19 Márta 2011

túíteáil i nGaeilge



Tá ár gcara Kevin Scannell díreach tar éis togra nua a sheoladh, Indigenous Tweets. Baineann sé úsáid as clár darb ainm An Crúbadán (saghas web crawler), a scríobh Kevin é féin, le túíteanna a aimsiú atá scríofa i mionteangacha ar fud an domhain. Beidh daoine a bhfuil Kreyòl Ayisyen (Criól Háítíoch) acu, nó Anishinaabemowin (Ojibwe) nó Brezhoneg (Briotáinis), in ann daoine eile atá ag túíteáil sna teangacha sin a aimsiú gan dua anois, a bhuí leis an suíomh nua seo.

Seo iad na deich mionteanga is beoga ó thaobh túíteanna de:
  1. Kreyòl Ayisyen
  2. Euskara
  3. Cymraeg
  4. Frysk
  5. Setswana
  6. Hausa
  7. Gaeilge
  8. Gàidhlig
  9. Māori
  10. Gaelg
I measc úsáideoirí na Gaeilge, tá ár gcara Aonghus ar an dara túíteálaí is bisiúla dá bhfuil ann, agus tá Scott an-túíteach freisin!

16 Márta 2011

beannachtaí an lae



“Rug mé ar leipreachán. Bhí sé blasta.”

sanasaíocht i stíl Chormaic



scáthán .i. scáth .i. faitíos nó eagla 7 án .i. geal; gléas soilseach a chuireann scáth ar dhuine, go háirithe ar maidin nó tar éis oíche fhada ar ragairne

éiric



Léigh mé ar an New York Times ar maidin gur saoradh Raymond Davis, conraitheoir de chuid an C.I.A., i bPakistan inné. Ghlac muintir an dá fhear a mharaigh Davis le híocaíocht ó oifigigh Mheiriceánacha agus cuireadh stad leis an ionchúiseamh.

Under Pakistani law, families can demand so-called blood money, or compensation, for slain relatives. Once an agreement is reached between the parties, the state prosecution is closed.

Chuir an méid seo ionadh orm toisc go raibh aithne mhaith agam ar an gcóras seo ó stair na hÉireann. “Éiric” an t-ainm ar a leithéid. Níor thaitin córas dlí na nGael (An Féineachas) leis na Sasanaigh riamh, agus chuir an éiric an-olc orthu go háirithe, agus chuir siad deireadh leis chomh luath agus a b'fhéidir, ar ndóigh.

Bhí meas ag na Gaeil ar an gcóras seo, áfach. Seo cur síos air ó An tSeirbhís Chúirteanna:

“Bhí an Féineachas an-fhorásach ar go leor bealaí. D'aithin sé colscaradh agus cearta ionanna d'fhir agus do mhná agus léirigh sé cúram don timpeallacht freisin. Sa dlí choiriúil, bhí ciontaí agus pionóis leagtha síos go mion. Cúiteamh seachas pionós a bhí leagtha síos i gcomhair éagóra. Cuireadh pionós i gcásanna dúnmharuithe nó gortú chorpartha ag úsáid an fhíneáil éirice, an méid beacht á oibriú amach de réir scála. Ní raibh pionós an bháis i measc na bpionós a bhí ar fáil do na Breithiúna. Os rud é nach raibh córas cúirte ná fórsa póilíní ann is cosúil go raibh an-mheas ag na daoine ar an dlí.”

15 Márta 2011

dul faoi na gréine i bPáras inniu



Thóg mo chara Maxime an grianghraf seo óna dheic tráthnóna inniu. Mhaígh sé freisin go raibh sé geal is te ansin an lá ar fad, 7° C níos teo ná anseo in Seattle. Cad é an Ghaeilge ar “rub it in”?

14 Márta 2011

an fhírinne


Focail Dhé



Iontach cosúil le do chuid barúlacha féin.

13 Márta 2011

gáirsiúlacht ón chúigiú haois déag


Tá an nóta seo le feiceáil ar imill íochtarach leathanaigh 20r sa lámhscríbhinn Laud Misc. 610, a scríobhadh sa chéad leath den chúigiú haois déag, am éigin idir 1410 agus 1452.


bod seain hi ogain so

bod Sheáin Uí Ógáin seo



Measaim go raibh a lán fear darbh ainm Seán Ó hÓgáin ann. An é Seán é féin a dhear an pictiúr seo, nó duine éigin eile? Rinne sé tré deas Ceilteach de ar aon nós!