01 Aibreán 2011

míbhéasaíocht sa Pharlaimint Iodálach


Stai zitta, handicappata del cazzo,” a bhéic Massimo Polledri, feisire de chuid an Lega Nord (eite dheis), inné le Ileana Argentin, feisire eile atá faoi mhíchumas coirp. Séard a dúirt sé, i nGaeilge ghlan, ná “Éist do bhéal, a focain chláirínigh!”

Tharla sé seo nuair a rinne Argentin gearán faoi fheisire eile, Osvaldo Napoli, a dúirt lena cúntóir gan bualadh bos a thabhairt ina háit.



Ricordo all'aula che io non posso muovere le mani, ma se non posso applaudire con le mie, lo faccio con le mani di chiunque,” a dúirt sí. “Cuirim i gcuimhne daoibh nach féidir liom mo lámha a bhogadh. Ach mura féidir liom bualadh bos a thabhairt, tig liom é a dhéanamh le lámha duine eile.”

Tugadh ar Polledri a leithscéal a ghabháil léi os comhair na parlaiminte.

amadántacht Aibreáin, nó...




... polasaí nua? Deir Ryanair go mbeidh eitiltí saor–ó-chlann ar fáil ag tosú i nDeireadh Fómhair na bliana seo.

31 Márta 2011

An t-ainm is aistí ar theanga?



Is teanga criól í Bislama, ceann de na teangacha oifigiúla de chuid Phoblacht Vanuatu. “Bislama” an litriú ceart den fhocal anois, a tháinig ó “Beach-la-Mar”, an t-ainm a bhí ar an teanga sa naoú haois déag. Tháinig an t-ainm seo ó “bêche de mer”, leagan Fraincise de “bicho do mar”, focail Phortaingéilise a chiallaíonn “ainmhí de mhuir”. An t-ainmhí a bhí i gceist ná an súmaire cladaigh. Itear an súmaire cladaigh go forleathan san Áise, mar a bhfuil an-éileamh air.

Bhí spailpíní ó na hoileáin éagsúla i Nua-Inse Gall (The New Hebrides, Vanuatu anois) páirteach i bhfómhar na súmairí cladaigh don mhargadh san Áise. Ní raibh comhtheanga acu, mar sin thóg siad ceann nua as focail ón mBéarla in éindí le gramadach agus comhréir óna gcuid teangacha féin. Baisteadh ainm an ainmhí inite seo ar an gcomhtheanga nua.


Mmmmm! Blasta!


Seo é an chéad chuid d'amhrán náisiúnta Vanuata, a scríobhadh i mBislama. “Yumi, Yumi, Yumi’ (= Sinn, Sinn, Sinn):

Yumi, Yumi, yumi i glat long talem se
Yumi, yumi, yumi ol man blong Vanuatu

God i givim ples ia long yumi,
Yumi glat tumas long hem,
Yumi strong mo yumi fri long hem,
Yumi brata evriwan!


30 Márta 2011

clog analógach...


... a bhfuil níos mó (sílim) ná míle pháirt ghluaisteach ann:


Déanta na fírinne, tá trí chlog ann: ceann amháin le haghaidh tae glas (3 nóiméad), ceann amháin le haghaidh tae dubh (5 nóiméad), agus ceann amháin le haghaidh tae luibhe (7 nóiméad). Is féidir an ceann glas a úsáid le haghaidh uibheanna bogbhruite freisin, ar ndóigh. Chonaic mé an t-orláiste tríreach seo i siopa caife i bPomona, California cúpla seachtain ó shin agus cheannaigh mé ar an toirt é. Ní raibh sé daor. Tá sé simplí, cruinn, cuanna, ciúin. Agus is maith liom seanteicneolaíochtaí a oibríonn gan leictreachas!

In aon fhocal amháin, tá sé elegant. An bhfuil leathbhreac an fhocail sin againn i nGaeilge?

29 Márta 2011

Scaip graifítí?



Iompar frithshóisialta is ea graifítí a bhreacadh ar na ballaí, gan dabht. Ach ... bíodh sin mar atá, nach mbeadh áthas ort dá mbeadh teachtaireachtaí mar seo le feiceáil i nGaeilge ó am go ham sa phríomhchathair?

SCAIP AINRIALACHAS

Ná Tabhair Orduithe Dom!!


27 Márta 2011

an aimsir


An aimsir i Meicsiceo i gcomórtas leis an aimsir san Araib Shádach:




An gá dom níos mó a rá?

dramhphost & peidléirí gutháin



Is cuimhin liom, ar éigin, aois órga ársa chianda nuair a bhíodh litreacha pearsanta agus cártaí poist níos líomhaire sa phost ná na catalóga, na leabhráin chúpón, etc. a fhaightear ann inniu. Dramhphost, in aon fhocal amháin.

Is léir dom anois, le bliain nó dhó anuas, go bhfuil an taoide tar éis iompú sa treo céanna ar an nguthán baile (“an líne thalún”) freisin. Ní thógaim an glacadóir seacht n-uaire as deich anois. Tá a fhios agam cheana, ó aitheantas an ghlaoiteora ar an scáileán beag, nach mbeidh ar cheann eile na líne ach peidléir eile, nó “worthy cause” eile, nó pobalbhreith eile.



Maidir leis an teileafón mar áis shóisialta, baintear níos lú daoine úsáid as le comhrá beo a dhéanamh ná riamh. Bhí alt faoi seo ar an New York Times an tseachtain seo caite, “Don't Call Me, I Won't Call You”. Chuir sé ionadh orm, ach d'aithin mé láithreach go raibh an ceart ag an údar.