
Tá a fhios againn nach dtuigeann Google Translate Gaeilge ró-mhaith. Ach shíl mé go raibh a chuid Fraincise réasúnta maith. Chuir mé teachtaireacht chuig cara liom inniu leis an gceist seo: “Vin blanc pour l'apéro ? Ou du gros rouge qui tache ?” Bhí a fhios agam nach bhfuil Fraincis ag mo chara, ach shíl mé go mbeadh sé ceart go leor le GT mar ateangaire. Ach ansin, tar éis dom an teachtaireacht a chur chuige, ar eagla ná heagla, thug mé an dá abairt do GT. Seo é an toradh:
White wine for an aperitif? Or a big red spot?
Is cosúil nach bhfuil Fraincis ar a thoil ag GT tar éis an tsaoil. Níl aon locht ar an gcéad abairt, ach séard a chiallaíonn “ou du gros rouge qui tache” ná “nó (fíon) dearg mór a ruaimníonn”. Is ionann é sin agus fíon dearg atá beagán ró-shaor.
Pé scéal é, thuig mo cara céard a bhí i gceist agam agus d'fhreagair sé i nGaeilge, ag baint úsáide as GT:
Is maith linn an dá fíonta bán agus dearg. Leat cinneadh a ceann a thabhairt.
Hmmm. Níl Gaeilge GT chomh dona sin!