
misi mac in fir mairb ac triall a tir na mbeo
mise mac an fhir mhairbh ag triall (isteach?) i dtír na mbeo
Scríobhaí darbh ainm Eogan Óg a bhreac na focail sin síos sa Leabhar Breac (lch. 152). Dúirt sé ina dhiaidh sin “tabuir bennacht do raith m'anama, a duine trocairig eigin.”
Tá fadhb bheag againn anseo. Is minic a scríobhtaí “a” in ionad “i” sna lámhscríbhinní. Más amhlaidh atá sé sa chás seo, is féidir dhá bhrí a bhaint as an réamhfhocal “i” sa tSean-Ghaeilge, mar atá “in” agus “into”. Tá Eogan ag rá linn go bhfuil sé ag triall “i dtír na mbeo” - nó “isteach i dtír na mbeo”.
Más ionann “tír na mbeo” agus “Tír na nÓg / Tír na mBan / Tír Tairngire”, mar is iondúil inár litríocht, is ainm eile é ar an alltar, an saol eile, neamh, etc. Ach bheinn ag súil leis an réamhfhocal “do” sa chás seo: “to heaven, to the land of the living, etc.” in áit “into heaven”.
An é an chaoi gurb ionann “tír na mbeo” an saol seo a bhfuil daoine beo ann, ár saol laethúil sa nóta imill seo?