
ni tualaing mór
nad fhulaing
nó nad geib in mbec.
An té nach bhfulaingíonn an beag nó nach nglacann leis, níl sé in ann ag an mór.
Tá seanscéal againn faoin lá a fuair Cú Chulainn bás. Ba gheis dó dul thar thine cócaireachta gan mhír den bhia a bhlaiseadh, agus ba gheis dó feoil mhadra a ithe. An lá sin chonaic sé triúr cailleach ar thaobh an bhóthair. Bhí siad ag bruith madra ar thine caorthainn. Is léir gur ag fanacht leis a bhí siad! Thug sé iarracht ar dhul tharstu ach ghlaoigh siad air agus d'iarr air cuid den fheoil a chaitheamh leo. Dhiúltaigh sé. Ansin dúirt duine de na cailleacha nach raibh Cú sásta bheith i gcuibhreann leo toisc nach féasta mór a bhí ann. Ansin dúirt sí an méid thuas leis le náire a chur air. D'oibrigh an cleas sin. D'ith sé agus choill sé a gheis! Bhí a phort seinnte ag an nóiméad sin.
Tá mé cinnte nár chum an chailleach - nó údar an scéil - an t-achasán sin. Seanfhocal a bhí ann cheana féin. Is dócha freisin go raibh leagan níos giorra de ann, mar atá:
Ní túalaing mór nad·fhulaing in mbec.
An té nár fhulaing an beag, ní tualaing é an mór.
Tá an píosa gaoise seo sa chnuasach Sengoídelc anois.