10 Eanáir 2011

leabhar dathúcháin?



Cur lob~ dia dema~~ beth a cur

Gur logha Dia d'Éamann bheith ag cur



datha sa leabhur so aidchi domnaid

datha sa leabhar seo oíche Domhnaigh.



Tá an ghuí cheartaiseach seo le fáil sa lámhscríbhinn Laud 610 (fo. 116r). Seo thuas sampla den dathú atá i gceist, beagán deirg curtha ar na ceannlitreacha sa téacs. Rúibriciú an t-ainm teicniúil ar a leithéid.

Más ar oíche Domhnaigh a bhí Éamann ag rúibriciú leis, ní ar an lá féin, cá raibh an fhadhb? Ní hansa. De réir dlí eaglasta na hÉireann, lean an tSabóid ó easparta Dé Sathairn go teirt Dé Luain, .i. ó dhul faoi na gréine an lá roimhe go dtí a naoi a chlog an lá ina dhiaidh.

Savage America


Scríobh Séamas Poncán inniu:

“Chuala sibh, is dócha, gur lámhaíodh a lán daoine in Tuscon Arizona ar an deireadh seachtaine. Chuala sibh, gan dabht, to bhfuil daoine ag díriú a méara i dtreo Sarah Palin agus lucht na cóisire tae.”

Chuala, agus ní gan fáth atá an mhéar á treorú:


Treoracha gunna iad seo.

Chuir Ms. Palin a gcuid naimhde sa chross hairs gan dul ar chúl scéiche leis. Agus ná ligimis i ndearmad a mana clúiteach: “Don't retreat, RELOAD!”

Agus seo a ndúirt Ms. Giffords tamall ó shin le linn agallaimh:

“The way that she has it depicted has the crosshairs of a gun sight over our district, when people do that, they have got to realize there are consequences to that."

09 Eanáir 2011

Ná déan nós agus ná bris nós.


Cén tír í seo?

Leid: má chailleann tú toghchán anseo brisfear do chosa.

08 Eanáir 2011

dathanna na ngaoth


léaráid as A Social History of Ancient Ireland, vol. II
le Patrick Weston Joyce (1903)

Chreid ár sinsir go raibh dathanna ar na gaotha. Tá cur síos orthu in Saltair na Rann, dán fada i Meán-Ghaeilge ina ríomhtar stair an domhain de réir an Bhíobla - a bheag nó a mhór. Seo dhá rann as an Saltair mar shampla. Tá níos mó ná an méid seo ann faoi na gaotha agus a ndathanna:

In gel, in c[h]orcarda glan,
in glas, ind uaine allmar,
in buidi, in derg, derb dána,
nísgaib ferg fri sodála.

An (ghaoth) gheal, an chorcra ghlan,
an ghlas, an uaine ollmhór,
an bhuí, an dearg, dán dearbh,
ní ghabhann fearg iad ina so-dhálaí.*

*Ní thagann fearg orthu nuair a bhuaileann siad go séimh le chéile.

In dub, ind líath, ind alad,
in temen, in chiar chalad,
ind odar, doirchi datha,
nídat soirchi sogabtha.


An dubh, an liath, an bhreac,
an teimhleach, an chiar chrua,
an odhar, dathanna dorcha,
níl siad sorcha so-ghafa.

Níl na Sean-Ghaeil ina n-aonar maidir leis an gcreideamh seo. Deir na Navajo in Arizona agus New Mexico go bhfuil dathanna ar na gaotha freisin. Seo amhrán a chum Sharon Burch faoi seo:





Diyin dine’é, diyin dine’é,
Niłch’i áyiilaa.
Níyol éí áníí lá, bílátahdi,
Ha’noots’ee’go áyiilaa
Níyol, níyol.

Na daoine naofa, na daoine naofa,
Rinne siad an t-aer.
Deir an ghaoth go ndearna sí na bíseanna
ar cheann lámha na ndaoine.
An ghaoth, an ghaoth.

A’la’ łáa’ii, níyol łizhiní.
A’la’ naakii’, níyol dootł’izhii.
A’la’ ałníí’ii, níyol łitsooí.
A’la’ ya’zhi’, níyol łigaii.

Méar a haon, an ghaoth dhubh.
Méar a dó, an ghaoth ghormghlas.
Méar a trí, an ghaoth bhuí.
Méar a ceathair, an ghaoth gheal.

Craig Childs


Tá mé faoi dhraíocht ag údar ar tháinig mé air de thaisme cúpla seachtain ó shin. Craig Childs is ainm dó agus House of Rain an teideal atá ar an leabhar a fuair ar an tseilf i siopa leabhar mór anseo i Seattle. Léigh mé go luath é, agus ceann eile leis ansin, Finders Keepers, agus tá The Secret Knowledge of Water á léamh agam anois.


Rugadh is tógadh Craig in Iardheisceart Mheiriceá, agus tá sé tar éis cuid mhór dá shaol a chaitheamh ag fánaíocht ann, de shiúl na gcos agus leis féin go minic. Is fear léannta tuisceanach é. Agus - an rud is tábhachtaí ar fad, ós údar é - is scéalaí agus scríbhneoir iontach é.



Seo radharc ar chuid de Mesa Verde, fothrach Anasazi i ndeisceart Colorado. An tsibhialtacht Anasazi is ábhar do House of Rain.


Cliceáil air seo le dul go díreach chuig YouTube.

Agus seo físeán de Chraig ag caint ar slot canyons, saintréith amháin den Iardheisceart agus cuid lárnach den scannán nua 127 Hours.

dáiríre píre?


LS Laud 610: nóta ar imeall íochtarach fol. 32r

Cuma lium cid toll mo lend
cuma lium cid seang mo brū
is rocuma lium go derb
gidh robeg mo shealb do bhū.

Cuma liom cé gur toll mo leann*
cuma liom cé gur seang mo bholg
is ró-chuma liom go dearbh
cé gur ró-bheag mo shealbh de bhólacht.

*cé go bhfuil poill i mo bhrat

An gcreideann tú mo dhuine? Nó an sampla fileata de shilíní searbha é an rann seo?

06 Eanáir 2011

níos fearr ná marmaláid



Rollóg arán caiscín, tóstáilte le seacláid uirthi! Tháinig an tseacláid - seacláid dhubh, ar ndóigh - ó phuimcín seacláide a raibh brat óir - an-tanaí ar fad - air. Tá an t-ór, atá inite, le brath ar chraiceann na seacláide leáite.