit asam cúpla lá ó shin nuair a chonaic mé veain oráiste ag dul tharam agus litreacha móra san ogham-chraobh scríofa uirthi. Bhí mé ag siúl, mar is iondúil, agus chuaigh an veain as radharc go sciobtha. Ach shíl mé go bhfaca mé na focail Lockhart Silver scríofa uirthi freisin. Ní raibh sé agam go baileach, ach bhí mé in ann iad a aimsiú ar an idirlíon mar sin féin.

Comhlacht tógála is ea iad, saghas high end (.i. costasach) de réir dealraimh. Ainm an chomhlachta atá scríofa acu in ogham. Agus rinne siad i gceart é, bail ó Dhia orthu.

Ag teacht go luath anseo: an téacs is faide dár scríobhadh riamh san ogham-chraobh! Seo réamhbhlas de: