09 Eanáir 2011

Ná déan nós agus ná bris nós.


Cén tír í seo?

Leid: má chailleann tú toghchán anseo brisfear do chosa.

08 Eanáir 2011

dathanna na ngaoth


léaráid as A Social History of Ancient Ireland, vol. II
le Patrick Weston Joyce (1903)

Chreid ár sinsir go raibh dathanna ar na gaotha. Tá cur síos orthu in Saltair na Rann, dán fada i Meán-Ghaeilge ina ríomhtar stair an domhain de réir an Bhíobla - a bheag nó a mhór. Seo dhá rann as an Saltair mar shampla. Tá níos mó ná an méid seo ann faoi na gaotha agus a ndathanna:

In gel, in c[h]orcarda glan,
in glas, ind uaine allmar,
in buidi, in derg, derb dána,
nísgaib ferg fri sodála.

An (ghaoth) gheal, an chorcra ghlan,
an ghlas, an uaine ollmhór,
an bhuí, an dearg, dán dearbh,
ní ghabhann fearg iad ina so-dhálaí.*

*Ní thagann fearg orthu nuair a bhuaileann siad go séimh le chéile.

In dub, ind líath, ind alad,
in temen, in chiar chalad,
ind odar, doirchi datha,
nídat soirchi sogabtha.


An dubh, an liath, an bhreac,
an teimhleach, an chiar chrua,
an odhar, dathanna dorcha,
níl siad sorcha so-ghafa.

Níl na Sean-Ghaeil ina n-aonar maidir leis an gcreideamh seo. Deir na Navajo in Arizona agus New Mexico go bhfuil dathanna ar na gaotha freisin. Seo amhrán a chum Sharon Burch faoi seo:





Diyin dine’é, diyin dine’é,
Niłch’i áyiilaa.
Níyol éí áníí lá, bílátahdi,
Ha’noots’ee’go áyiilaa
Níyol, níyol.

Na daoine naofa, na daoine naofa,
Rinne siad an t-aer.
Deir an ghaoth go ndearna sí na bíseanna
ar cheann lámha na ndaoine.
An ghaoth, an ghaoth.

A’la’ łáa’ii, níyol łizhiní.
A’la’ naakii’, níyol dootł’izhii.
A’la’ ałníí’ii, níyol łitsooí.
A’la’ ya’zhi’, níyol łigaii.

Méar a haon, an ghaoth dhubh.
Méar a dó, an ghaoth ghormghlas.
Méar a trí, an ghaoth bhuí.
Méar a ceathair, an ghaoth gheal.

Craig Childs


Tá mé faoi dhraíocht ag údar ar tháinig mé air de thaisme cúpla seachtain ó shin. Craig Childs is ainm dó agus House of Rain an teideal atá ar an leabhar a fuair ar an tseilf i siopa leabhar mór anseo i Seattle. Léigh mé go luath é, agus ceann eile leis ansin, Finders Keepers, agus tá The Secret Knowledge of Water á léamh agam anois.


Rugadh is tógadh Craig in Iardheisceart Mheiriceá, agus tá sé tar éis cuid mhór dá shaol a chaitheamh ag fánaíocht ann, de shiúl na gcos agus leis féin go minic. Is fear léannta tuisceanach é. Agus - an rud is tábhachtaí ar fad, ós údar é - is scéalaí agus scríbhneoir iontach é.



Seo radharc ar chuid de Mesa Verde, fothrach Anasazi i ndeisceart Colorado. An tsibhialtacht Anasazi is ábhar do House of Rain.


Cliceáil air seo le dul go díreach chuig YouTube.

Agus seo físeán de Chraig ag caint ar slot canyons, saintréith amháin den Iardheisceart agus cuid lárnach den scannán nua 127 Hours.

dáiríre píre?


LS Laud 610: nóta ar imeall íochtarach fol. 32r

Cuma lium cid toll mo lend
cuma lium cid seang mo brū
is rocuma lium go derb
gidh robeg mo shealb do bhū.

Cuma liom cé gur toll mo leann*
cuma liom cé gur seang mo bholg
is ró-chuma liom go dearbh
cé gur ró-bheag mo shealbh de bhólacht.

*cé go bhfuil poill i mo bhrat

An gcreideann tú mo dhuine? Nó an sampla fileata de shilíní searbha é an rann seo?

06 Eanáir 2011

níos fearr ná marmaláid



Rollóg arán caiscín, tóstáilte le seacláid uirthi! Tháinig an tseacláid - seacláid dhubh, ar ndóigh - ó phuimcín seacláide a raibh brat óir - an-tanaí ar fad - air. Tá an t-ór, atá inite, le brath ar chraiceann na seacláide leáite.

05 Eanáir 2011

666



Léim an uimhir seo amach nuair a d'oscail mé an blag ar maidin. An é an chaoi go bhfuil rud éigin fíor-dhiabhlaí ag baint leis an mblagmhír roimhe seo, uimhir a 666? Tá marbhán ann a bhfuil deatach ag teacht as a bhéal, tar éis an tsaoil.

Cloch mhíle eile atá ann, ar aon nós. Go raibh maith agaibh as na blúirí seo a léamh.

03 Eanáir 2011

deatach as a bhéal


(Tá an íomhá seo inmhéadaithe le clic mar is iondúil.)

Seo sliocht as Leabhar Mór Leacain. Scríobhadh é ar imeall uachtarach an leathanaigh (f. 70v) mar aguisín le cuntas ar Dáithí mac Fiachrach (nó Nath Í, mar a thugtar air freisin). Píosa aisteach seanchais atá ann. Tá an teanga gar do Ghaeilge an lae inniu:

An tan tainig saighed ghealain do nemh chuigi co fuair bás 7 do cuiredar na sloigh spongc re lasadh na beol asa saoilfedh cách combeadh sé beo 7 gura bí a anáil do bheith ag techt amach tar a beol.

An uair a tháinig splanc thintrí de neamh chuige go bhfuair sé bás agus do chuir na sluaite sponc ar lasadh ina bhéal le go saoilfeadh cách go raibh sé beo agus gurbh é a anáil a bhí ag teacht amach as a bhéal.

Níor léigh mé faoin gcleas seo áit ar bith eile, ach ní bheadh ionadh orm dá mbeadh sé le fáil i scéalta eile ón mheánaois i dtíortha eile. Níl mé cinnte cé hiad na heochairfhocail ba cheart dom a úsáid le haghaidh cuardach Google.