
Tá an milliúnaí Éireannach Denis O’Brien tar éis $12 milliún dá chuid airgid féin a thabhairt uaidh leis an Marché en Fer, seoid chultúrach i lár Port-au-Prince, a atógáil. Tá an margadh poiblí réidh anois agus tá na trádálaithe beaga ag teacht ar ais, ag clárú le haghaidh stainníní ann. Tógadh an Margadh Iarainn sa naoú haois déag agus ba íocón náisúnta riamh é. Tá íomhá de ar an nóta bainc 1000 Gourdes:

Tá sciar tábhachtach de mhargadh na bhfón póca i Háítí ag Digicel, comhlacht an Uasail O’Brien. Tá suim ar leith aige sa tír sin dá bhrí sin. Ba mhaith leis dul chun cinn a chothú i Háítí, ar son na ndaoine agus ar a shon féin. “As a company, we're more aligned to the masses than to the elites,” a dúirt sé, ag míniú a bhaint féin leis an Margadh Iarainn.
Pictiúr den Mhargadh Iarainn tar éis an chreatha talún
Tá mé cinnte gur rud maith í atógáil an mhargaidh phoiblí seo, agus is dóigh liom go bhfuil bualadh bos tuilte ag Denis O’Brien. Is mór an trua é, áfach, nach raibh Háítí in inmhe an tógra seo a chur i gcrích as a stuaim féin. Is basket case í Háítí chomh fada siar agus atá cuimhne agamsa uirthi. “The Republic of NGOs” a thugtar uirthi i measc na 3,000 acu atá ag obair inti. Tá 12,000 coimeádaí síochána de chuid na Náisiún Aontaithe i Háítí anois, a dhéanann an méid póilíneachta atá le fáil ansin.










