11 Feabhra 2011

Tá an Éigipt saor?



Miṣr ḥarah a deir an postaer seo, agus is é gáir mhaíte na sluaite anois é freisin. Go maire siad imeacht Mubarak! Ach cé chomh ḥarah (saor) is atá Miṣr (an Éigipt) anois? Is maith an scéalaí an aimsir.

09 Feabhra 2011

Farouk Abdel Salam



Chonaic mé an grianghraf seo ar an New York Times ar maidin. Deir an fhoscríbhinn gur oibrithe músaeim iad na stailceoirí seo. Tá a fhios agam freisin, a bhuí le Google Translate, gurb é Farouk Abdel Salam cuspóir na hagóide. Séard atá scríofa ar na píosaí páipéir atá ina nglac acu ná:

Gan an chaimiléireacht, gan an tíoránach
Farouk Abdel Salam!

An teideal oifigiúil atá ag mo dhuine ná “First Undersecretary of State of the Ministry of Culture”, ach is cosúil gurb eisean atá i gceannas ar an rud ar fad. Agus is léir go dtuigeann chuile dhuine san Aireacht é sin. Agus gur fuath leo é.

08 Feabhra 2011

clúdach


Tá an fear seo, Chocho Takamune, tar éis clúdaigh a dhéanamh i Seapáinis ar amhráin leis na Beatles, Bob Dylan, Simon & Garfunkle, agus eile.




Taitníonn an leagan trasteangach seo go mór liom.

teachtaireacht chairdiúil



A Agóideoirí, a chairde,

Ná déanaigí dochar do na pirimidí, le bhur dtoil. Ní atógfaimid iad.

le meas,

Na hIosraeilítigh

beannacht eile



ar-dot·raib bennacht co brath

Go raibh beannacht romhat go brách!

Is ón lámhscríbhinn Rawl. 502 (atá sa Leabharlann Bodleian, in Oxford) a tháinig an bheannacht seo. Tá dhá rud suimiúil ann le haghaidh an ársaitheora.

1) Litriú an fhocail “bennacht” :

In áit “-acht” feicimid an nod a sheasann do na litreacha seo, mar atá an litir ‘s’ le líne os a cionn. Cén fáth an nod sin, ó nach bhfuil ‘s’ in "acht" ar chor ar bith? Ní hansa. Nod Laidine a bhí ann ar dtús, a sheasann do “sed”. An chiall atá le “sed” ná “ach”, nó “acht” i Sean-Ghaeilge.

2) An briathar “ar-dot·raibh” :

Is ionann “ar·tá” agus “tá roimh” i Sean-Ghaeilge. Is forainm iontáite é an “focal” beag “dot”. Ní focal ceart é, áfach, ó nach féidir leis seasamh leis féin. Pé scéal é, is “thú” an bhrí atá leis. Is féidir an coimpléasc briathartha seo a bhriseadh síos mar seo: roimh * thú * go-raibh .

07 Feabhra 2011

pictiúr stairiúil eile



Seo ceann eile ó Yosemite. Bhí mé cúpla bliain níos sine, bhí carr nua againn (station wagon le neart spáis ann le haghaidh an trealamh campála), agus bhí mé ag marú na mbreac in éindí le m'athair faoin am sin. Bhí sé de nós aige bualadh amach faoin mback country roimh éirí na gréine agus teacht ar ais le bric don BHRICfeasta. (Gabh mo leithscéal... ach níl dada níos fearr ná bric fhíor-úra sa fhriochtán ar maidin!)