22 Bealtaine 2011

sa Chorsaic



Tá mé sa Chorsaic le cúpla lá anuas. Oileán iontach álainn é seo! Radharc é seo ar Montemaggiore. Níl sé i bhfad ó bhaile beag eile, Sant Antoninu, a bhfuil muid ag fanacht ann lenár gcairde a bhfuil teach acu ann. « L'un des plus beaux villages de France » is ea Sant Antoninu más fíor don fhógra à l'entrée du village ! Is féidir go bhfuil an ceart acu.

Ní scríobhfaidh mé níos mó anois. Níl taithí agam ar an méarchlár seo agus tá sé deacair a úsáid. Slán go fóill!

09 Bealtaine 2011

sos beag



Beidh mé as baile agus as líne go dtí tús na míosa seo chugainn (le cúnamh Dé).

05 Bealtaine 2011

roth na gcat


Tá inneall mar seo ag teastáil uaim le haghaidh Mike & Molly. Caitheann siad a laethanta go díomhaoin anois, ag éirí bog is ag titim i bhfeoil. Dá gcuirfinn gineadóir le roth mar seo, bheidís in ann a gcuid a shaothrú!



Dála an scéal, agus ar eagla na míthuisceana, rinneadh an físeán seo leis an gceamara ina luí ar a thaobh!

02 Bealtaine 2011

Faiche?



Seo radharc ar an gclós tosaigh. Lá iontach deas a bhí ann inné, Lá Buí Bealtaine a bhí geal is grianmhar - faoi dheireadh. Ní raibh ann ach peata, faraor. Tá sé ag cur báistí arís inniu.

Tá an caonach atá againn in áit faiche (nó mar fhaiche) sásta leis an aimsir fhliuch seo, ar ndóigh. Agus tá muid sásta leis an gcaonach. Ní gá é a lomadh! Níl ag teastáil uaidh ach scuabadh maith ó am go ham.

Nuair a bhíonn triomach ann (i Mí Lúnasa, má tá an t-ádh linn) éiríonn an caonach briosc, ach ní fhaigheann sé bás ar chor ar bith. Scaird beagán uisce air agus, voilà, tá sé chomh huaine agus a bhí sé riamh i gceann cúpla nóiméad. Draíochtúil.

30 Aibreán 2011

tae


Cliceáil le méadú.

Cheannaigh mé planda beag Camellia sinensis tuairim is seacht mbliana ó shin. Chuir mé i bpota é sa chlós tosaigh, áit a bhfuil sé faoi scáth cuid mhaith den lá. Lean sé air ag fás ó bhliain go bliain, ach ní ar nós na fiaile, ná baol air. Méadú measartha a tháinig air mar sin féin. Mar atá le feiceáil sa ghrianghraf thuas, a thóg mé cúpla uair a chlog ó shin, tá a lán duilleoga úra ag borradh air anois díreach.

Is cosúil gurb iad na duilleoga úra seo a úsáidtear le tae a dhéanamh - tar éis iad a phiocadh, a rolladh, agus a thriomú, ar ndóigh. Níl mé cinnte fós, ach is féidir go mbainfidh mé triail astu i mbliana!

28 Aibreán 2011

an difríocht a dhéanann 's' beag amháin


Tabhair an focal “underpinning” do Ghoogle Íomhá agus gheobhaidh tú a lán pictiúr cosúil leis seo:



Cuir -s leis, “underpinnings”, agus seo é an saghas ruda a gheobhaidh tú:



Nach iontach an teanga é an Béarla!

NIMBY



Tá an Public Service Electric and Gas Company, an comhlacht leictreachais is mó i New Jersey, ag cur suas painéal gréine - 200,000 acu san iomlán - ar chuaillí leictreachais ar fud an stáit. Níl cuid den phobal sásta ar chor ar bith. “Is fuath liom iad,” a chloistear ó lucht na mbruachbhailte duilleogacha seo. “Eyesore,” a dúirt bean amháin leis an NY Times.

An é an chaoi go shíleann siad, áfach, go bhfuil na cuaillí féin, na sreanga uilig, agus na claochladáin go hálainn? Tá mise ar mhalairt intinne. Is iad na grianphainéil an rud is áille ar fad sa phictiúr thuas, in éineacht leis na crainn, ar ndóigh.